F na scríbhinne agus h na fuaime.
Tuigeann muid go maith gur minic a bíos fuaim "h" le "f" scríobhtha: mar shampla, tiocfaidh, féin. Ach tá níos mó ná sin i gceist.
Aifhreann. Is minic fuaim "h" ar an "f" seo. Tá taifead fuaime ó Óméith ina n-abrann an cainnteoir go rabh maidin Dé Domhnaigh ann agus an mháthair "ag deánamh réidh le dhul un an Aifhreann".
Ifhreann. In Albain, má bheir tú in umhal a rádh go dtáinig tú as Éirinn, agus gan an fad ceart a chur san "É", sé is dóiche a thuigfeas an tAlbannach gur "as Ifhreann" a dubhairt tú!
Cofhra. I scéal ó Ghleann Cholm Cille, tá trácht ar "chófhra na mine".
Ofhráil. In áiteacha chomh fada óna chéile le Rann na Feirste agus Teilionn, sé "eirheáil" a deirtí do "ofhráil", sa chiall "an t-airgead a chruinnighthí ar thorramh".