Fuirmeacha briathardha a chríochnuigheas in -idh/-igh.

Seo rud nach dteagasctar do mhórán den lucht foghlamtha, agus nach bhfeictear i mórán leabhar gramadaighe. Tá cunntas air in "An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh" le Dónall Ó Baoill (2.1.2, 2.7.1, 2.5)

Baineann sé le briathra; agus chan le haimsir amháin ach le bunadhas na n-aimsirí. Fuirmeacha briathardha a chríochnuigheann in "idh" nó "igh" atá i gceist. Agus fosta fuirmeacha in "a" nó in "e". Fuaimnightear an dá chuid — "idh"/"igh" agus "a"/"e" — díreach mar an gcéanna!

Samplaí:
Aimsir chaithte: chuaidh, theachaidh, chualaidh, fhacaidh; cheannaigh, imthigh, léigh
Chualaidh Seán é. Chuala mé é. Chualaidh.
Chuaidh Seán ann. Chua sé ann. An deacha sé ann? Ní theachaidh. Chuaidh.
An bhfacaidh Seán í? An bhfaca sibh í? Ni fhacaidh.
Cheannuigh Seán é. Cheanna' siadsan é. Cheannuigh.
Aimsir fhaistineach: brisfidh; ceannóchaidh, innseochaidh
Ólfaidh Seán deoch eile. Ólfa mé deoch eile. An ólfaidh?
Ceannóchaidh Seán é. Ceannócha sé é. Tá súil agam nach n-innseocha siad é.
Aimsir láithreach an mhodh fhóshuidhtigh: go n-óla, go mbrise
Fan go n-ólaidh Seán deoch eile. Fan go n-óla tú deoch eile.
Aimsir láithreach stairiúil: buailidh, leanaidh
Le sin buaili' sé a bhuille. Leanaidh an t-éan daoithe mar sin.

Tá an fhírinne simplidhe go leor.  Fuaimnightear an dá chuid ("idh" agus "a"/"e") mar an gceánna. Agus caidé mar fhuaimnightear iad? An eadh mar bhéadh "idh" ann? Nó an eadh mar bheadh "a" nó "e" ann?

Bhuel, fuaimnightear iad mar bhéadh "idh" ann — ach amháin más forainm (mé, tú, etc.) a thig ina ndiaidh — sa chás sin fuaimnightear mar "a" nó "e" iad. Más ainmfhocal a thig ina ndiaidh, fuaimnightear mar "idh" iad, agus an rud céanna mura dtig rud ar bith ina ndiaidh — ag tabhairt freagra ar cheist, mar shampla.

Tarraingeochaidh muid cupla sampla as na hamhráin. Ar dtús, nuair a thig ainmfhocal ina ndiaidh, ionnas go bhfuaimnightear mar "idh" iad:
Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh 'n féar...
Ní theachaidh síol i dtalamh riamh chomh maith leis a' ghráinn' eorna...
Go mbreacaidh mo dhá mhailidh 's go liathaidh mo cheann...

Agus cupla sampla nuair a thig forainm ina ndiaidh, ionnas go bhfuaimnightear mar "a" nó "e" iad:
A stór, a stór, a ghrádh, a' dtiocfa' tú nó'n bhfanfa' tú?
Chua' mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó...
Dheánfa' mé cuilt de mo bhríste a mhairfeas le saoghal na bhfear...
Fan go bhfeici' mé...

Ní rabh cúrsaí ró-dhona, i dtaca le holc, fhad is bhí siad uilig — diomaite de "chuala" agus "faca" de ghnáthach – dá litriú in "idh".  Ach annsin tháinig an Caighdeán Oifigiúil, agus chuir sé an ceol ar feadh na fidhle, nuair a toisigheadh a litriú cuid acu in "a" agus "e".  Ba chuma dá ndeánfaí sin leis an cinn a fhuaimnightear mar sin, ach ní thearnadh; rinneadh é le haimsirí iomlána, mar an aimsir láithreach an mhodh fhóshuidhtigh, agus ní thearnadh é le haimsirí eile a bhí díreach an dóigh céanna i dtaca le foghraidheacht de.  Más ag brath ar an litriú atá muid, bíonn orainn cuimhniú anois, chan é amháin go gcaithfear "idh" a fhuaimniú mar "a"/"e" in amannaí, ach go gcaithfear "a"/"e" a fhuaimniú mar "idh" in amannaí!  Agus rinneadh sin in ainm na simplidheachta agus na riaghaltachta, ar ndóighe — ach rug an t-aineolas buaidh ar an iomlán.


Ciarán Ó Duibhín
2002/12/08
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite