CLANN
An bhfeiceann tú féin dadaidh cearr lena leithéid seo: Cuireadh
ceist ar an ghasúr bheag cá rabh a chlann ina gcónaí?
Sílim féin go bhfuil rud cearr leis, agus rud measartha mór
— ní bhíonn clann ag gasúr beag, ná ag girrsigh bhig. Cialluigheann "do
chlann" do chuid páistí, nó do shliocht. Ní chialluigheann sé
"teaghlach". Nuair is teaghlach atá i gceist, caithfear
"teaghlach" a rádh, nó focal eighinteacht mar "mhuintir",
ach ní dheánfaidh "clann" gnaithe.
B'fhéidir go gcuireann sin iongantas ort, nó baintear mí-úsáid
as an fhocal "clann" i rith an ama, sna meáin Ghaedhilge. Ach mura gcreideann
tú mé, amharc ar fhoclóir Uí Dhónaill. Níl le deánamh ag duine ach amharc annsin
lena fheiceáil go gcialluigheann "clann" duine a chuid páistí, nó a shliocht. Ach
ar chúis eighinteacht, úsáideann cuid mhór foghlamthóirí é fá choinne "family".
Ní hé "clann" an Ghaedhilg atá ar "family" ach "teaghlach" an Ghaedhilg atá ar "family".
Tá go leor samplaí den deagh-úsáid againn lenár dtreorughadh ar bhealach ár
leasa: an Teaghlach Naomhtha, nó an Teaghlach
Ríoga, mar shampla; ní fhéadfaí
"clann" a rádh sna cásanna sin. Ach deirtear "clann" nuair is
páistí nó sliocht atá i gceist: Clann tSuibhne,
Clann Israel, clann an
dá dheartháir, clann a' diabhail. Agus "clann do chloinne" —
na h-uaí agat.
So, má thig an focal "clann" 'un an bhéil agat, smaoitigh ar feadh seiciond:
an é "teaghlach" nó "sliocht" atá i gceist agam? Agus más é "teaghlach",
ná habair "clann", abair "teaghlach".
Anois, seo cupla sampla den úsáid chontráilte a chuala mé ghá
gcraobhscaoileadh ós árd ar na mallaibh.
- Dubhradh ar an nuaidheacht gur bhain tubaiste
do pháiste. Agus gur bhain an tubaiste sin geit as clann an
pháiste. Sin agat é,
comh lom is a thiocfadh leis a bheith — "clann an pháiste". Sin rud, "clann an pháiste", rud
atá cosamhail le "nead na cuaiche" nó "thuas staighre i bpoball" — rud nach rabh ariamh ann
agus nach dtig a bheith ann. As teaghlach a' pháiste a baineadh an geit.
- Ceann ón BhBC! An rabh ceol i do chlann nuair a bhí
tú óg? Chan Gaedhilg ar bith sin. B'fhearr a rádh
"An de theaghlach cheolmhar thú?"
- Creidim gur Portaingéilis a labhrann sí, ó tharla gur as an tír
sin do clann s'aici. An óna clann a d'fhoghluim sí an chainnt? (recte dona muinntir)
- Agus annsin, bhíthear ag cainnt uair eile ar na clanna a choinnigh an ceol Gaelach beo
i mBéal Feirste. Ba doiligh don chlann traidisiún a choinneáil beo gan lámh chuidighthe
ón tseanmhuinntir sa teaghlach. Sé an teaghlach go hiomlán i gcuideachta a chéile, agus
chan é an chlann amháin, a choinnigheann traidisiún beo.
- Nollaig shona duit féin agus do chlann — gan iomrádh ar
do chéile nó ar dhuine ar bith eile de do mhuinntir; fóirsteanach do
thuismitheoir aonarach nó do bhaintreabhach a bhfuil clann aige/aici, ach
mífhóirsteanach lena chur chuig teaghlach de chineál ar bith eile, agus go speisialta
chuig duine nach bhfuil clann aige/aici.
- An nuaidheacht arís. Dubhradh go mb'éigean do chlann a dteach a
fhágáil, de thairbhe
trioblóidí sa cheanntar. Tá sé le tuigbheáil as sin, ag an duine a bhfuil Gaedhilg aige,
gur fhan an chuid ba sine den teaghlach sa teach, nach rabh ann ach an chlann a d'fhág é.
B'fhéidir gur mar sin a bhí, ach is dóichí go mór gurab é an teaghlach uilig a d'fhág
an teach.
- Beidh na chéad chlanna ag bogadh isteach sna toighthe úra roimh i
bhfad. Cineál de bhaile do pháistí, do réir cosamhlachta, a
bhfanfaidh an tsean-mhuinntir amach as!
- Chuaidh an teach le theinidh, ach d'éaluigh an chlann ar an doras
cúil. Ach loisceadh an tsean-mhuinntir? An té a bhéadh ag
smaointiú de réir na Gaedhilge, ní hé "clann" nó
"teaghlach" féin a déarfadh sé sa chás seo, ach "muinntir
an toighe".
Nach iongantach a rudaí a bíos clann a dheánamh, agus gan lámh
nó páirt ag an mhuinntir aosta sna heachtraí seo, más fíor?
Ciarán Ó Duibhín
2003/04/05
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite