DIA DHUIT, etc.

Ba mhaith liom smaoitiú beag a dheánamh ar an áit a chuireann muid an meadhchan in trí nó cheithre cinn de na rudaí is coitianta a deir muid achan lá dár saoghal.

Cuir i gcás go rabh mé ag siubhal síos an tsráid, agus gur casadh cara orm, agus gur dhubhairt sé liom Dia DHUIT, a Chiaráin! Shílfeá, ón áit a leagadh an meadhchan, go rabh mo chara ag iarraidh a dheánamh soiléar gur domhsa go speisialta seachas do dhuine ar bith eile ar na gaobhair a bhí Dia á luadh aige. Ní thiocfadh a leithéid isteach in mo cheann dá n-abróchadh sé liom DIA dhuit, a Chiaráin!

Is de chainnt nádúrtha i dteangaidh ar bith, an meadhchan a chur ar an chuid sin den abairt a bhfuil an nuaidheacht innti, agus chan ar rudaí atá os coinne na bpáirtithe cheana féin. Dá gcuirfí ceist ort "Ca háit a deachaidh tú inniu?" agus má d'fhreagar tú "Chuaidh mé go lár an bhaile inniu", is ar lár an bhaile a chuirfeá an meadhchan, chan ar cheann de na rudaí a bhí sa cheist cheana féin—chuaidh, mé, inniu.

Le Dia dhuit! 'sé an nuaidheacht go bhfuil Dia á luadh liom: DIA dhuit! An rud céanna ar ndóigh le DIA dhíbh!; agus annsin le SLÁN leat, SLÁN agat, etc.

Cinn eile den chineál chéanna Tá fhios AGAM agus Níl fhios AGAM. Nach Tá FHIOS agam agus Níl FHIOS agam a ba chórtha a rádh?

Agus annsin tá Maith THÚ! againn. Bhí sampla deas de sin tamall ó shoin nuair a bhí cuirm cheoil sa Chultúrlainn le Skara Brae agus Paddy Glackin. Bhí Paddy i ndiaidh píosa ceoil a sheinnm, agus nuair a bhí sé réidh, arsa Tríona Ní Dhomhnaill leis MAITH thú, 'Phaidí! Bhain glaine agus acoimreacht na habairte sin an anáil den lucht éisteachta. In áit a bheith ag streachailt go hanásta le Maith THÚ, a PHAIDí! nó a leithéid, níor dhubhairt sí ach MAITH thú, 'Phaidí! Agus bhí ceacht annsin.

Molaim mar sin:
• DIA dhuit, DIA dhíbh
• SLÁN leat, SLÁN libh, SLÁN agat, SLÁN agaibh
• tá FHIOS agam, níl FHIOS agam, 'bhfuil FHIOS agat
• MAITH thú, MAITH sibh
in áit an meadhchon a chur ar an chuid is neamhshuimeamhla den abairt.


Ciarán Ó Duibhín
2002/04/10
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite