Sceach agus droighin—agus dealg

Dhá thom a dtig blátha bán orthu fá mhí na Bealtaine agus atá cosamhail go maith lena chéile, an sceach agus an droighean. Tá ceann ar chúl an toighe agam féin agus níl mé lán-chinnte cé acu sceach nó droighean atá ann.

Sceach gheal—hawthorn nó whitethorn—Crataegus monogyna—blátha bána ag tús na Bealtaine—caora dearga, haws.  Commonly sceicheog in East Ulster.

Droighin—blackthorn—Prunus spinosa—blátha bán ag deireadh na Bealtaine—caora dubha, áirní, sloes

Anois, rud eile: is é an t-ainm atá, nó a bhí, ar mheánscoil do chailíní Caitliceacha i nDoire — Thornhill.  Agus má chluintear trácht ar an scoil sin i measc lucht Gaedhilge, is minicí ná a mhalairt gur "Cnoc na nDealg" a bheirtear uirthi.  Níl ach seiciond amháin smaointe riachtanach lena fheiceáil chomh héadóiche is atá an leagan sin mar ainm áite.

Sa chéad áit, is rud é "dealg", rud beag pianmhar a ghreamuigheann in do chois nó in do mhéar.  Gheobhaidh cos ar siubhal rud nach hfuighidh cos ina comhnaidhe, mura bhfuighidh sí ach dealg (Seaghán 'ac Meanman).

An té a thug "Thornhill" ar an áit, cibé uair a mhair sé, nó cibé teangaidh ina ndearn sé a chuid smaointe ar an cheist, is cinnte nach "dealg" a bhí ina intinn, ach "sceach", nó b'fhéidir "droighean".

Agus, i dtaca leis an chuid eile den ainm de, is nádúrtha go mór focal mar "árd" ná "cnoc" ar an chineál ruda a b'éigean a bheith ann.

Is mó go mór an deallramh, mar sin, a bhéadh le leagan mar "Árd na Sceiche" nó "Árd an Droighin", ná le "Cnoc na nDealg".

Sin chomh fada is thig linn a dhul gan eolas ar stair an ainm.  Níl fhios agam féin an bhfuil "Thornhill" bunaithe ar shean-ainm Ghaelach nó nach bhfuil.  Má tá, ba chóir dúinn fiacháil le fagháil amach caidé an t-ainm é.  Ach chuirfinn mo cheann ar cheap nach é "Cnoc na nDealg" é!  Agus más i mBéarla a cumadh an t-ainm ar dtús, thig linn fiacháil le leagan ciallmhar Gaedhilge a chur air anois, agus is dóigh liom arís gur "Árd na Sceiche" nó "Árd an Droighin" is fearr a fhóireas.


Ciarán Ó Duibhín
2003/06/05
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite