
Is le haghaidh NetScape 1.1N nó níos moille atá na leathanaigh seo scríofa.
Gheobhaidh Meánscoil Feirste amach go luath an bhfuil an bua faighte acu ina sracadh cúig bliana le haghaidh aitheantais ó na húdaráis sna Sé Chontae.
Inné, dúirt urlabhraí le Roinn Oideachais na Sé Chontae go mbeadh cinneadh ann `gan mhoill'.
Beidh impleachtaí ag an socrú seo a théann níos faide ná an gnáthchinneadh nó feiceann an Rialtas i mBaile Átha Cliath an socrú seo mar shlat tomhais ar mhéid an dul chun tosaigh atá siad ag déanamh ina n-iarrachtaí le comhurraim a bhaint amach do náisiúnaithe ó thuaidh.
Tá breis ar dhá bhliain caite anois ag oifigigh Rialtais ag brú do dheontas don scoil agus thóg an Tánaiste, Risteard Mac an Earraigh, ceist na scoile go rialta ag cruinnithe den Chomhdháil Idir-Rialtasach.
Is rún don scoil dul ar aghaidh lena bhfeachtas má dhiúltaítear dóibh ach níl siad gan dóchas go bhfaighidh siad aitheantas an iarraidh seo.
`Tiocfaidh aitheantas luath nó mall mar níl an scoil seo ag imeacht áit ar bith,' arsa Séamas Mac Seáin, duine de choiste stiúrtha na scoile.
`Is scoil den chéad scoth í agus tá daoine ag vótáil ar a son trí bheith ag cur níos mó agus níos mó dá bpáistí chuici gach bliain. Thosaigh muid cúig bliana ó shin le naonúr páiste agus i mbliana beimid ag druidim le 200 dalta.'
Agus lean sé, `Ar ndóigh, b'fhearr dá dtiocfadh aitheantas stáit is deontas iomlán gan mhoill. Tá sé in am ag na húdaráis teacht isteach le scolaíocht lán-Ghaeilge go fonnmhar seachas bheith ag doicheall roimpi.
`Tá cruthaithe ag an scoil, arís is arís eile, go bhfuil sí beochumasach, go bhfuil sí ag fás ar ráta iontach gasta is, le cois air sin ar fad, d'éirigh leis an scoil in achan chigireacht is gach scrúdú ar chuir ionadaithe na Roinne uirthi.
`Tá súil agam go dtabharfaidh an Roinn an tacaíocht chuí le go dtiocfadh linn uilig, múinteoirí, tuismitheoirí, tacaithe, dul ar aghaidh lenár bpríomhghnó, sin oideachas den scoth a chur ar fáil do dhaltaí.'
Seo an ceathrú hiarratas ar aitheantas a rinne Meánscoil Feirste, atá ar an saol le cúig bliana anois.
Ba í an chéad mheánscoil Ghaelach sna Sé Chontae am a bunaithe i 1991 ach tá an dara scoil, Meánscoil Dhoire, ar an tsaol le dhá bhliain anois. Tá siadsan ag brú le haghaidh deontais, fosta.
Déanfar ceist na Meánscoile a phlé go mion ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, 17 - 19 Bealtaine.
Deir Ferghas Ó hÍr, Príomh-Oide Mheánscoil Feirste, go bhfuil siad dóchasach go bhfaighidh siad aitheantas luath nó mall.
`Ar dtús, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine aonaracha is na grúpaí is na heagrais uilig ar fud na tíre, agus i gcéin, atá ag tacú linn,' ar seisean.
`Ní féidir leis an Roinn Oideachais sna Sé Chontae nó le Rialtas na Breataine neamhaird a dhéanamh de cheist Mheánscoil Feirste nó tá brú á chur orthu i rith an ama.
`An bunrud atá le cuimhneamh i gcónaí, áfach, ná go bhfuilimid ag caint faoi oideachas, faoi oideachas do pháistí.
`Is é an rud atá ar bun againn anseo ná go bhfuilimid ag tairiscint rogha do na daoine sin ar mhaith leo go ndéanfaí a bpáistí a theagasc i nGaeilge.
`Níor cheart go ndéanfaí leatrom ar bith ar scoil i ngeall ar an teanga a úsáidtear mar mhodh teagaisc inti.
`Tá súil agam go ndéanfaidh an Roinn Oideachais athmhachnamh, go nglacfaidh siad leis an fhianaise uilig atá ann, fiú óna gcigirí féin, go bhfuil an scoil seo beochumasach, go bhfuil sí ag fás i gcónaí, go bhfuil caighdeán an léinn a cuirtear ar fáil iontach ard is go bhfuil sé thar am acu tacú linn.'
Síntiúis ó Ghaeil Mheiriceá a chuidigh leis an scoil a choinneáil ag gabháil do dtí seo mar aon le hairgead a chuir grúpaí is daoine ó gach cearn den tír.
Deir an tUas Ó hÍr go mbeidh an tacaíocht sin níos tábhachtaí ná riamh amach anseo má theipeann ar an iarratas is déanaí seo chun deontas a bhaint amach ó Roinn Oideachais na Sé Chontae.
Bhí comhartha dearfach ann don scoil ag tús na bliana seo nuair a cheadaigh an Roinn aistriú scrúduithe GCSE go Gaeilge.
Is é seo an chéad uair riamh a ghlac na húdaráis ó thuaidh le leagan Gaeilge de na scrúduithe. Beidh siad in úsáid i mbliana ag daltaí an chúigiú bhliain i Meánscoil Feirste nuair a dhéanann siad na scrúduithe GCSE.
Cibé rud a shocraíonn an Roinn Oideachais ó thuaidh, beidh an Rialtas ag cur spéis mhór ann.
Tá tamall maith caite ag na hoifigigh Rialtais i nGort Mhuire agus ag cruinnithe den Chomhdháil Idir-Rialtasach ag brú cheist na Meánscoile.
Beidh an chuid is mó de na himeachtaí in Óstán an Europa , an t-óstán is mó agus is aitheanta sa chathair.
Táthar ag dréim le corradh agus 200 toscaire bheith i láthair agus beidh réimse maith ábhar faoi chaibidil ann, go háirithe ceisteanna a bhaineann le cearta don phobal Gaelach ó thuaidh agus an feachtas ar son Bord Oideachais ar leith don phobal Gaelach sna 26 Chontae.
Ceann de na gnéithe is spéisiúla d'Ard-Fheis na bliana seo ná an dianchomórtas don Choiste Gnó.
Beidh ceathrar ball déag den Choiste le toghadh ag an Ard-Fheis agus tá go leor daoine ag iarraidh dul chun tosaigh ann den chéad uair.
Le cois ar na díospóireachtaí is plé, beidh réimse leathan d'imeachtaí eile sa tsiúl feadh dheireadh na seachtaine.
Mairfidh an Ard-Fheis ón 17 -19 Bealtaine.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chóras taistil nó faoi lóistín ach dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge.
Cuireadh 183 bó chun báis ar an fheirm i gCorcaigh nuair a fuarthas bó amháin sa tréad a raibh an galar uirthi.
Fritheadh 125 bó leis an ghalar sna 26 Chontae go dtí seo agus 1,650 sna Sé Chontae, ráta atá i bhfad níos ísle ná an ráta sa Bhreatain.
Ainneoin sin, cailleadh duine amháin i mBéal Feirste anuraidh i ngeall ar an aicíd CJD.
Ach níor fritheadh an saghas CJD atá coitianta sa Bhreatain in Éirinn go fóill.
Níl ríomhphost ar fáil