Na consoin

Tá fuaimniú na Gaedhilge iongantach nádúrtha, ach é a thógáil i gceart. Féachaimid lena thógáil do réir a chéile, más uaillmhianach an mhaise domhsa féacháil lena leithéid a chur in mur láthair.

Bhéarfamuid ruaig fríd na consoin ar dtús.  Tá trí áit sa bhéal ag a ndeántar conson:
ag na liobra: p, b, m; f, bh/mh
ag na fiacla: t, d, n, l, r, s
i gcúl an bhéil: k, g; ch, gh/dh

Na liobra: f agus v.

Tá simplidheacht i gcóras na Gaedhilge annseo nach cóir dúinn bheith dall uirthi: tá na consoin liobracha uilig glan dé-liobrach sa Ghaedhilg, chan ionann agus an Béarla, áit a bhfuil p,b,m dé-liobrach, ach a ndeántar f,v leis an liobar íochtarach agus na fiacla uachtaracha.

Sna focla Béarla "far", "van", sileann an t-aer amach eadar an liobar íoctarach agus na fiacla uachtaracha.  Ach sna focla Gaedhilge "fear" agus "bhean", cuiridh tú an dá liobar le chéile, mar ghní thú le p/b/m, ach chan chomh teann is go mbacthar an t-aer go hiomlán; silidh an t-aer amach eadar an dá liobar, agus sé an chumilt a ghní sé lena linn sin a ghní an fhuaim.

Tuilleadh samplaí, eadar chaol agus leathan:
samplaí de f/ph: fuar, fuaim, fíor, fíon, féar, feall, fórsa; pholl, phill, mo phaidir
samplaí de bh/mh: searbh, luibh, cnámh, clúmh, séimh

Mar shampla eile, dearc ar na ceithre focal Béarla seo:
                                  bot                  watt
                                  pot                  what

Anois, caidé mar dheánfaidh duine, nach bhfuil aige ach fuaimeanna na Gaedhilge, aithris ar na focla Béarla sin?  Dar liom go n-abóraidh sé iad mar a déarfadh sé tús na bhfocal Gaedhilge seo:
                                 bot(alach)        bhot(alach)
                                 pot(a)              phot(a)

Béidh na chéad trí cinn ceart go leor, ach nuair a déarfas sé an ceathrú ceann, "what", ní bhéidh sé abálta cuimilt an aeir eadar na liobra a choinneáil chomh mín agus a dheánfadh fear a' Bhéarla. Déarfaidh sé é mar déarfadh sé tús an fhocail "phota" — béidh sé dé-liopach ceart go leor, mar atá "what", ach béidh an chuimilt chomh garbh is go gcluinfidh fear an Bhéarla blas láidir "f" air. Deirfidh fear na Gaedhilge "what" an Bhéarla (atá déliopach agus nach bhfuil garbh) díreach mar a deirfidh sé "fought" an Bhéarla (nach bhfuil déliopach agus atá garbh) — mar "phota" (atá déliopach agus garbh).

Agus sin an rud a bheir leithéid "Fwat do you want?" bheith á scríobhadh ag daoine ar mian leo magadh a dheánamh ar Bhéarla na nGael. An f déliopach.

Na liobra: bh leathan agus bh caol

Thug mé liosta, thuas annsin, de fhocla a bhfuil "bh" nó "mh" acu ar a ndeireadh.  Sé an rud a bhí ar m'áird gur leis na liobra a ghníthear na fuaimeanna sin uilig.  Ach ní rabh beinn ar bith agam, dar leat, cé acu a rabh siad leathan nó caol: searbh, luibh, cnámh, clúmh, séimh

Ach deirfidh tú, nach bhfuil duifir mór eadarthu? Nár fhoghluim muid go bhfuil "bh" agus "mh" cosamhail le "w" nuair is leathan daobhtha, agus cosamhail le "v" nuair is caol daobhtha?  Agus nach fuaimeannaí difreamhla "w" agus "v"?

Tá sin fíor, ar ndóigh, ach ná tuig as go bhfuil duifir mór eadar an leagan leathan agus an leagan caol de "bh" nó "mh", níos mó ná a bhfuil de dhuifir eadar an leagan leathan agus an leagan caol de chonsoin ar bith eile.  Níl, nó is é fuaim "v" na Gaedhilge atá le "bh" caol, chan fuaim "v" an Bhéarla.  Agus is leis na liobra a ghníthear "v" na Gaedhilge, an dóigh céanna ina ndeántar "w".

Sé fírinne an scéil nach bhfuil an duifir eadar "bh leathan" (w) agus "bh caol" (v Gaelach) a dhath níos mó ná an duifir eadar "b leathan" agus "b caol"; agus níl an duifir eadar "mh leathan" agus "mh caol" a dhath níos mó ná an duifir eadar "m leathan" agus "m caol".

Dearc orthu seo:
[baw], beo [byaw]
do bhó [do waw], do bheo [do vyaw]

Na liobra a gnhí an obair uilig, agus ní thig na fiacla isteach sa "v" ar chor ar bith.  Bíonn na liobra cruinn le linn "bó" agus "do bhó"; bíonn siad spréidhte le linn "beo" agus "do bheo".  Tá an córas uilig loighiceamhail, siméadrach — agus simplidhe!

Na liobra: bh agus mh

Ceist bheag eile anois — an bhfuil duifir eadar "bh" agus "mh"?

Shílféa ón tsean-riaghal sin fá fhuaimniú "bh" agus "mh" ["w" nuair is leathan daobhtha, "v "nuair is caol], nach bhfuil duifir ar bith eadar "bh" agus "mh".

Ar an láimh eile, ón méid a dubhairt mé anois díreach, bheithfeá ag súil go n-abrainn go bhfuil an duifir céanna eadar "bh" agus "mh" is atá eadar "b" agus "m".

Dearcaimís ar an scéal: ab vs am [ammmmmmm].  Bíonn an bac céanna ar an aer ag na liobra sa dá chás.  Ach leis an "m", bíonn bealach éalaighthe eile ag an aer: fríd an tsrón.  Thig leat fad a bhaint as "m", nach dtig a bhaint as "b".

Nuair a shéimhightear iad, maolaightear ar an bhac ag na liobra.  Théid an t-aer a shleamhnú leis eadar na liobra sa dá chás, "bh" agus "mh".  Ag na liobra amháin a shleamhnuigheann sé le "bh", ach tá dhá bhealach éalaithe aige le "mh": eadar na liobra agus bealach na sróine.  Ach leis an tsruth aeir atá de dhíth le fuaim "mh" a dheánamh ag na liobra, is beag aer atá le spáráil le dhul bealach na sróine.  Chan duifir ró-mhór, mar sin, atá eadar "bh" agus "mh", mura n-abórthá go mbíonn srónaíl bheag le "mh" nach mbíonn le "bh".

Ab, abh [aw] — bealach na sróine druidte; am, amh [aw] — bealach na sróine foscailte.

Na fiacla: t agus d.

Tá duifir mór eadar d, t na Gaedhilge agus d, t an Bhéarla. Dóigh amháin le sin a chluinstin, cupla focla Béarla a rádh ach d, t na Gaedhilge a chur ionntu. Mar shampla,
tail, top, turn, door, ditch, deep
Baintear feidhm as na fuaimeanna Gaelacha sin minic go leor i mBéarla na hÉireann, go speisialta roimh "r": trip, draw

Tá an duifir sa dóigh a theangmhuigheann an teagaidh leis na fiacla. Sa Bhéarla, teangmhuigheann fíor-phoinnte na teangtha go héadtrom leis an charbad, os cionn na bhfiacal. Tionntuightear an teangaidh in airde rud beag lena linn seo. Ach sa Ghaedhilg, tionntuightear toiseach na teangtha síos, agus teangmhuigheann an chéad leath-ordlach nó ordlach de uachtar na teangtha le cúl na bhfiacal (uachtarach nó íochtarach).

Mar chleachtadh, seo dornán focal a bhfuil "d" nó "t" ina dtús:
dán, dubh, dath, dún, dona
deas, deán, dearg, deoch, dia
tar, tábla, tobar, tóg, tuig, tús
teach, te, tig, tír, tirim


agus tá "d" nó "t" ina ndeireadh seo:
bád, céad, seod, rud, fead, siad
cuid, sráid, plóid, méid, smid
cat, brat, seacht, ucht
áit, caint, éist


agus tá siad i dtús agus i ndeireadh na bhfocal seo:
toit, tuit, teacht, tacht, trácht, tart; druid, drod; duit; stad.

Bhí an teangeolaidhe Nils Holmer ag cainnt le duine as Conndae Aontroma uair, agus d'fhiafruigh sé de caidé an duifir a mhothuigh sé eadar bheith ag cainnt i nGaedhilg agus i mBéarla. Bé an freagra a fuair sé, go dtionntuigheann tú do theangaidh in áirde le Béarla a labhairt, agus síos le Gaedhilg a labhairt. Sin díreach an rud a tharluigheann le t, d.

Na fiacla: l agus n.

Anois, an dóigh a mbíonn an teangaidh le linn t,d na Gaedhilge a rádh, bíonn an dóigh céanna uirthi le linn l,n a rádh.  Simpliú mór ar chóras na bhfuaimeanna é a thuigbheáil go ndeántar na fuaimeanna seo uilig, agus tuilleadh nach iad, ar an dóigh amháin.

Amharc ar dtús ar dhornán focal ina mbíonn l,n in aice le t,d — ní bhogann an teangaidh eadarthu: alt, folt, Ultach, cainnt, iongantach, sanntach

Dornán focal anois ina bhfuil l,n agus t,d ach gan iad in aice lena chéile.  Mar sin féin, bíonn an teangaidh mar an gcéanna sa dá áit: donn, tonn, teann, duine, gloine, dall, teallach, locht, lucht, loinnir, Nodlaig

Agus anois, dornán focal nach bhfuil t,d ionntu ar chor ar bith, ach gur chóir fuaim ceart na Gaedhilge a chur ar an l,n:
leabhar, lámh,
neart, námhaid
ciall, buille, codladh
Éirinn, beanna

Cás suimeamhail é focla a chríochnuigheann in -nn nó -ll.  Samhluightear do lucht Béarla go gcluineann siad -nd nó -ld ina ndeireadh, as siocair fuaim na Gaedhilge a bheith leis an n nó an l: Rathfriland, Loughbrickland, Clanranald

Caithfear a luadh nach i gcomhnaí a fhuaimnighthear l agus n mar seo, ach bíonn fuaim l, n a' Bhéarla i gcásanna áiride.

L, n: fuaim an Bhéarla

Le l agus n an Bhéarla, bíonn an teangaidh tionntuighthe suas, chan síos, agus buaileann a fíor-rinn uachtar an bhéil, giota beag taobh thiar de na fiacla.  Tá fuaimeannaí an Bhéarla éadtrom, i gcomórtas leis na fuaimeannaí Gaelacha a rabh muid ag trácht orthu roimhe.

Anois, cá huair a mbíonn fuaim na Gaedhilge le l,n agus cá huair a mbíonn fuaim an Bhéarla leo?

Bíonn fuaim na Gaedhilge acu nuair a scríobhtar iad dúbáilte: ciall, donn.  Agus bíonn sí acu nuair a scríobhtar iad singile, sna cásanna seo:

Bíonn fuaim an Bhéarla acu nuair a scríobhtar iad singilte, i gcásanna eile:


Ciarán Ó Duibhín
2003/05/12
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite