Can

In amannaí, síleann daoine gur "can" an Ghaedhilg atá ar "sing" an Bhéarla, agus bheir sin orthu rudaí mar seo a rádh:
beidh Seán ag canadh ar an chéilí anocht
canann sé leis an ghrúpa sin
can amhrán, le do thoil!
chan siad go maidin
(amhránaidheacht atá i gceist!)
Níl na dóigheannaí cainnte sin nadúrtha i nGaedhilg Uladh.

Tá dhá cheist le freagairt:
• Caidé an úsáid atá le "can" i nGaedhilg Uladh?
• Caidé mar a b'fhearr dúinn na habairtí sin thuas a rádh?

An úsáid atá le "can" i nGaedhilg Uladh:
A leithéid seo:
"chan sé leis fán chogadh" = "labhair sé tamall fada ar an chogadh"
Is ionann "can" againne agus "abair", ach mothú beag leadráin leis sa tsampla sin, nó mothú beag fileamhanta leis sna samplaí seo:
"is tú a chan an fhírinne!"
"sé dubhairt mé léithe gur chan sí an bhréag"
"na briathra/ranntaí a chan an file"
Agus, dála an scéil, chan é "canadh" ach "canstan" an t-ainm briathardha.

Nuair nach luaidhtear cuspóir le "can", ní bhíonn ceol intuigthe:
"chan siad go maidin"
"bhuailtí na páistí as a bheith canstan Gaedhilge i dteach na scoile"
Cainnt is cóir a thuigbheáil astu seo, chan ceol.
Thig a rádh "chan sé amhrán" ach ní dheánann sin an t-amhrán a dhath níos ceolmhaire ná bhéadh "dubhairt sé amhrán".

Caidé déarfaidh muid ar "sing" mar sin? Bhuel, seo mar chuirfinn féin Gaedhilg ar na habairtí sin thuas, nuair is ceol atá i gceist:
beidh Seán ag gabháil cheoil ar an chéilí anocht
ceolann sé leis an ghrúpa sin
abair amhrán, le do thoil!
cheol siad go maidin
Seadh, d'ól siad agus cheol siad.

Mura bhfuil mórán duifir eadar "can" agus "abair" i gCúige Uladh, théid an scéal céim níos fuide ar aghaidh in Albain. Annsin is é "can" an focal coitianta ar "abair". "Can seo!" = "abair seo".


Ciarán Ó Duibhín
2002/08/26
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite