Béal Fearsaide


Níl annseo ach poinnte iongantach simplí, ach poinnte gur mór liom é: ba mhian liom go dtabharfadh daoine an t-ainm ceart Gaedhilge ar an bhaile seo cois cuain ina bhfuil muid inár gcomhnaí.

Tá a lán daoine, ar ndóighe, a bheir an t-ainm ceart ar an bhaile cheana féin, ach tá cuid mhór eile nach dtugann, agus is innti atá go leor acu sin ina gcomhnaí.

Agus caidé an t-ainm ceart ar an bhaile? Tá, Béal Fearsaide (le fuaim "a"). Chan "Béal Feirste" (le fuaim "e") nó "Béal Feiriste" (le fuaim "e" agus siolla de bhreis) — ach "Béal Feairste" (le fuaim "a").  Níl mé buadhartha annseo — bhuel, níl mé ró-bhuadhartha — fán dóigh a litrightear é, fhad is go n-abairtear i gceart é.

Agus caidé mar atá fhios agam go bhfuil sin ceart? Bhuel, tá dhá cúis agam le sin a rádh. Sa chéad áit, sin an rud a innseann an leagan Béarla dúinn: BelFAST; nó roimhe seo, Belfarset. Is gnáthach linn a ghlacadh leis nach bhfuil sna logainmneacha Béarla againn ach truailliú ar na bunleaganacha Gaedhilge - agus tá sin fíor i dtaca leis na leaganacha scríobhtha de. Ach i dtaca leis na leaganacha labhartha, is fiadhnaise iongantach beacht iad de ghnáthach ar an dóigh a deirtí an t-ainm sa chanamhain áiteamhail den Ghaedhilg, agus níl ach amaidí do lucht na Gaedhilge a bheith ag tabhairt "Limawady" ar "Léim a' Mhadaidh"/Limavady, nó "Belferscha" ar "Béal Fearsaide"/Belfast.

Tig an t-ainm ón fhearsaid a bhíodh annseo, agus 'sé an fhoirm áiteamhail den ghinideach, mar is léir — na fearsaid(e) — is léir nach gcailltear an siolla láir agus nach gcailltear an "a" sa phríomh-shiolla; má chailltear a dhath, cailltear an siolla deiridh. Tá sé againn i gceart, i nGaedhilg agus i mBéarla, in Abhainn na Fearsaide / Farset River. Níl le deánamh ach é a chleachtadh in ainm an bhaile féin.

An dara cúis, éist le cainnteoir ar bith ó Thír Chonaill ag rádh an ainm. "Béal Feairste" a deir siad uilig. Agus ar ndóigh tá áit eile thiar annsin a bhfuil an bunús céanna lena h-ainm: Rann na Feairste. Deir na Conallaigh arís Rann na Fearsaide, chan Rann na FeirsteRann na Feiriste, agus ba chóir dúinne aithris a dheánamh orthu. Is cuma fá "rinn" nó "rann" i dtús an ainm, ach ní cuma fán fhuaim "a" sa tsiolla ar a dtuiteann an meadhchan.

Níl mórán le rádh in éadan an litriú "Béal Feairste"/"Rann na Feairste" ach rud amháin, sé sin, nach bhfuighthear a choidhche "rs" caol i nGaedhilg Uladh gan a dheánamh leathan — deir muid tursach in áit tuirseach, agus farsaing in áit fairsing, mar shampla.  Mar sin de, is fearr fearsaide a scríobhadh sna hainmneacha seo ná feairste.  Ach ná tuigtear as an litriú seo nach féidir an tuaim a ghiorrú; is féidir, ar dtús, an "e" ag an deireadh a leigin ar shiubhal; agus eadhon is féidir a choimhriú anuas go dtí siolla amháin, Fearst', ar acht an "rs" a fhágáil leathan, le linn an "t" a bheith caol.  Agus sin deánta, is ar éigean atá duifir eadar an tuaim i nGaedhilg agus an gnáthfhuaimniú ag muinntir an Bhéarla, agus is deagh-chomhartha cruinnis an méid sin féin.


Ciarán Ó Duibhín
2006/03/19
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite