Feireamh
Bádh é an chéad áit a chonnaic mé an focal seo, "Micheál Ruadh" le Séamus 'ac Grianna:
Séamus 'ac Grianna: Micheál Ruadh, lch 40, líne 2:
Bheir sé greim dhá fheireamh air [ceig cheithre ngalún déag] agus shín sé a dhá sgiathán
i n-áirde os cionn mhullach a chinn leis.
Tá an focal i bhfoclóir Uí Dhónaill, mar seo:
feire 1. groove 2. projecting rim, flange.
D'fhóirfeadh ceachtar den dá chiall don abairt thuas.
Tá an focal ag an Duinníneach fosta (feireadh), agus is mó an t-eolas a bheir seisean.
Tá an chiall "rim, flange" aige, ach tá seo ann fosta: groove in staves to receive feather-edge
of bottom of barrels etc.. Ní fhágann sin mórán amhrais, ach gur seo an chiall atá leis sa tsampla thuas.
Bheir an Duinníneach cupla sampla fosta.
Séamus Ó Searcaigh, Cú na gCleas, lch 48, líne 11:
D'éirigh sí agus thug léithe an tubán a rabh an íoc-shláinte ann agus thom sí bratóg a bhí aici
thart i bhfeireadh an tubáin agus chumail sí thart i meall choise Choid é.
Tá an míniú seo i gcul an leabhar ar "feireadh an tubáin": the notch of the tub
Agus as Oirthear Uladh a thig an dara sampla ag an Duinníneach: amach thar fheireadh an chorcáin: out over the rim of the pot.
Gidh nach dtugtar comhthéacs, tá an chosamhacht ar an tsampla seo nach "groove" é
ach an chiall eile, "rim".
Fuair mé mo shampla deireannach ag Seaghán 'ac Meanaman, agus é ag scríobhadh fá cheárdaí siubhail:
Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna, lch 91, líne 15
Bhí an obair ag éirghe thuas air — feiridheacha le cóiriughadh, barraillí, cuinneoga, tubáin
agus gogáin le deánamh, agus scrogáin a chur i n-ádhmad nach luighfeadh agus i bhfonnsaí
nach gcoinneochadh an lúbadh.
Ciarán Ó Duibhín
2003/06/22
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite