Cideog
Ag Seaghán 'ac Meanman, is ionann cideog agus seál.
Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 71, líne 4
“Abair do sháith de sin!” ars' an tsean-bhean ag cur cideoige fá n-a h-uachtar a's ag gabháil
síos 'un an dorais.
Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 77, líne 1
Bhain sí di an chideog agus shuidh.
Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna, lch 82, líne 17
Thug an mháthair cogar anois do'n inghin a b'óige; chaith sí sin cideog fá n-a h-uachtar,
a's amach léi.
Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna, lch 83, líne 9
Ba ghairid anois gur phill an calín a chuaidh amach a's an chideog uirthi.
Seaghán 'ac Meanman: Ó Chamhaoir go Clap-Sholas, lch 78, líne 14
Ar an ceathramhadh lá déag de Mhí na Súl Buidhe thigeadh ceathrar aca i gcionn a chéile: cideog
le duine aca, falaing le duine eile, braitlín le duine eile, agus cóta leis an ceathramhadh duine — na
baill seo uilig déanta de línéadach gheal a's iad i ndiaidh a nighte.
[gnás a dheánadh ceathrar ban
le cúl a chur ar an fhearthainn Lá Léabóige.]
Seaghán 'ac Meanman: Ó Chamhaoir go Clap-Sholas, lch 78, líne 24
“Mo chideog, m'fhalaing, mo bhraitlín agus mo chóta,
Tá míniú ar an fhocal san fhoclóir i gcúl an leabhair sin Ó Chamhaoir go
Clap-Sholas: falaing do'n
cheann a's do na guailneacha, agus tá an míniú céanna, i mBéarla, ag Ó Dónaill san fhoclóir aige.
Ach tá ciall níos leithne don fhocal ag cuid de na scríobhnóirí: píosa de éadach trom a chuirfeá
fá dtaobh duit leis an teas a choinneáil istigh. Rud cosail le rug nó
blanket i mBéarla (ach chan ruga
urláir ná plaincéad leabtha, ach cosail le rug taistil a chaithfeá isteach sa charr, nó plaincéad
a chuirfeadh seanduine ar a ghlúine).
Seo dornán samplaí:
Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 221, líne 24
“Agus beir leat an chideog seo a thug mé liom fá do choinne.” [fear tinn]
Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 222, líne 26
Ach shín sé é féin, agus gan aon duine é a thabhairt fá dear, thug sé a aghaidh bealach
La Seuliere, thóg imeal na cideoige le n-a mhéar agus thoisigh a dh'amharc amach as
fúithe ar an fheirm. [an fear céanna agus é ina luighe i dtóin báid]
Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 384
Bhí léinte de sheiric ghorm orainn, brístí muilsgín, agus coisbheart de leathair gharbh a bhí
ag gabhail go dtí na glúine orainn, agus cithdeógaí corntha agus ceangailte ar ár mbéalaibh...
[éideadh na bhfear garbh i gcúlthír na hAstráile; poncho an Béarla atá sa bhunleabhar.]
Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 15, líne 25
Níor fhág mise an bheárna go bhfuair mé greim muineáil ar an taidhbhse a's gur bhain mé
an chideog de'n fhiastalach.” [stiall de bhraitlín a bhí crochta ar dhos fiastalaigh,
a chur cuma taibhse air.]
Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 46, líne 16
Cha dteachaidh acht oiread leis an am a mbíodh siad ag buachailleacht ar an chadhrán, agus
an bheirt ina suidhe 'e chois beinne faoi'n aon-chídeóig.
Agus bíonn cideog ar chapall rása roimh an rása agus ina dhiaidh:
Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 671
Bhí tuairim ar dhuisín capall 'na seasamh agus na cithdeógaí díobhtha réidh fá
choinne an rása...
Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 673
Go díreach nuair a labhair sí tháinig oibriughadh ar na daoiní, agus tháinig sean-Jacob trasna
an chúrsa agus an capall ar ghreim sréin leis agus cithdeóg air.
Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 674
Tá am agam le tomhas, agus leis an chithdeóg seo a bhaint de [den chapall] agus mo chóta mór
a bhaint díom féin agus a ghabhail a mharcaidheacht, agus bomaite le spáráil.
Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 681
Bhí cithdeóg capaill anuas air agus a dhiallaid faoi n-a cheann. [an marcach ina luighe
ar meisce ina chodladh, i ndiaidh an rása a bhaint].
Mar sin de, is léir go bhfuil ciall níos leithne ná shawl le cideog. Rud mar
blanket nó rug.
Ach caidé bheir na foclóirí Béarla–Gaedhilg dúinn ar shawl nó rug nó
blanket?
shawl: seál, brat.
blanket: brat, folach, pluid, blaincéad, súsa.
rug: ruga, brat, súsa.
Dheamhan smaoitiú acu ar chideog!
Gheibhthear seál agus plaincéad i dTír Chonaill, ceart go leor, agus bhíodh
brait ag na sean-naoimh, ach ní aithneochthaí an chuid eile maith nó olc.
Ciarán Ó Duibhín
2007/01/07
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite