Ceap

Baineann lucht foghlamtha na Gaedhilge úsáid as an fhocal seo ar thrí dhóigh nach bhfuil do réir dhúthchas na nUltach:

 1. "ceapaim nach mbéidh an bhuaidh acu"

 Déarfadh Ultach: sílim, measaim, sé mo bharamhail

 2. "sé an Dall mac Cuarta a cheap an dán seo"

Déarfadh Ultach: a chum, a rinne

Tchí tú "ceapadóireacht" go minic ar "prose composition", ach sé "cumú cainnte" a thug Séamas Ó Creag uirthi.

 3. "ceapadh Seán Ó Domhnaill ina árdmhaistir ar scoil an Chnuic inné"

Déarfadh Ultach rud eighinteacht mar "Fuair Seán Ó Domhnaill an post mar Árdmhaighistir ar Scoil an Chnuic inné" nó "Rinneadh árdmhaistir ar Scoil an Chnuic de Sheán Ó Domhnaill inné" nó "Tá Seán Ó Domhnaill ina ÁrdMhaistir ar Scoil an Chnuic ó inné."

Dá mbeitheá ag tuairisciú an scéil i nGaedhilg, déarfá, b'fhéidir:
"Sé Seán Ó Domhnaill an t-árdmhaighistir úr ar Scoil an Chnuic. Tugadh an post dó i ndiaidh cruinniú aréir..."

"Tá árd-mhaighistir úr ar Scoil an Chnuic. Tugadh an post do Sheán Ó Domhnaill i ndiaidh cruinniú aréir..."

Ach an té a scríobhfadh "ceapadh é" — nó níos measa arís "tá sé ceaptha" — agus go háirid an t-Ultach a scríobhfadh é, creidim go mbéadh leagan Béarla den scéal ina intinn, agus an focal "appointed" ann. Dá mbéadh sé ag smaointeadh i nGaedhilg, ní dóigh liom go dtiocfadh an focal "ceap" isteach ina cheann ar chor ar bith.

An chiall atá le "ceap" in Ultaibh (agus in Muigheo): block, stop, trap, catch; m.sh. ceap an bhó sin, ceap an liathróid, cheap sé an feileachán eadar a lámha.  Agus anois tchí tú an chiall a bhainfeadh Ultach as "tá múinteoir úr ceaptha"!  Fuarthas greim air, nó cuireadh bac air, nó níor leigeadh dó imtheacht mar ba mhian leis!  Is iomaí dóigh lena rádh go bhfuair duine post, nó gur tugadh post dó, gan a rádh gur ceapadh é nó go bhfuil sé ceaptha.


Ciarán Ó Duibhín
2003/01/12
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite