AN GHAEDHILG

Cupla rud anois fán ainm atá againn ar an teangaidh féin.

Amharcaimís ar na fíricí ar dtús. Ní hionann an t-ainm a bheirtear ar an teangaidh ó Ghaeltacht go Gaeltacht: Gaoluinn an t-ainm atá ag na Muimhnigh uirthi, Gaeilge ag muinntir Chonamara, Gaedhilg ag Ultaigh, Gaelg ag Manainnigh, Gàidhlig ag muinntir na hAlban. Ar ndóighe, leaganacha áiteamhla den aon ainm iad seo uilig. Agus cuimhnigh go gcialluigheann na leaganacha sin an teangaidh ina hiomláine, chan an chanamhaint áiteamhail: Gaoluinn, mar shampla, ní chialluigheann sin canamhaint na Mumhan, ach is é an t-ainm atá ag na Muimhnigh ar an teangaidh uilig.

An t-ainm oifigiúil? Bhuel, ó 1960, nó fán am sin, sé an Ghaeilge – ainm Chonamara – an t-ainm oifigiúil. Roimhe sin, badh é an Ghaedhilg – an t-ainm Ultach – an t-ainm oifigiúil; sé atá ag an Duinníneach mar shampla. Agus chan cionnas gurab é an t-ainm Ultach a bhí sé aige, ach cionnas gurab é an t-ainm staireamhail, agus an t-ainm a ba leitheadaí ariamh ar fud na tíre. Mar chruthú ar sin, níl le deánamh ach amharc ar an ainm mar tháinig sé isteach sa Bhéarla: Gaelic. Chan ó Gaeilge a tháinig Gaelic acht ó Gaedhilg, rud a inseann dúinn gur bh'é sin an t-ainm ba mhó réime in am na hiasachta.

Ach ainm oifigiúil ann nó as, an té ar maith leis Gaedhilg Uladh a labhairt, bhéarfaidh sé Gaedhilg ar an teangaidh i gcomhnaidhe. Scríobhfaidh sé G-A-E-D-H-I-L-G G-A-E-I-L-G – ní dheán an DH ina lár duifir don fhuaim. Ach rud atá tábhachtach, guthaí beag a chur isteach sa chainnt i lár an LG: Gaeil-ig, ar an dóigh chéanna le builgceilgseilg. (Ní fheicim féin buaidh mhór in Gaeilic, rud atá á scríobhadh i gcuid de na heagráin úra de leabharthaí Ultacha, thar Gaeilg.) Agus sa ghinideach: cainnteoir Gae(dh)ilge (Gaeil-ig-e).

Agus an poinnte deireannach sa chomhthéacs seo: ní de Ghaedhilg Uladh an abairt udaí as Gaeilge. Sé an rud a deirtear in Ultaibh – i nGae(dh)ilg.  Luaidheadh an poinnte seo ar shuidheamh eadarlín eile, agus dubhradh mar mhíniú breise leis an scéal go bhfaightear i nGaeilge fá Ghaoth Dobhair agus go bhfaightear as Gaeilge fá Chonamara.  Ach sin an áit a rabhthar contráilte — a ghlacadh leis nach bhfaightear an rud "Ultach" taobh amuigh de Chúige Uladh.  Nó is é fírinne an scéil gur i nGaeilge a deirtear i gConamara fosta.  Ní hannamh Cúige Uladh, Cúige Chonnacht agus Albain ar an iúl lena chéile, agus is mar sin daobhtha sa réamhfhocal a chuireas siad roimh ainm teangtha.  Ach ina ainneoin sin bíonn as Gaeilge mar ghreim coganta i gcomhnaí ag foghluimtheoirí...

Anois rud beag eile.

Le bliadhanta beaga anuas, tá sé ag éirghe coitianta sna meáin Ghaedhilge in Éirinn Gàidhlig a thabhairt ar Ghaedhilg na hAlban, cibé acu fallsacht nó easbhaidh meoin is cúis leis. Dubhairt mé fá Gaoluinn nach ainm canamhainte é ach ainm canamhnach ar an teangaidh iomlán. Mar an gcéanna le Gàidhlig: sin ainm na hAlban ar an teangaidh uilig ó Chorcaigh go Leódhas. Ní chialluigheann sé "Gaedhilg na hAlban" ach oiread is cialluigheann Gaoluinn "Gaedhilg na Mumhan".

Cibé rud a chreideann an mhuinntir a labhrann ar "Gaeilge agus Gàidhlig", agus a bíos in amannaí ag deánamh "aistriúcháin" eadarthu, níor bh'é meon na nGael ariamh gur teangthacha difriúla iad an Ghaedhilg in Éirinn agus in Albain.  Teangaidh amháin a d'ainmnigheadh siad-san.  "Gaoluinn" a bheireadh an Muimhneach uirthi, agus labhaireadh sé ar "Ghaoluinn na hAlban".  "Gàidhlig" a bheireadh an t-Albanach uirthi agus labhaireadh sé ar "Ghàidhlig Éireannach".

Sin an dearcadh céanna atá i bhFoclóir Uí Dhónaill: "Gaeilge na hAlban" atá aige.  Agus "Gaeilge Mhanann," le cois "An Mhanainnís".  Níl a leithéid de fhocal agus "Gàidhlig" i nGaedhilg na hÉireann, ná gnaithe leis.  Níl gnaithe le níos mó ná leagan amháin de ainm na teangtha i bpíosa scríbhneoreachta ar bith nach bhfuil dá scríobhadh d'aonturas i meascán de chanamhaintí.  Más mór ár meas ar Ó Dónaill de ghnáthach, is iongantach an leisc atá orainn géilleadh dó ins an phoinnte seo.

An cineál anailíse a rannfadh an Ghaedhilg ina trí chuid — Gaeilge, Gàidhlig agus Manainnis — tá sí bunuighthe ar phoilitidheacht níos mó ná ar eolaidheacht.  Más mian linn amharc ar na difridheachtaí eadar cineálacha Gaedhilge, 'sé an chéad rud a chaithfidh muid aithne go bhfuil trí phríomh-chineál in Éirinn féin, atá comh fada óna chéile sa chainnt is tá siad ó chineálacha na hAlban agus Mhanann; agus, dá réir sin, go bhfuil cúig chineál (mur bhfuil níos mó) ann san iomlán.  Is comhgaraí go mór Gaedhilg Aontroma, mar shampla, do Ghaedhilg Earraghàidheal ná do Ghaedhilg Chonnacht nó na Mumhan, agus tá an rud céanna fíor go poinnte fá Ghaedhilg Uladh i gcoitinne.  I dtéarmaí mhuinntir na "Gaeilge agus Gàidhlig agus Manainnis", is mó is cosamhla Gaedhilg Aontroma le "Gàidhlig" ná le "Gaeilge" agus b'fhearr leo gan aithne go rabh sí ariamh ann, nó cuireann sí a bpoilitidheacht teangtha bun os cionn.

Anois, ná síltear gurab ionann glacadh leis an méid sin thuas, agus trí fhocal a úsáid (Gaedhilg na hAlban) in áit focail amháin (Gàidhlig), nuair a chaithfear a chur in umhail gur leis an Ghaedhilg in Albain atáthar ag rann.  Bhéadh a leithéid bacach i gceart, ach cuirfidh léarú beag tuigbheála an ruaig air go gasta — má amharcann muid ar na gnaithe ar an dóigh cheart, tiocfaidh an dóigh cainnte ceart chugainn.  Abair go rabh an píosa seo leanas, atá scríobhtha i nGaedhilg na hÉireann, lena saoradh ó mhí-úsáid na fuirme "Gàidhlig":

Focal Gàidhlig é "feasgar", focal a chuala mé go minic agus mé ar chúrsa Gàidhlige ag Sabhal Mór Ostaig, an choláiste Ghàidhlige tríomhadh léibhéal.  Ta lucht na Gàidhlig iongantach bródamhail as an choláiste seo, agus tá eadar Ghàidhlig agus Ghaeilge ag cuid den lucht teagaisc innti.

Seo iarraidh amháin:

Focal Albanach é "feasgar", focal a chuala mé go minic agus mé ar chúrsa teangtha ag Sabhal Mór Ostaig, an choláiste Ghaelach tríomhadh léibhéal.  Tá Gaeil na hAlban iongantach bródamhail as an choláiste seo, agus tá an dá Ghaeilg ag cuid den lucht teagasc innti.

Ní thiocfadh an cás a chur ní b'fhearr ná chuir Colm Ó Baoill é, agus é ag scríobhadh in "Éigse" (2000), lch 132: It is worth adding that the Gaelic language itself sees itself as a single unit. While it is becoming fashionable among the educated in Ireland to equate "Gaeilge" with "Irish" and "Gàidhlig" with "Scottish Gaelic", and while some writing in Scottish Gaelic like to use "Gaeilge", as if it existed as a separate word in their own Gaelic, to mean "Irish (Gaelic)", in the spoken language itself there is only one word, varying with dialect from "Gaolainn" in the south of the continuum to "Gàidhlig" in the north. This word denotes all the Gaelic dialects, and the terms "Gàidhlig na h-Eireann" and "Gaeilge (etc.) na hAlban" are needed to point up national differences. It is because we discuss this subject in English that the terms "Irish", "Scottish" and "Manx" obtrude themselves so forcefully, convincing us that we are speaking of three different Gaelic languages.

Trí phoinnte mar sin:
• "Gaeilg" in áit "Gaeilge"
• "Gaeilg na hAlban" in áit "Gàidhlig" (murab é gur i gcanamhain na hAlban atá muid ag cainnt)
• "i nGaeilg" in áit "as Gaeilge"


Ciarán Ó Duibhín
2007/12/08
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite