Foghraidheacht na n-ainmneacha pearsanta
Le cupla scór bliadhain anuas, tá ainmneacha Gaelacha an-fhaiseanta. Ach 'sé an rud
atá aistidheach fána n-úsáid i gCúige Uladh — le lucht an Bhéarla agus leis an chuid is
mó de lucht na Gaedhilge — gur foghraidheacht neamh-Ultach a bheirtear orthu. Mar shampla:
Ainmneacha mná:
Siobhán: deirtear "shiv-AWN" de ghnáthach, ach 'sé
"SHOE-ann" an fhoghraidheacht Ultach:
"A Shiubhán Ní Dhuibhir 'stú bun agus bárr mo scéil". Tá fhios agam bean amháin as
Gaoth Dobhair a scríobhann "Siúán" le bacadh ar dhaoine "shiv-AWN" a thabhairt uirthi.
Sineáid: deirtear "shin-ADE" (Sinéad) de ghnáthach, ach 'sé
"SHIN-adge" an fhoghraidheacht Ultach:
"Éirigh a Shineáid 's cuir síos a' scilléad". "Seonaid" (SHAW-nidge) a deirtear in Albain.
Maighréad: deirtear "mur-RAID" de ghnáthach, ach 'sé
"MY-rid" an fhoghraidheacht Ultach:
Maighréad Ní Dhomhnaill, Maighréad Ní Mhaonaigh. Badh é an
tuigbheáil a fuair mé ó bhean toighe amháin i nGaoth Dobhair: Sé
"MY-rid" an Ghaedhilg ar "Margaret"; tá
"mur-RAID" ann fosta ach ainm eile ar fad é.
Áine: deirtear "ON-ya" go minic, ach 'sé "AN-yeh" an fhoghraidheacht Ultach.
Ach go fírinneach, ní rabh an t-ainm seo ariamh coitianta in Ultaibh, ach bhí rogha
ann eadar Anna agus Eithne.
Máire: deirtear "MOY-ra" go minic, ach 'sé
"MY-reh" an fhoghraidheacht Ultach.
Eithne: deirtear "ETH-na" go minic, ach sé
"EN-ya" an fhoghraidheacht Ultach, díreach mar
scríobhann an ceoltóir é.
Éilis: deirtear "EYE-lish" go minic, ach 'sé
"AY-lish" nó "AYLsh" an fhoghraidheacht Ultach ["ay" mar tá in "day"].
Ainmneacha fir:
Pádraig: deirtear "POD-rig" agus "PAW-rik" go minic, ach 'sé
"PWAD-rig" an fhoghraidheacht Ultach.
Eoghan: deirtear "OWE-un" go minic, ach sé
"AWE-un" an fhoghraidheacht Ultach. Tá dhá fhuaim éagsúla le
"o-fada" in Ultaibh, díreach mar tá
in Albain ins na focla céanna, agus is samplaí den dá fhuaim sin Eoghan (ò) agus Eoin (ó).
Tomás: deirtear "taw-MOSS" nó "taw-MASS" go minic, ach 'sé
"TOM-ass" an fhoghraidheacht Ultach.
Is cuimhin linn daoine nach n-abróchadh "taw-MOSS oh FEE-ich" cionnas nach rabh siad toilteanach
Gaedhilg a labhairt, ach bheireadh siad "TOM-as oh FEE" ar an duine, mar mhasla, dar leo.
Ach ina n-ainneoin féin, is iad a bhí á rádh i gceart, do réir fhoghraidheacht oirthear Uladh,
agus chan na Gaeilgeoirí sin a chuireadh snaidhm ina dteangaidh le "tom-OSS oh FEE-ich".
Seán: deirtear "SHAWN" go minic, ach 'sé "SHAN" (i dTír Chonaill) nó
"SHANE" in oirthear Uladh
an fhoghraidheacht Ultach. Sin an foghraidheacht a d'fhág Shane O'Neill, Shane Barnagh, Shane Crossagh,
McShane, Glenshane, Broughshane, srl, againn. Is fusa an fhoghraidheacht "SHANE" a thuigbheáil
ón litriú "Seaghán".
Tá ainmneacha eile ann agus is gnáthach le hUltaigh iad a rádh ar an dóigh Ultach:
Ciarán: "KEER-an", Michéal:
"MEE-hal", Máirtín: "MAR-cheen"
— gidh go gcluin tú corr
"keer-AWN" nó "mee-HAWL" nó "mar-CHEEN" ag Ultaigh fosta.
Amharc annseo fá choinne liosta de na hainmneacha a bhi in úsáid i measc teaghlaigh Ghaelacha le linn ré dhorcha na nGael in Ultaibh.