Cumhang / caol / tanaidhe
Caidé mar chuirfeá síos ar bealach/sráid/casán/cabhsa nach rabh mórán farsaingí ann?
caol? tanaí? cumhang?
Go bunudhasach, théid tiubh agus tanaí le chéile, agus an rud nach dtig leis a bheith tiubh, is doiligh dó a bheith tanaí.
Théid reamhar agus caol le chéile; an rud nach dtg leis a bheith reamhar, is doiligh dó a bheith caol.
Théid leathan agus cumhang le chéile; an rud nach dtig leis a bheith leathan, is doiligh dó a bheith cumhang.
Tá rudaí beagán níos casta ná sin. Nó thig a rádh go gcialluigheann "caol" gan a bheith leathan, comh maith le gan a bheith reamhar; agus go gcialluigheann "cumhang" gan a bheith farsaing, comh maith le gan a bheith leathan.
| tiubh | tanaí |
| reamhar | |
| caol | |
| leathan | |
| cumhang | |
| farsaing |
Seo cupla sampla de "chumhang" sa chiall "gann i bhfarsainge":
Bhí an sean-teach pobail (an áit, teach na scoile, plochóg, botaidh) ró-chumhang ag na daoine.
Bhí an charraig ró-chumhang os a coinn le teinidh a fhadódh uirthi.
Tá an bhríste sin ró-chumhang ort.
Agus, ar ndóighe, tugadh Bord na gCeanntar Cumhang ar an "Congested Districts Board".
Agus sé rud is cumhanglach
ann, áit a bhfuil easbhaidh
farsaingí, go liteardha nó go fiogharamhail: bheith gaibhte sa chumhanglach (a
bheith faoi bhrughadh mhór); is fairsing Dia sa
chumhanglach.
Agus focal beag faoi "thanaí". Is ionann "uisce tanaí", i dtaca le seoltóireacht de, agus uisce nach bhfuil domhan. Agus is é an tanálacht, an áit nach bhfuil an t-uisce domhan. Nuair a chuaidh bád i bhfostó i mBáigh na Tamhnaighe, sé dubhairt Tomás Mac Seáin leis an fhoireann: "Ná gabhaigí amach taobh Chille Cartha; gabhaigí amach taobh na Tamhnaighe, is ann is tanaidheacha."