Samplaí as "An Gràdh agus an Ghruaim":
Rug mé ar mo dheilbh féin agus thóg mé de'n bhonn a bhí faoithe í, agus sháith mé isteach
imeasg chunamar de dheilbh leath-dhéanta í. (among a heap of half-finished
statues)
[Sléibhte Thír Chonaill] ... iad gágach le srutháin agus giobach le fraoch
agus garbh le scileach agus le cruadh-chunamar creagach. (rough piles of
hard rocks)
An fear a bhris crann darach, ní méadughadh do n-a chliú cunamar a dhéanamh de shlat shaileoige.
(to break a willow rod in bits)
Agus as "Dith Céille Almayer":
Dhruid Almayer anonn le n-a nighin agus chuir sé a dhá sgiathán ar an ráil, agus d'amhairc sé síos go
gruamdha ar mholl cunamair a bhí thíos faoi. (heap of rubbish and broken bottles)
“Má shíleann tú nach rud mór iarraidh a thabhairt dhá fhichead fear a shiabadh i n-a gcunamar,
ní bhfuighidh tú mórán a thiocfas leat air,” arsa an t-oificeach go confadhach.
(to blow forty men to pieces)
Sheasuigh sé ag smuaintiughadh go brónach ar na bliadhanta a chuaidh thart, go dtí go gcualaidh sé
go soiléir glór páiste ag cainnt imeasg an chunamair seo.
(amongst all this wreck, ruin and waste)
Nuair a deirtear go bhfuil rud ina chunamar, sílim go mbíonn dhá rud i gceist:
• bíonn an rud briste ina ghiotaí gan mhaith
• bíonn na giotaí ina luighe fríd a chéile gan ord gan eagar
An cineál rud a dtabharfá air i mBéarla: a heap/pile/jumble of
scrap/junk/lumber/rubble/wreckage
Computing: waste(basket), trash(can)
Úsáid eile a chualathas i dTír Chonaill:
Ba deas dá mbéadh cunamar beag dá dteangaidh féin againn fána gcoinne.
(a smattering)
ÓD: conamar, broken bits, fragments
Gidh gur focal coitianta i dTír Chonaill é, ní bhfuightear é ach go fíor-annamh sna foclóirí
Béarla-Gaedhilg. Tá sé i bhfoclóir De Bhaldraithe
• mar aistriú ar offal (uaidh sin conamar ar offal i bhfoclóirí Collins)
• ag deireadh fragment, ar fragments (collective), agus
• ag deireadh scrap tá conamar muilinn ar mill scrap
(uaidh sin conamar ag deireadh liosta focal ar scrap san Fhoclóir
Póca).
Ach níl sé i bhfoclóir Béarla-Gaedhilge ar bith dá bhfuil fhios agam, faoi heap nó
pile nó jumble nó rubble nó junk nó lumber nó
wreckage nó waste nó trash.
An cineál focal is annsa leis na foclóirí Béarla-Gaedhilg ina leithéid
seo de chás — manglam, meascán, carn, cnap, cual, cnocán, moll, brablach, spallaí, mangarae, bruscar,
mangaisíní, trangláil, raic, diomailt, vásta, dramhaíl, cosamar,
truflais, fuílleach, bruscán, smionagar, bruar, grabhar —
is beag focal acu sin a thuigfí i nGaedhealtacht Thír Chonaill,
agus an beagán sin ní bheadh an chiall acu ró-chosmhail le cunamar.
Ní cuidiú ró-mhór iad agus tú ag iarraidh Gaedhilg a chur ar a heap
of junk nó a pile of rubble nó a jumble of wreckage;
ach ba chuidiú é cunamar go minic, dá mbíodh sé luaidhte.
Ciarán Ó Duibhín
2006/10/01
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite