Eachtraí sa Stair agus sa Mhatamaitic
Nach minic a léigheann muid a leithéid seo de abairt, i leabhar nó i dtaispeántas:
1014 — buaileann Brian Boramha na Lochlannaigh ag Cluain Tarbh
Ar ndóighe cialluigheann an aimsir láithreach gur rud é seo a thárluigheann go riaghalta, agus sin san am i láthair, in áit a bheith ag cainnt ar rud a thárlaidh uair amháin, fada ó shoin.
An aimsir chaithte a ba chóir a úsáid, sé sin,
1014 — bhuail Brian Boramha na Lochlannaigh ag Cluain Tarbh
Ach an é sin deireadh an scéil? Déarfaidh tú, b'fhéidir, nach é rud a ghní úsáid na h-aimsire
láithrighe an stair níos beodha? Ghní, agus tá dóigh sa Ghaedhilg le sin a dheánamh fosta.
Tá an cleas seo ar eolas go maith ag seanchaidhthe Thíre Chonaill: buailidh.
1014 — buailidh Brian Boramha na Lochlannaigh ag Cluain Tarbh
Tá na leagan sin den abairt inghlactha, agus níl sé le
tuigbheáil as gur ag tarlú arís agus arís eile
atá na heachtraí. Rud eile, tá sé suimeamhail a thabhairt fá dear gurab é an leagan sin — buailidh — atá
ag Gaeil na hAlban, ar "buaileann" agus ar "buailfidh":
buailidh e = buaileann sé (inniu; nó gach lá san am i láthair); agus: buailfidh sé (amárach)
Ach chan sa stair amháin a gheibhthear seo. Nach minic a chonnaic muid
ceist mhatamaitice mar seo:
Ceannuigheann Seáinín 3 pheann luaidhe ar 6 bp an ceann i siopa amháin, agus 6 bhalún ar 2ph
an ceann i siopa eile...
Toisigheann caithnín ón phoinnte A agus
buaileann sé caithnín eile ag an phoinnte B...
Ceannuigheann? Toisigheann? Buaileann? Go riaghalta, an eadh? Ní headh!
Sé mo bharamhail nach Gaedhilg a leithéid. Chan rudaí iad seo a tharluigheann go riaghalta, ach
rudaí a tharluigh (nó a tharlóchas?) uair amháin. Agus chan san am i láthair atá an uair amháin sin,
nó is d'aonturas a phioc mé abairtí a thráchtann ar dhá rud a tharlóchadh i ndiaidh a chéile. Caithfear
iad a rádh san aimsir chaithte, nó san aimsir fhaistinigh, do réir mar fhóireas, ach chan san aimsir
láithrigh:
Cheannuigh Seáinín 3 pheann luaidhe i siiopa amháin, agus 6 bhalún i siopa eile...
Cá mhéad airgead a
chaith sé san iomlán?
Toiseochaidh caithnín ón phoinnte A agus
buailfidh sé caithnín eile ag an phoinnte B...
Caidé an siubhal a bhéas futhú...?
Nó gan amhras, is féidir an láithreach in "-idh" a úsáid:
Ceannuighidh Seáinín....
Toisighidh caithnín... agus
buailidh sé...