CHUN

Is minic a chluintear abairtí den tseort seo, fiú ag Ultaigh:
   Chuaidh mé isteach i siopa chun léine a cheannacht
   Tugadh isteach tuilleadh Gárdaí chun cuidiú leis an chuartú
   Cá mhéad peint a bhéas de dhíth chun an seomra a pheinteáil
   Tá Gerry Adams chun labhairt amárach i gCorcaigh
   Níl mé chun rud ar bith eile a rádh fá dtaobh de

Ar ndóighe is ar úsáid "chun" atá mé amach. Ní thig a rádh gur droch-Ghaedhilg é an úsáid a bhaintear as "chun" sna habairteacha seo, ach thig a rádh nach bhfuil sé do réir nádúir Ghaedhilg Uladh.

Agus caidé mar déarfadh Ultach na rudaí seo? Tá go leor bealach ann le clásal aidhme nó cuspóra a chur in umhail.

An bealach is simplí agus ceann a oibreann i gcuid mhór cásanna, "le" a chur in áit "chun":
   Chuaidh mé isteach i siopa le léine a cheannacht
   Tugadh isteach tuilleadh Gárdaí le cuidiú leis an chuartú
   Cá mhéad peint a bhéas de dhíth leis an tseomra a pheinteáil
   Tá Gerry Adams le labhairt amárach i gCorcaigh

Más "tá" agus "chun" atá san abairt, thig an aimsir fhaistineach a chleachtadh:
   Ní abróchaidh mé rud ar bith eile fá dtaobh de
   Labharfaidh Gerry Adams amárach i gCorcaigh

nó thig feidhm a bhaint as leaganacha mar seo:
   Níl rún agam rud ar bith eile a rádh fá dtaobh de
   Níl mé ag brath rud ar bith eile a rádh fá dtaobh de
   Níl mé ag goil a rádh rud ar bith eile fá dtaobh de

Más é an briathar "téigh" nó "tar", nó "imthigh", nó "fan", nó "éirigh", nó "seasuigh", nó "suidh", nó "toisigh", nó "stad", srl., thig feidhm a bhaint as an "infinitive of purpose":
   Chuaidh mé isteach i siopa a cheannacht léine
   Tugadh isteach tuilleadh Gárdaí a chuidiú leis an chuartú

Is iongantach an méid daoine i gCúige Uladh nár fhoghlaim an bealach cainnte seo ariamh. Thig a úsáid, mar a dubhairt mé, chan amháin in áit "chun", ach le briathra mar "toisigh", an áit nach mbéadh "chun" i gceist ar chor ar bith:
   Thoisigh sé a ghlanadh an toighe
I ndiaidh "ag goil", bheir sé dóigh iongantach acomair dúinn le rud a rádh
   Tá mé ag goil a dheánamh cupán tae
   Tá sí ag goil a chóiriú an toighe
in áit na leaganacha anásta a chluintear agus nach bhfuil ceart i nGaedhilg Uladh:
   !!!Tá mé ag goil cupán tae a dheánamh
   !!!Tá sí ag goil an teach a chóiriú

Tá treoir fá na rudaí seo le fagháil in "Graiméar Gaeilge na mBraithre Críostaí", altanna 524–526 den eagrán dearg, nó altanna 18.24–18.26 den eagrán úr ghorm. Agus ó thaoibh Gaedhilg Uladh de, "Coimhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt" altanna 93–95, agus "An teanga bheo, Gaeilge Uladh" alt 9.2.

An é seo le rádh nach bhfuil úsáid ar bith le "chun" i nGaedhilg Uladh? Chan eadh ar chor ar bith. Ach, i nGaedhilg Uladh, is réamhfhocal é "chun" a chialluigheann "go dtí". Gheibhthear é roimh ainmfhocal, nó roimh frása ainmfhoclach, chan roimh chlásal:
chun a' bhaile, chun na scoile, chun na trágha, chun na teineadh,
chun an tseomra, chun an tsiopa, chun an tsléibhe,
chun a' Chlocháin Léith, chun na Dubhcharadh, chun a' Bhuna Bhig;
chun dorais, chun toighe, chun aonaigh, chun Aifrinn, chun faoiside,
chun tosaigh, chun deiridh, chun cinn, chun báis, chun siubhail,
chun cainnte, chun comhráidh, chun bruighne, chun spairne, chun troda,
chun caidirne, chun cruinnis, chun ceannsuighthe, chun socruithe,
chun donais, chun drabhlais, chun sioparnaighe, chun dearmaid,
chun suain, chun sgaoil, chun bídh, chun tábla, chun talaimh, chun reatha

Mar sin: cuimhnigh nach bhfuil in "chun" i nGaedhilg Uladh ach réamhfhocal. Ná cuirtear briathar faoina smacht – más mian leat a rádh "chun rud a dheánamh", abair ina áit sin "le rud a dheánamh"; nó bain triail as ceann de na seifteanna eile a luaidh mé: "a dheánamh ruda", "dheánfaidh mé rud", "ag goil a dheánamh ruda", "ag brath rud a dheánamh", "rún agam rud a dheánamh".


Ciarán Ó Duibhín
2002/04/14
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite