Curr
Caidé bhéarfá ar edge (ciúb) nó side (cearnóige)? An bhfuil
ceachtar acu cosail le slios luinge, nó le himeall trágha, nó le
faobhar claidhimh, nó le taoibh sléibhe? Mura bhfuil, seo focal
eile le cur san áireamh — curr.
caithir
Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 38, líne 17
Bhí sé ina shuidhe go neamh-shócamhlach ar chorr na cathaoire, agus a
bhearád ar a ghlúin aige, agus é ag téathadh a lámh ós cionn na mbladhairí.
[on the edge of his chair, go dearbhtha]
dreisiúr
Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin, lch 63, líne 17
Chuaidh an mháthair 'un an dorais a's tháinig sí ar ais; chuir sí stól a's
cathaoir i n-áit a chéile; an gogán a bhí ar bhior balla d' fhág sí ar
churr an dreisiúir é gur thuit sé: rinne sí fiche gníomh duscaireachta
nach raibh riachtanas leo.
beinn
Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 164, líne 21
Bhí Seán Thornton 'na shuidhe amuigh ar churr na beinne agus Buck
guala ar ghualainn leis.
John Thornton was sitting near the edge, Buck at his shoulder.
taoibh-chasán
Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 150, líne 21
Thuit fear acú ar chúl a chinn ar churr an taoibh-chasáin, agus ní
dhearn an duine bocht aon lá maith go dteachaidh sé i dtalamh, trí seachtmhainí
ina dhiaidh sin.
scian
Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 71, líne 23
Thoisigh Síghle Bheag a thómhas a' loaf le curr na sgine.
bríste!
Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 194, líne 17
Bhí curr ar a bhríste cómh géar le béal sgine, agus tchífeá do sgáile
ina bhróga.
curr na ndromán
Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 19, líne 7
Bhí slabhraidh an lasta ag díoscarnaigh ins na h-unlais agus ag déanamh
gliogair ar churr na ndromán, agus ar thaoibh na luinge.
The cargo chains groaned in the gins, clinked on coamings, rattled over the
side.
dromán: hatch; coaming: imeall árdaithe thart ar dhromán, leis an uisce a
choinneáil amach
clocha ar a gcurr
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 311, líne 10
A leithéid de rása 's bheireadh siad fríd a' mhuine agus suas a' ráinse, an
áit a bhí comh righte le balla toighe, agus comh lán de leacacha sgiligh ar a
gcurr.
How they'd scurry off through the scrub and up the range, where it was like the
side of a house, and that full of slate-bars all upon edge.
bonn ag imtheacht ar a churr
Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 34, líne 1
Fuair sé spléachadh ar bhonn leath-choróna ag imtheacht ar a
churr.
His eye caught a half-crown rolling on its edge.
duine bheith ar a churr
Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 133, líne 23
Bí ar do churr anois.
Look sharp now.
Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 578, líne 6
Dá gcailleadh féin d'éirigheadh oiread díospóireachta i gcomhnaidhe fá chuid
léigheas an Mhaighisteara, agus go gcuirfeadh sé ar a churr é.
Had such thing been possible with him, still the bitter disputation always
excited by the simplest display of the Master's curative gift would have
sufficed to keep his curiosity alive.
Foclóir Uí Dhónaill: corr, 1. Projecting point; angle, edge.
An é seo an t-ainmfhocal atá i log-ainmneacha mar iad seo:
A' Corr-shliabh, Corr a' Chait, Caiseal na gCorr, Corr
Leitreach.
B'fhéidir nach é nó is iomaí ciall eile atá le corr (agus le
cor).
Mar aidiacht i logainmneacha, tá sé measartha soiléar gur biorach agus
nach cruinn is ciall dó, gidh go bhfuil an dá rud sna foclóirí. Ní gá
ach amharc ar phéire cnoc os cionn an tSealgáin i dTír Chonaill, ar a bhfuil
Gaffaret Corr agus Gaffaret Maol. Tá an Chloch Chorr in
Árainn Mhór, agus Mín na gCloch Corr sa Cruach sna Rosaibh.
Agus tá an corr-mhéar ann, ar an mhéar atá in aice na hordóige (pointing
finger).
Ciarán Ó Duibhín
2007/05/10
Clár cinn / Home page / Page
d'accueil / Hauptseite