An: an, nó a''n?

An t-alt an: ca huair a deir tú ana''n?

Ainneoin gur ceist bhunúsach fá cruinn-labhairt na Gaedhilge í sin, ní fhaca mé ariamh freagra dá thabhairt uirthi.  Tháinig mé féin ar na riaghlacha seo, i ndiaidh stáidéar a dheánamh ar chainnt Johnny Sheimisin Uí Dhomhnaill, Sheáin Bháin 'ic Grianna, agus cainnteoirí cliúiteacha eile de chuid Rann na Fearsaide.

Cuid 1

Toiseochaidh mé le rud nach bhfuil ann ach cuid de riaghail. Ach tá sé furas a thuigbheáil, agus ní beag an tairbhe a dheánfaidh sé ach a leanstan. Bhéarfaidh mé uaim an t-iomlán den riaghail seo, agus na riaghlacha beaga eile, ar ball.

Is minic a leanann an t-alt an na briathra beaga sin agus bhí. Bhuel, nuair a leanann, is cóir i gcómhnaí an t-alt a ghearradh síos sa chainnt go 'n.

Dornán samplaí de bhí 'n, ó na chéad duilleogaí de Mo Dhá Róisín le Séamus 'ac Grianna.  Tá an litriú athraithe agam leis an chainnt mar a chantar í a chur in umhail.  (Níl mé á mhaoidheamh go bhfuil siad litrighthe mar seo sa leabhar, nó níl.  Ach is samplaí iad de na suidhimheanna ina ngearrfaí an t-alt sa chainnt, do réir na riaghlach seo.)

lch 7, líne 24: bhí 'n Sasanach buailte

lch 9, líne 16: bhí 'n Ghaedhilg aca go luthmhar bríoghmhar blasta filiúnta

lch 12, líne 2: bhí 'n ráidhte seo féin ro chasta fá na coinne

lch 17, líne 24: bhí 'n Cailín Donn le feiceáil aige

lch 22, líne 13: 's agat ariamh a bhí 'n chiall

lch 4, líne 24: nuair a tháinig mé ar amharc na roilige bhí 'n duine le feiceáil agam ar an uaigh mar dubhairt a' ghiorsach

lch 4, líne 36: lár a' t-samhraidh a bhí ann agus bhí 'n trathnóna íontach socmaidhe

lch 9, líne 22: bhí 'n teangaidh go h-íontach neartmhar a chois teineadh a' Bhaoigheallaigh nuair a bhí Labhras Óg a' teacht aníos

lch 14, líne 8: bhí 'n mhaidín deas ciúin nuair a shroich a' dá Labhras a' chaslaigh, agus bhí 'n chuid eile don fhuirinn 'na suidhe ar na carraiceacha a' fanacht leó

lch 17, líne 16: nuair a bhí 'n t-iasg rósta agus a' taé amuigh, tugadh 'n t-arán i lathair agus shuidh na fir thart a dheánamh a gcodach

lch 19, líne 12: bhí oiread do lasta inntí agus go rabh 'n sgaileóg a' teacht ar bórd agus do bhárr ar an ádh, bhí 'n taomán caillte

Agus mar an gcéanna, dornán sampla de tá 'n ó na chéad duilleoga de Indé agus Indiu le Seaghán 'ac Meanman: 

lch 7, líne 12: tá 'n tír náirighthe againn

lch 21, líne 11: is leat féin atá 'n sgeul mór

lch 28, líne 22: tá 'n chaill deánta anois

lch 32, líne 11: tá 'n chuid eile fá chomhnuidhe,” arsa seisean

lch 32, líne 35: tá 'n rud eadar dhá cheann na meidhe

lch 63, líne 24: tá 'n t-am caithte

lch 6, líne 16: chomh cinnte a's tá 'n Cháisg ar a' Domhnach.

lch 25, líne 12: tá 'n t-urra agus a' t-ughdarthas agam-sa leis a' sgeul nach dtiocfadh a shárughadh

Ar ndóigh tá samplaí eile den alt fríd na habairtí sin, nach bhfuil ag teacht i ndiaidh bhí. Gearrtar an t-alt i gcuid acu agus ní ghearrtar i gcuid eile. Bhéarfar na riaghlacha daobhtha sin ar ball.

Ach béidh tús maith deánta againn má chuimhnigheann muid ar an méid seo: i ndiaidh agus bhí, gearrtar an t-alt i gcónaí anuas go dtí 'n:
bhí 'n Sasanach buailte
tá 'n t-am caithte


Cuid 2

Caidé tá speisialta fá agus bhí, mar sin? Níl a dhath, ach go bhfuil guthaidhe ina ndeireadh. Tá an riaghail chéanna ann i ndiaidh ghuthaidhe ar bith.

Gearrtar an t-ailt an síos go 'n sa chainnt i ndiaidh focail ar bith dár críoch guthaidhe.

Sin anois leagan is iomláine den riaghail ná an ceann a bhí againn i gcuid 1.

Seo dornán samplaí de ghuthaidhe roimh an alt. Tig cuid de na samplaí seo díreach ón scéal Gruagach a' Ghaiste, ar a aithris le Johnny Sheimisín Ó Domhnaill, an áit a gcantar iad mar atá siad scríobhtha annseo:
briathra: bhí 'n, tá 'n
forainmneacha: chonnaic mé/tú/sé/sí 'n fear (ach: chonnaic muid/sibh/siad a' fear);
                mise, tusa, sise, sinne, sibhse (ach: seisean, siadsan);
                thaínig mise 'n bealach seo;
                steall sé 'n ceann de;
                chodluigh sé 'n chuid eile den oidhche;
                leig sé 'n t-éan ar shiubhal;
                dubhairt sé 'n dóigh a rabh sise ag cur suas leis
réamhfhocla: do'n, de'n, ó'n, faoi'n;
                go dtí 'n truaill
focla eile:
                goidé'n féirín é;
                arsa'n fathach; arsa'n t-éan;
                a' mac ba sine 'n chéad lá;
                féile 'n earraigh


Agus is leor an focal roimhe bheith ag críochnú le fuaim guthaidhe, le go ngearrtar an t-alt anuas go 'n.  Bheir sin isteach deiridheacha mar -adh, -idh, -abh, -ogh, -igh.
-adh: go muirfeadh 'n fathach é;
                deireadh 'n lae (ach: tús a' lae)
-idh: musgólaidh 'n sréin mé
-gh: d'éirigh 'n chailleach;
                mac ghruagaigh 'n ghaiste (ach: gruagach a' ghaiste)
-abh: go rabh 'n cró 'bhí aici
-ogh: chraith nighean a' riogh 'n sréin

Sin anois an leagan deireannach den riaghail seo: Gearrtar an t-alt an síos go 'n sa chainnt i ndiaidh focail ar bith dár críoch guthaidhe nó fuaim guthaidhe.

Caidé éirigheas don alt nuair nach mbíonn fuaim guthaidhe roimhe? Á, sin scéal don chéad chuid eile... gidh go rabh leideadh nó dhó ann cheana féin!

Cuid 3

Caidé ghníthear leis an alt nuair nach mbíonn fuaim guthaidhe roimhe?

Tá sin simplí go leor. Ar dtús, coinnigh an a.

Ach an imtheochaidh an n nó an bhfanfaidh sé? Tá sin ag brath ar an rud a thig ina dhiaidh.

Más consoin a thig roimh an alt, agus más guthaidhe (nó fh) a thig ina dhiaidh, coinnigh an n fosta, .i. coinnigh an t-alt ina iomláine.

Mar shampla:
san abhainn, san ubhall, san fhuinneog, san fhairrge
ar an abhainn, leis an ubhall, ag an fhear, leis an fhaill
tús an amhráin, tháinig an fhaill, os cionn an fháinne

Ach más consoin a thig roimh an alt, agus más consoin a thig ina dhiaidh, caith amach an n agus deán a' den alt.

Mar shampla:
sa bhaile, sa bhéal, sa toigh,
fríd a' bhaile, chun a' bhaile, ar a' bhéal, ag a' toigh, chun a' toighe,
gruagach a' ghaiste (cf. mac ghruagaigh 'n ghaiste),
tús a' lae (cf. deireadh 'n lae),
slat a' bhéil, fág a' bealach, ar a' bhealach, cead a' bhealaigh,
ar a' chéad lá, ar a' dara lá, tháinig a'


Mar sin, ní féidir freagra amháin a thabhairt ar cheist mar "Caidé 'n dóigh a chantar rud mar an bealach i gcainnt nádúrtha?"  Mar tchí muid, 'sé rud a ghníthear a' bealach'n bealach de, ag brath ar an rud atá roimhe: tháinig siad a' bealach seo, ach: thaínig mise 'n bealach seo

Acoimre ar an riaghail

• i ndiaidh fuaim guthaidhe: 'n
• i ndiaidh fuaim consoin agus roimh fuaim guthaidhe: an
• i ndiaidh fuaim consoin agus roimh fuaim consoin: a'

Is féidir an riaghail a chur in umhail le sraith bheag abairtí mar iad seo:

                deireadh 'n earraigh
                deireadh 'n tsamhraidh
                tús an earraigh
                tús a' tsamhraidh

Nó iad seo:

                bhí 'n fhuinneog druidte
                bhí 'n doras druidte
                druid an fhuinneog
                druid a' doras

Nó iad seo, áit a scríobhthar go beacht an rud a chantar:

                do'n fhuinneog
                do'n doras
                san fhuinneog
                sa doras

An riaghail a chleachann muid cheana féin sa scríbhinn sa chás deireannach seo, níl sa rud seo uilig ach í a leathnú agus a chur i bhfeidhm inár gcuid cainnte, cibé'r bith rud a thig roimh an alt.

Rud suimeil fán riaghail nach leigeann sé dúinn a choidhche iomlán an ailt a chaitheamh amach. Fiú má tá guthaidhe roimhe agus consoin ina dhiaidh, fanfaidh an 'n. Dá leigthí don alt imtheacht as ar fad, ní bhéadh duifir fágtha eadar, abair, bhí 'n doras druidte agus bhí doras druidte, agus chuirfí ciall na habairte — ar cuid daoithe an t-alt — i gcontabhairt a ceilte. Ní hionann sin agus ag, mar shampla, sa tsraith seo:
                bhí mé 'g amharc
                bhí mé 'teacht
                bhí muid ag amharc
                bhí muid a' teacht
Thig leis an ag tuitim amach go hiomlán gan ciall na habairte a chur i gcontabhairt, agus ghní sé sin.

An rud a chuir a smaoitiú ar seo mé, ag éisteacht le Scéaltái Johnny Sheimisín dá léigheamh ar CD, áit a n-abartar rudaí mar chun an bhaile, slat an bhéil, chun an toighe, srl. nach n-abórfaí go nádúrtha, cuma cé comh fadálach is a bhéifí ag cainnt. B'fhéidir gur iarradh ar na cainnteoirí an n a fhuaimniú, cionnas go bhfuil sé scríobhtha, ar neamhchead do ghnáthas cainnte na teangtha. Ach de réir an ghnáthais sin: chun a' bhaile, slat a' bhéil, chun a' toighe.


Ciarán Ó Duibhín
2007/02/11
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite