"agh" agus "adh"
Caidé mar a deir an tUltach an focal seo: TADHG ?
"TIE-g" nó "TAE-g"?
Tá freagra na ceiste sin ar eolas ag na gasraí a scríobhann ar na ballaí
fá Sandy Row — "taig", a scríobhann siad agus a deir siad.
Nó smaointigh ar an tsloinneadh McKeague (Mac Thaidhg).
I gCúige Uladh, ní mar "eye" a fhuaimnighthear "adh" agus "adh" i
bhfhocla den tseort seo, ach mar bhéadh "ae" ann.
Mar an gcéanna leobhtha seo uilig:
laghad: LAE + ad
laghach: LAE + ach
adharc: AE + arc
ladhar: LAE + ar
Nó dearc ar an fhocal seo: AGHAIDH.
Deir daoine é seo go minic mar an focal Béarla "eye". Ach tá sé i bhfad níos simplí ná sin. Tá dhá chuid ins an fhocal: "agh" agus "aidh".
"AE" an fuaim atá ar an chéad chuid, agus "í" ar an dara cuid.
Aghaidh —> "agh" + "aidh" —> AE + í —> AEí.
Ar ndóigh, tá fhios againn go bhfuil dóigheanna eile le "agh" nó "adh" a rádh i suidheamhanna áirid. Nuair nach mbíonn béim an fhocail orthu, is ionann agus "u" iad: samhradh, madadh, lideadh, lár na coilleadh.
Agus, rud is mó tabhachta ná sin, bíonn fuaim "á" orthu i bhfocla áirid: ádh, adhmad, adhbhar, Sádhbha, Maghnus, Adhamh
Ach, i mbunús na bhfocal, agus an bhéim orthu, fuaimnighthear "adh" agus "adh" mar bhéadh "ae" ann.