Aite, aiteas
Déarfadh an mhórchuid dena daoine go bhfuil siad eolach go maith ar an fhocal ait nó
aite. Is ionann acu é agus aistidheach — Is ait an mac an saoghal, nach eadh?
Caidé tá as an choitiantacht fá dtaobh de?
Tá, an méid seo, nach ionann ait(e) agus aistidheach — ag na hUltaigh, nó ag cuid acu.
Smaoitigh ar na hamhráin:
- b'aite liom féin bheith ar thaobh mhalaidh shléibhe
- codladh go headarthadh a b'aite liom féin
- b'aite le Nóra pís agus pónair, b'aite le Nóra
branndaí
- dá mbínn 'n mo tháilliúr ná 'n mo ghobha, 'n mo ghréasaí bróg a
b'aite liom
- do shúil ghorm ghlé fár thréigh mé aiteas is suairc
Chan ionann sin agus aistidheach. Is ionann b'aite liom sna hamhráin sin agus
ba phléisiúrtha liom nó ba bhreagh liom. Sé an aidiacht é
atá gaolmhar le aiteas.
Ach tá na scríobhnóirí Conallacha scoilte ar an cheist. Tá cuid acu
ag teacht leis na hamhráin, agus cuid eile leis an chiall aistidheach.
B'fhéidir gur le hOirthear Uladh ciall na n-amhrán, níos mó ná le cuid de
Thír Chonaill.
Ach cibé nach bhfuil ciall na n-amhrán acu, tá sí ag Seaghán 'ac Meanman:
Seaghán 'ac Meanman: Sgéalta Goiride Geimhridh, lch 25, líne 5
Annsin do thosuigh an ghaoth, ag teacht as gach uile áird acht an áird do b'ait linne, agus nuair do shocruigh an ghaoth, do chruinnigh an dubh-dhorchadas.
Agus tá aiteas ag Clann 'ic Grianna:
Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 86, líne 9
Ní h-ionmhuinn leis an righ-bhroc aoibhneas aiteas nó sport
(ón Dall 'ac Cuarta, Toighthe Chorr a' Chait)
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 165, líne 28
D'imthigh sé leis i gcuideachta an chuid eile de'n sgaifte, mar nach mbéadh a dhath ar a intinn ach
aiteas agus obair ionnraice.
He cantered away with the rest of the party, as if he hadn't a thought in the world except about pleasure and honest business.
Domhnall 'ac Grianna: Uaigheanna Chill Mhóirne, lch 277, líne 19
... rud éighinteacht greannmhar a bhfuil na daoiní i bhfáthach leis — spórt agus
aiteas, damhsa agus amhráin grinn.
... what the people want is something amusing — the race, the ball, the dance, the comic song.
Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 93, líne 8
Agus níor bhfada eile a siubhail sé nuair a chualaidh sé geantraidhe geal-gháireacha ag oibriughadh chuige mar bhéadh cuisle
aitis agus áthais ag bualadh i gcroidhe na h-oidhche.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 175, líne 18
Chuaidh mise agus Séamus isteach 'un a' bhaile mhóir, na bhíomar a' meas go rabh an t-am againn tamall
aitis a dheánamh.
Jim and I cuts off into the town, thinking we was due for a little fun.
Seadh, aiteas agus aoibhneas agus áthas agus spórt.
Ach ar an láimh eile:
Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 109, líne 28
Ait liom nach mbíonn ciall ag daoiní!”
Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 119, líne 2
Ach nárbh ait an scéala a bhí ag an mhaighistir poist?
Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 31, líne 20
“Sgian ait í seo,” arsa Holmes, ghá tógáil agus ghá sgrúdú go cúramach.
“This is a very singular knife,” said Holmes, lifting it up and examining it minutely.
Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 191, líne 14
“Cnuasach ait, leóga, ach tchífidh tú gur aite ná sin an sgéal atá ag baint leis.”
“Very curious, and the story that hangs round it will strike you as being more curious still.”
Tá ait ag Ó Dónaill ina fhoclóir, agus an chéad áit aige do chiall na n-amhrán:
ait 1, pleasant, likeable
ait 2, fine, excellent
ait 3, comical, queer
Bíodh sin mar atá, níl ceann ar bith de na foclóirí Béarla–Gaedhilge a bhéarfas
ait dúinn ar
pleasant nó likeable. Sé rud atá an liodán céanna acu uilig.
Ach tá ait ag a mbunús ar strange nó queer. Agus
nach aistidheach sin!
Ciarán Ó Duibhín
2007/05/01
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite