Fraochán agus fraochóg
Tá áit i sléibhte Thír Eoghain, áit in ar mhair an Ghaedhilg thar lár na ficheadú haoise, darbh ainm Beinn an Phréacháin. Nó an é sin a ainm? Sin nó Beinn na bhFraochán?
Éan atá sa fhraochán fosta, éan atá gaolmhar leis an londubh, é dubh ach fáinne bán ar a sgeadamán. Ach níl sé cosamhail leis an londubh ina nádúr, éan seachantach faithchilleach é a chomhnuigheann fá na beanna—rud a fhágann gur ró-dhóiche gurab é atá i gceist le hainm na háite. Ring ouzel an t-ainm Béarla ar an éan seo (Turdus torquatus).
Tá tagairtí go leor don fhraochán sa Ghaedhilg, mar shampla, ag Fiach Fánach, An tUltach 27,3,7.Ach tá rud eile ar a dtugtar fraochán in amannaí—bilberry nó blaeberry (Vaccinium myrtillus). Sa liosta focal as Teilinn, deir Úna Uí Bheirn gurab ionann annsin an fraochán agus bilberry. Agus scríobh Séamas Ó Néill cnuasacht dánta ar a dtug sé an teideal "Ag baint fraochán". Tá frachan nó frahan sna háiteacha seo: Cluain Fearta, Gráig na Muilte Iarainn, Baile Mór Síol Anmchadha (in oirthear na Gaillimhe), Sléibhte Bladhma, Iairmhidhe, Loch gCarmain; agus fraechán i gCo Chille Choinnigh (Gearrbhaile, 1929, duilleog 34).
Ach sna ceanntracha ina dtugtar fraochán ar ring ouzel, sé fraochóg a bheirtear ar bilberry. Sin atá uirthi ag Neilson (duilleog 25). Agus ag 'ac Meanman (Indé agus Indiu duilleog 5; Ó Chamhaoir go Clap-Sholas duilleog 169; Rácáil agus Scuabadh duilleog 68). Agus ag Pádraig Ó Baoighill as Rann na Feirste (Scothscéalaí Thír Eoghain cuid 3, Irish News 25/11/1987 duilleog 6). Donaldson, A historical and statistical account of the Barony of Upper Fews (1838 — Creggan Local History Society reprint, 1993, lch 105) has fraochóg, the bilberry; and Tulaigh na bhFraochóg in Cullyhanna. Tá fraochog, whortleberry, ag Holmer ó Ghlinntí Aontroma (duilleog 114). Agus chonnaic mé a feast of fraochogs i mBéarla Chondae Aontroma (Andy Dooey of Dunloy, duilleog 104). Tá fraochóg i dTír Eoghain ar blaeberry (Ar Aghaidh, Samhain 1940, duilleog 7 sub muineóg). Ina theannta sin, sa liosta focal as Teilinn ag Úna Uí Bheirn tá fraochóg dhubh ar bilberry nó ar crowberry. Agus i liosta Leslie Lucas ó Ros Guill, tá fraochóg dhubh ar bilberry.
Sé an scéal céanna é i gConamara. Chuala mé duine as an Líonán, ar theorainn Mhuigh Eo agus na Gaillimhe, ag cainnt ar na fraochóga ar Radio na Gaeltachta, 29/4/2003, 3.45pm. Agus ar Oileán Gharomna, "Fraochóga, bíonn siad dubh; móineóga (múineóga), bíonn siad dearg" (Gearrbhaile, 1929, duilleog 34).
Sé an ceachtadh is forleitheadaí, dar liom, fraochán a thabhairt ar ring ouzel agus fraochóg a thabhairt ar bilberry.
Tá na focla seo coitianta go maith in ainmneacha áite, mar shampla: Gortnavreeghan i gCo na Chabháin ar thaoibh Sliabh Roisin, ach cá bhfios cé acu caorthaí nó éanacha a bíos i gceist? Tá Loch na bhFraochóg i Rosa Thír Chonaill (Na Glúnta Rosannacha (1952), lch 182).