Laoidh an Amadáin Mhóir
Seán Bán 'ac Grianna, Rann na Feirste

As cainnt a thug Seán Bán 'ac Grianna
do Chumann Ghaelach Ollscoil na Ríona, Béal Feirste
in Ionad na bPreisbitéarach ins an ollscoil
am eighinteacht ag tarraingt ar dheireadh na 1960í.
Ciarán Ó Duibhín a thaifead an chainnt seo.

Éist leis        

'Nois, seo rud, agus is iongantach a' scéal é.

Dubhairt fear léighinn liom-sa uair amháin gur ghnáthach laoidhte fiannaidheacht' a cheol, gur sin mar d'aithristhí iad. Dubhairt sé, "Bhí sé mar sin céadtaí bliadhan ó shoin."

"Bhí," arsa mise, "agus tá go fóill." D'amharc sé orm. "Níor chan m'athair laoidh fiannaidheacht' 'riamh," arsa mise, "ach a' dranndán ceoil. Agus bhíodh sé mar sin 'na shuidh' ar a' chaithir nuair a chuaidh sé 'n aois, go dtí go bhfuair sé bás, agus badh é sin a bhíodh sé 'dheánamh leis féin, a' dranndán cheoil, aig aithris laoidhte fiannaidheacht'. Bhíodh laoidh aige a dtugadh sé "Laoidh 'n Amadaín Mhóir" air, agus seo mar d'aithris sé 'n laoidh go díreach, a' crónán agus a' dranndán leis.

Lá go rabh 'n t-Amadán Mór
I gCríocha Lochlannaigh na gceol caoin,
É féin agus a mhacaomh mná
'S níor ceileadh breághacht ar a' dís.

Neo b'aoibhinn teacht féir agus fonn
'Gus tormán na dtonn fá Lios na Sidhe,
Ba ghearr go bhfacthas a' Gruagach cóir
Ba bhreágh bhrat na gcuachann árd
Soitheach de dh'ór loiscthe leis ina dhorn
Cosail le corn 'na mbéadh 'n deoch.

Annsin a labhras an fhaoileann óg.. ní hé..
Bí go subhach 'óglaoigh mhóir,
Ná bí go dubhach agus ól deoch,
Annsin a labhras an fhaoileann óg,
Ná hól a dheoch agus ná blais a bhiadh
Ná go bhféachfaidh tú cén gleann
Nach rabh tú ann roimh' ariamh.

Ní rabh mis' ann roimh' ariamh,
'S ní bhéad a choidhche le mo ré,
'Nis cé is mór mo thart,
Molaim é a theacht ca bith é.

Deoch sin ghruagaigh 'n choirn
Ba dubhach cuirm i ndiaidh a hól,
Dá chois ón ghlúin síos
Gur b'iad a bhí 'ndíth 'n óglaoigh mhóir.

Annsin a labhras an fhaoileann óg
Nach bocht a' cás a thárluigh ort
Gan aon ar a' dhomhan chlár
Ar bocht leis thú gan chois.

Éist éist a fhaoileann óg
Coisc do bhrón agus ná deán tocht,
Ná má bhíonn aon chos ar a' dhomhan
Gheobh' mis' arís mo dhá chois.

Sin anois mar d'aithriseadh m'athair i gcomhnaidhe laoidhte na fiannaidheachta. Agsu tá daoine a rádh go rabh sé mar sin fad ó shoin. Ach tá sé mar sin go fóill. Anois.

Ach bhí siad i gCríoch Lochlannlach mar dubhairt mé, agus thug a' gruagach Dhún an Óir, thug sé corn na díghe dó agus chaill sé na cosa ó na glúine le draoidheacht.

Annsin d'fhág sé a bhean istigh agus d'iarr sé air aire 'thabhairt daoithe go bpilleadh sé arais. .. ag an Amadán Mhór mar deir sé.

Chuaidh sé 'mach agus d'athruigh sé 'éadach agus ar ndóigh tháinig sé 'steach agus sciob sé póg ón mhnaoi. Ach deireadh 'n laoidh gur "ghaiste an t-Amadán Mór ar a dha ghlúin ná seisear ar lúth na gcos". Sular imthigh 'n Gruagach bheir sé air, agus dubhairt sé

Béidh tú annsin go fóill
Cé is maith fós a bhfuil tú rádh
Go dtaraidh gruagach Dhún an Óir
Agus íocfaidh tú póg a mhná.

Thug sé cuid mhór gealltanas dó. Gheall sé naoi n-ultach(?) de dh'ór loiscthe dó, ca bith nár gheall sé, ach bhí 'n port céanna ar fad ar an Amadán Mhór:

Béidh tú annsin go fóill
Cé is maith fós a bhfuil tú rádh
Go dtaraidh gruagach Dhún an Óir
Agus íocfaidh tú póg a mhná.

Maith go leor. Fá dheireadh gheall sé ceann de na cosa dó. Níor labhair a' t-Amadán Mór. Nuair a fuair sé cos amháin chuir sé glac le braghaid agus dubhairt sé go dtachtfadh sé é mur dtugadh sé 'chos eile dó. Thug sé 'n chos eile dó annsin agus bhí cuirm mhór acu, agus ar ndóigh nuair a bhí 'n dán críochnuighthe, badh é 'n míniughadh agus a' réidhteach a bhí air gur deartháireacha 'bhí ionntu, ach gur chuir a' fear eile é fein as aithne.

Agus bhí cuirm mhór acu agus badh é sin "Cuairt an Amadaín Mhóir ar Chríoch Lochlainn". Agus bhí sin uilig canta i gceol. Ní smuainteochadh siad ar é aithris ar dhóigh ar bith eile ach i gceol mar dubhairt mé leat, an dranndán agus an crónán sin ar fad. Agus sin mar bhí na sean-laoidhte ag na seandaoiní uilig, nuair a bhí mise 'n mo ghasúr. Agus bíonn cuid den lucht léighinn anois a rádh go gcuala siad gur sin mar bhí na céadtaí bliadhan ó shoin. Ach thig liom-sa a rádh go bhfuighidh siad daoiní go fóill a dtig leobhtha na laoidhte a aithris mar bhí siad aig na seandaoiní. Anois chonnaic mé féin an méid sin agus chuala mé 'n méid sin, uilig.


Ciarán Ó Duibhín
2012/10/09
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite