Beinn

Caidé mar chuirfeá Gaedhilg ar he doesn't mind the weather?  Nó ar he's not afraid of hard work. An focal céanna a fhóireann sa dá chás.

Le cuidiú na bhfoclóirí, gheobhaidh tú ní miste leis fán aimsirníl eagla air roimh obair chruaidh. Ach seo an rud atá de dhíth orainn:
níl beinn aige ar an aimsir
níl mórán de bheinn aige ar obair chruaidh

Is cosmhail é ar bhealach le áird ach go mbíonn beinn rud beag níos buaine ná áird, dar liom féin.

beinn (ÓD beann2, ach chan mar sin a deirtear é in Ultaibh)

Is iongantach an réimse de leaganacha Béarla a fhreagrann beinn daobhtha.  Is dóiche gurab é an focal heed an focal Béarla is deise dó, ó thaoibh réimse de.

1. roimhe chruadhtan de chineál ar bith: droch aimsir, obair chruaidh, ocras, etc. [not to mind, be afraid of, be heedful of, be worried/troubled by]:

(aimsir)

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 189, líne 29
Ach de réir chosamhlachta, ba bheag beinn a bhí ag aos óg Ghleann Ceo ar an fhuacht nó ar an dorchadas nó ar na ceathaideacha cloch-shneachta.
[they didn't mind it, it didn't bother them]

NB: Chan aonad é "beag beinn".  In áit Tá sé beag beann ar X, is fear a rádh Is beag a bheinn ar X.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 143, líne 14
Acht diabhal a rabh ['e] bheinn againn ar a' doininn.

Séamus 'ac Grianna: Le Clap-Sholus, lch 123, líne 32
Gan beinn aicí ar a' dílinn a bhí fúithe ná ar a' dílinn a bhí ós a cionn.

Séamus 'ac Grianna: Le Clap-Sholus, lch 86, líne 20
Annsin tháinig toirneach agus soillsí, acht ní raibh beinn ar bith ar sin acht 'oiread aca.

(obair)

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 98, líne 22
Bhí an obair trom agus maslach; bhí an “poll dubh” dorcha, plúchtach, contabhairteach; ach bhí sé óg, aigeantach, urradhanta, agus cha rabh beinn aige air.
[he didn't mind it]

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 124, líne 4
Arú, cha rabh beinn ag an fhear udaidh ar bhalla cruaidh guail — cha rabh ach oiread le balla clábair!”
[it was nothing/no problem to him]

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 147, líne 6
Cha rabh a dhath de bheinn agam ar lá cruaidh oibre ach oiread le h-imirt chnaipí.
[it was/meant no more to me than...]

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 147, líne 27
Cha rabh a dhath dhe bheinn agam ar Earrach na bliadhna sin ach oiread le cuartughadh neadrach.
[I wasn't thinking/worrying about it any more than...]

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 86, líne 12
“Chan fhuil mórán de bheinn acu ar obair mhaslach,” arsa Cathal Óg.
[they don't mind it, aren't bothered by it, aren't afraid of it]

(ocras)

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 18, líne 13
Ní rabh beinn aige ar an ocras mórán, ach chuir díoghbháil an uisce pianach iongantach air...
[he didn't mind it]

(troid, pian, námhadas, cúl-chainnt)

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 73, líne 9
“Mur' dtarraidh an dubh-sgaifte aca ní bhéidh beinn againn ortha,” arsa fear amháin.
[they won't bother us/be any problem for us]

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 60, líne 17
Ní rabh beinn aca ar na smaichtíní a rabhthar dhá ngreadadh leó.
[they weren't afraid of it]

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 409, líne 72
D'umhluigh sé agus d'imthigh sé, agus gan beinn ar bith aige ar an uaill mhagaidh a chuir siad leis amach ar an doras.
[he wasn't bothered by it]

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 171, líne 27
Ba bheag a beinn ar chúl-chainnt.

(triail)

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 190, líne 17
Bhí sgaifte mór gasúr annsin, cultacha deasa éadaigh ortha, neart Béarla aca agus cuma ortha go rabh siad comh heolach is nach mbéadh beinn ar bith aca ar a' sgrúdughadh.
[it would be no trouble/bother to them]

2. eagla agus urraim san am chéanna, roimhe dhaoine don chuid is mó

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 127, líne 4
“Is furas aithne nach bhfuil mórán beinn ar athair nó ar mháthair ag gasúr ar bith a chuirfear un na sgoile agus chaithfeas a' lá i bhfolach sa chladach.
[he is not afraid of them]

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 170, líne 20
“B'fhéidir gur mó an bheinn atá ar Dhia ag Máire Ruadh 'ná tá ag cuid dá mbíonn a' cúl-chainnt uirthí.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 116, líne 27
... fá chionn chupla bliadhain eile nuair nach mbíonn beinn againn ar a' sgoil nó ar a' mhaighistir.”
[you won't be thinking/bothering about them]

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 133, líne 5
Ní bheidh beinn agat ar fhearsaid Ghaoth Snagáin feasta,” ar sise le Róise.
[it will hold no terrors for you, you won't be afraid of it again]

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 241, líne 10
Do réir chosamhlachta ní raibh beinn aicí ar aon ghnás ná ar aon riaghail dá raibh riamh i Ros na bhFeannóg.
[she was not bothered/concerned about them]

Séamus 'ac Grianna: An Clár is an Fhoireann, lch 145, líne 31
Phósfaidhe thall iad, agus ní bheadh beinn aca ar aon duine!
[they needn't care what anybody thinks]

Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 142, líne 33
Mar nach rabh beinn ariamh aige ar bharamhail aon duine eile, ní rabh náire ar bith air, acht é ag caoineadh leis mar nach mbéadh aige acht é féin.
[he never bothered what anyone else thought of him]

Seosamh 'ac Grianna: Dochartach Dhuibhlionna, lch 9, líne 8
Acht ní rabh beinn ar bith agam air.
[I wasn't worried/fearful about him.]

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 133, líne 22
Chuir sé a mhallacht ar an chladach inar cailleadh a mhac, sul ar chuimhnigh sé nach bhfuil binn ag an fharraige ar eascainí.
[it is no respector of...]

Aindrias Ó Baoighill: Sgéilíní na Finne, lch 25, líne 31
“Ní'l a dhath dhe bhinn agamsa ortha” arsa an madadh ruadh, “tá an oiread sin cleas agam is go dtig liom imtheacht ortha, is cuma caidé an dóigh a dtiocfaidh siad orm.
[I'm not afraid of them]

Séamus Ó Searcaigh: Cloch Cheann-Fhaolaidh, lch 31, líne 22
Níor bh'iongantas gur bheag an bhinn a bhí ag Mac Suibhne ar Shasanaighibh fhad is
bhí an dún seo aige.


beag 'e bheinn! - no fear!

3. beinn a bheith agat ar d'anam: to care about/be mindful of your spiritual welfare

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 191, líne 4
Girseach mhaith chneasta í a bhfuil beinn ar a h-anam aicí.

Séamus 'ac Grianna: Caisleáin Óir, lch 160, líne 17
Bhí mé cneasta cráibhtheach agus beinn agam ar m'anam, cé go mb'fhéidir go sílfeá indiu gur crais-diabhal Micheál Dubh Ac Suibhne nár ghéill ariamh do Dhia nó do Mhuire.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 162, líne 1
Bhí siad ar ndóighe 'na bhfearaibh maithe cneasta, agus beinn ar a n-anam aca.

Tabhair faoi dear go dtéid cneastacht le beinn a bheith agat ar d'anam.
Ar phoinnte gramadaighe: beinn acu ar a n-anam (chan "ar a n-anamnacha").

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 103, líne 8
... má tá beinn ar d'anam agat dhéanfaidh tú do shíothcháimh le Dia cómh tiugh géar is thig leat.

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 119, líne 27
Ag iarraidh 'chur i n-umhail go rabh beinn ar anam aige, 'déanamh go rachadh sé ar sochar dó ar a' tsaoghal seo.

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 190, líne 35
'Sé sin má tá beinn ar a h-anam aicí.


Tír Eoghain: an scéal fán bhuachaill a leig air féin gur cailín a bhí ann, agus go rabh sé toilteanach an seanduine seo a phósadh — bhí sé de gheall ar a chuid airgid a fhagháil uaidh. Sé a dubhairt an seanduine leis, le tréan iongantais: An bhfuil beinn agat orm? [do you care about me? do you be thinking about me?]


Ciarán Ó Duibhín
2006/10/23
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite