Ceart-fhoirmeacha eile

"Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d'fhoirmeacha agus do rialacha áirithe ach ní chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná teir ná toirmeasc ar a n-úsáid." — Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge, an Caighdeán Oifigiúil

'Seadh, ach caidé an rud "ceart-fhoirm eile"?  De dhíoghbháil an eolais seo, is gnáthach le lucht eagair toirmeasc a chur orthu agus na foirmeacha caighdeánacha a chur ina n-áit. Bhuel, tá a mbunadhas in FGB, ach gan de mharc orthu ach mar leaganacha malairteacha (var.), nó gan ionntu ach cros-tagairt don fhoirm chaighdeánach, agus gan leideadh leo a choidhche cé an chanamhaint ina bhfaghtar iad.

Seo anois liosta beag de cheart-fhoirmeacha Ultacha, nó de cheart-fhoirmeacha Conallacha a ba chórtha a rádh.  Béidhfear ag cur leis.

• FGB: Foclóir Gaeilge–Béarla Uí Dhónaill
• Tá (*) leis na leaganacha Conallacha NACH bhfuil in FGB.
• GMT: Giota maith 'un tosaigh, leabhar scoile le hAntoine Ó Dochartaigh, 1913.
• Minic go leor a thig an fhoirm Chonallach leis an fhoirm in Albain.

Duifear i dtaca le hinscne de

Tá siad seo baininscneach ar fud Thír Chonaill:
buaidh, gu. buaidhe, iol. buaidheannaí [CO: bua]; Glún na Buaidhe
cliú [CO: clú]
conndaidh [CO: contae]; daoine móra na conndae
feall, gu. feille [CO: feall, gu. fill]; Bruidhean Feille
gorta, gu. gorta; a' Ghorta Mhór
*tábhairne, gu. tábhairne, iol. tábhairní; teach na tábhairne
taobh, gu. taoibhe, iol. taobhannaí; an taobh throm, an taobh chúil/cheart

agus tá siad seo firinscneach:
giumhas, gu. giumhais [CO: giumhas, m = giúis, gu. giúise, f]; giumhas portaigh; smután giumhais
gloine, gu. gloine, iol. gloiní
glún, gu. glúin, iol. glúine, glúna
tallann; an sean-tallann; tallann mearaidh; tallann borb

Tá siad seo baininscneach ar fud cuid mhaith de Thír Chonaill:
aitinneach, gu. aitinnighe [CO: aiteann]; Tom na hAitinnighe
cloigeann, gu. cloigne, iol. cloigne; blaosc na cloigne
coláiste, gu. coláiste, iol. coláistí; teach na coláiste
paróiste, gu. paróiste, iol. paróistí; sagart na paróiste
*asal, gu. asaile, iol. asail, asaile; druim na h-asaile
cúigecúigeadh, gu. cúigidh, iol. cúigidh

Tá siad seo baininscneach corr-uair, ach firinscneach corr-air fosta:
loch, gu. locha [CO: m.; var f.]; loch bheag chruinn; cladach a' locha
*clog, gu. cloige, iol. clogannaí [CO: m.]
"Chuirfinn lámh na cloige 'rís,
Go dtí'n t-am arbh fhiú bheith beo,
Nuair mheall sí lena glórthaí mé."

inneall, gu. innille innill [CO: m.; var f.]; an t-inneall; inneall ghalach

Seo liosta de fhocla a bhfuil agam le tuilleadh fiosraithe a dheánamh ar a n-inscne:
*triúir, gu. triúire, iol. triúrannaí [CO: triúr, m.]; beirt nó triúir; toirt triúire; biadh triúir
*ceathrar nó ceathrair, gu. ceathraire [CO: ceathrar, m.]; ceathrar ban; sáith ceathraire; lán an cheathrair
*eachtra [CO: f.]; an t-eachtra; eachtra bheag
*dealbh [CO: f.]; dealbh mór; dealbh chriadha; dealbh marmair
*fríd [CO: f.]; an frigh; oiread na fríghde; faic na fríghde
giolcach [CO: f.; var m.]; fríd an ghiolcaigh; ag gearradh an ghiolcaigh
*scríbhinn [CO: f.]; sgríbhinn mór fada; an scríbhinn mhion
*slí [CO: f.]; an tslighe; imeal an tslighe (Cathal Buidhe)
*tuirse [CO: f.]; tuirse mhór; tuirse mór (Cathal Buidhe)
*eidheann [CO: m.]; an aidheann; an t-éidheann; beinn an éidhinn

Duifear ó thaobh caoile/leithne de

Duifear i dtús an fhocail:

neoin, gu. neoine [CO: nóin]
neoinín [CO: nóinín]
seort [CO: sórt]
cliú (ban.) [CO: clú (fir.)]
driúcht [CO: drúcht]
eabar [CO: abar]; in eabar
eileán, an t-eileán [CO: oileán]; an t-eileán

duifear [CO: difear]
druithleog (cuid den am) [CO: drithleog]
preáta [CO: práta]
toigh(e) [CO: tigh, ]
tuit [CO: tit]

Duifear i lár an fhocail:

astar, g. astair [CO: aistear]
bucáid [CO: buicéad]
ciotal [CO: citeal]
pioctúir, iol. pioctúireacha/pioctúirí; cf doctúir [CO: pictiúr]
dreolán (cuid den am, ar scor ar bith) [CO: dreoilín]
abaidh [CO: aibí]
eadar [CO: idir]

giorsach (GMT lch 40) [CO: girseach]
dorsa [CO: doirse]
farsaing [CO: fairsing]
tursach [CO: tuirseach]

aidmhigh [CO: admhaigh]
buinneán [CO: bonnán]; An Buinneán Buidhe
*caithir (scríobhtha mar seo in GMT lch 19) [CO: cathaoir]
loinnireach [CO: lonrach]
toiseach [CO: tosach]
toisigh (GMT lch 110) [CO: tosaigh]

Duifear i ndeireadh an fhocail:

gruag, gu. gruaige [CO: gruaig]

Difridheachtaí eile

múrnán "ankle", in áit "rúitín"
bomaite [CO: nóiméad]
  Dubhairt Ultach liom uair amháin go bhfaca sé "nóiméad" ag Seosamh 'ac Grianna, agus ar ndóigh má bhí sé maith go leor do Sheosamh, ba chóir dó bheith maith go leor do Ultach ar bith. Agus ba chóir. Ach ní RABH an focal ag Seosamh. Bhí an focal i leabhar a bhfuil ainm Sheosaimh air mar ughdar, ach chan "nóiméad" a scríobh Seosamh ach "bomaite".  Sin a bhí sa chéad eagrán den leabhar Pádraig Ó Conaire agus Aistí Eile (1936) — trí shampla déag de ar fad. Ach nuair a tháinig an Caighdeán Oifigiúil amach agus rinneadh eagrán úr den leabhar faoina choimirce (1969), hathruigheadh "bomaite" ina "nóiméad"! Bhuel, hathruigheadh — cúig uaire. hAthruigheadh é go "bomainte" seacht n-uaire, agus fágadh é mar bhí sé uair amháin. Abair caighdeán! Ach is leor a rádh nár scríobh Seosamh 'ac Grianna "nóiméad" sa leabhar seo, nó áit ar bith eile dá bhfuil fhios agam-sa. Ach tá an "linguistic forgery" seo ar an mhargadh go fóill — tháinig an tríomhadh heagrán amach in 1986 agus í gan leasadh, agus tá stáidéar á dheánamh uirthi go fóill ag daltaí scoile.
bocsa [CO: bosca]
tuigse, tuigbheáil [CO: tuiscint] Tá dhá fhocal i nGaedhilg Uladh, áit nach bhfuil ach "tuiscint" sa CO. Tá "tuigbheáil" ann, mar ainm briathartha ag "tuig". Rud níos ginearalta agus níos doimhne ná sin atá in "tuigse". Scríobh Séamas Ó Searcaigh leabhar aistí ar a dtug sé mar theideal Buaidh na Tuigse — "the gift of insight" an Béarla a chuirfinn ar sin. Tá an dá fhocal seo in Albain fosta — "tuigsinn" agus "tuigse" — ach níl sa CO ach focal amháin agus "tuiscint" air.
deileoir [CO: dearóil]
madadh [CO: madra]
turcach, iol. turcaigh [CO: turcaí, iol. turcaithe] — an t-éan a bhíos ar an tábla fá Nollaig.
caraidh [CO: cora] — bac ar an uisce ar shruthán nó ar abhainn; tá an focal seo le fagháil in ainmneacha áite ó Chnoc na Caraidh i nGlinní Aontroma go dtí an Dubhcharaidh i Rosaibh Thír Chonaill.  Is é "cara" an leagan Connachtach: An Chara (Muighinis), Cara Droma Rúisc.
siúchra [CO: siúcra] — Cá mhéad cupán tae is féidir a ól i gcistineach Ghaeltachta gan an méid seo a thabhairt fá dear?
aichearra, gu. id., iol. aichearracha [CO: aicearra]
caiftín (GMT lch 99) [CO: captaen]
geafta, iol. geaftaí [CO: geata]
scaifte [CO: scata]
aistidheach [CO: aisteach]
nuaidheacht [CO: nuacht]; is é "nuaidheacht" an leagan Connachtach fosta.
gnaithe [CO: gnó]
guthaí [CO: guta]
nighean, tu. nighin [CO: iníon]


Ciarán Ó Duibhín
2005/01/30
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite