Camóg
Chan "comma" í i gcainnt Thír Chonaill — nó cailín a imreas
camógaidheacht ach oiread!
Ach tá dhá úsáid leis an fhocal ag na scríobhnóirí Conallacha.
1. camóg araidhe: ball ar gach taoibh den éadan, temple
Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 87, líne 4
Chuach sé é féin isteach i gcoirneál ina ghucaide, agus a dhá dhorn ar a dhá
chamóig araidhe.
Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 85, líne 17
Bhí an dá chamóig araidh agus lag ionntu; bhí an t-éadan mar bhéadh carraig ruicneach ann.
Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna, lch 83, líne 4
Bhí ruicne beaga ar chlár a h-éadain a's bhí léithe bheag ar a camóig araidh.
2. ar chliabh, áit a bhfaghtar greim air. Is cosmhail, ón mhíniú a bheir FGB uirthi —
chink — gur poll
nó beárna eadar na slatacha í.
Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 98, líne 5
Ní rabh camógaí ar bith aige ann, cá bith mar thógfaidhe ar dhuine é, nuair a bhéadh a lán
mónadh nó preátaí nó leathaighe nó feamnaighe ann.
Pádraig Ó Gallchobhair: Cáitheamh na dTonn, lch 19, líne 29
Líon sé cliabh de'n fheamnaigh, bheir sé air fá na camógaí, thóg ar chloich bhí in aice leis é,
agus chuir ar a ghualainn é.