GNAITHE GAOIL IS GINEÁLAIGHE

B'fhéidir gur mhothuigh tú nach mórán úsáide a bhaintear as focla mar "uncal", "aintín", "nia", "neacht" nó "col ceathair" sa Ghaeltacht. Shíl mé nár mhiste súil a chaitheamh ar théarmaidheacht an mhuinntearais i nGaeltacht Thír Chonaill.

Rachamuid siar ar dtús. Tá d'athair agus do mháthair ann. Roimhe sin bhí do athair mór agus do mháthair mhór ann. Roimhe sin, do ghar-athair agus do ghar-mháthair. Agus roimhe sin arís, do dhubh-athair agus do dhubh-mháthair.

An bealach eile, tá do mhac do nighean ann. Ina dhiaidh sin, do ua. Ina dhiaidh sin, do fhionn-ua. Agus ina dhiaidh sin, do dhubh-ua.

Mar shampla, ba í máthair Shéamuis 'ic Grianna: Máire Eibhlín Néillín Shéamuis. Seo mar scríobh Séamus fána mháthair in "Nuair a bhí mé óg", Caibideal X: "B'ise nighean Eibhlíne; ua Néillín; agus fionn-ua Shéamuis. Ba é athair mór a máthara a rinne a' caoineadh cosgarthach udaigh [An chéad Mháirt den Fhoghmhair]... Ba é a gar-athair a rinne na ceoltaí seo...". Agus thug mac eile le Máire, Seán Ban 'ac Grianna, "mo dhubh-athair féin" ar Shéamus.


Anois is féidir téarmaí eile a dheánamh astu sin.  Is ionann do "uncal" agus deartháir do athara deartháir do mháthara.

Is í do "aintín", deirfiúr do athara deirfiúr do mháthara.

Is é do "nia", mac do dhearthara mac do dheirfiúra.

Is í do "neacht", nighean do dhearthára nighean do dheirfiúra.

B'fhéidir go dtug tú fá dear thuas nach rabh na téarmaí "gar-mhac" nó "gar-nighean" againn, tearmaí atá go mór in úsáid ag an lucht foghlamtha ar "ua".  Anois, tá na téarmaí seo ann i nGaeltacht Thír Chonaill, ach chan "ua" is ciall leo — ach clann do dhearthara nó do dheirfiúra!  Seo cupla sampla:
Tá sé i dtoigh ghar-mhac Mhichelonne. (Faoi Chrann Smola, lch 48)
Mar sin de, a Véronique, a nighean, an rachthá chuig an ghar-mhac? (Faoi Chrann Smola, lch 80)
'Seadh, mo ghar-mhac dona! (Eachtraí Sherlock Holmes, lch 436)


A leanstan leis na téarmaí comhdheánta, is iad "first cousins", clann an dá dhearthára, nó clann an dá dheirfiúra, nó clann an dearthára agus an deirfiúra.

Is iad "second cousins", an dá ua.

Is iad "third cousins", an dá fhionn-ua.

Is iad "fourth cousins", an dá dhubh-ua.

Is iad "first cousins once removed", clann is ua.

Is iad "second cousins once removed", ua is fionn-ua.

Is iad "third cousins once removed", fionn-ua is dubh-ua.

pioctúir annseo.


Córas é a b'éigean dó bheith ag fóirstean do dhaoine nach rabh scríobhadh acu, ach a mb'éigean daobhtha an t-iomlán a choinneáil ina gcloiginn. Tá sampla breagh den chóras seo in úsáid i gCaibideal XII de "Caisleáin Óir":

“A mháthair-mhór,” arsa Séimidh, i ndiaidh a theacht 'na' bhaile, “an bhfuil gaol ar bith againne do bhunadh Mháirtín?”

“'S fada 'mach é,” ar sise.

“Shílfeá,” arsa Donnchadh Mór, agus é istuigh a' cuartaidheacht, “go bhfuil Séimidh a' smaoitiú ar a ghabháil i gcleamhnas Mháirtín, nuair atá gnoithe an ghaoil ag cur bhuartha air. Béidh sé maith go leór mur' bhfágaidh Babaí 'gol i n-áit na maoiseóige é mar rinne sí le maighistir na scoile.”

“'Dhonnchaidh Mhóir,” ars an t-seanbhean, “ní rabh sé saor ó pheacadh agat cluasa an mhaighistir sin a líonadh nó go dtug tú air a theacht a iarraidh mná nach rabh toil aicí dó.”

“Char líon mise a chluasa ar chor ar bith,” arsa Donnchadh, “acht líon seisean mo chuid-se. Shíl mise an dóigh a rabh sé ag cainnt go rabh achan chineál ar aghaidh boise aige. 'Rabh tú 'g órdú domhsa, nuair a tháinig an duine uasal chugam le n-a bhuideál biotáilte, 'rabh tú 'g órdú domh a bheith comh díth-múinte agus go gcuirfinn suas do bheith leis?”

“'Cainnt ar ghaol a bhí tú, 'Shéimidh?” ars an t-seanbhean. “Fan go bhfeicidh mé. Seáinín Mór agus Conall Ó Fríghil clann a' deirbhshiúr-'sa'-deárthair; Micheál Sheáinín agus Tarlach Chonaill a' dá Ua; d'athair agus Máirtín a' dá fhionn-ua; tusa 'gus Babaí, déarfaidh mé, an dá dhubh-ua.”

Tháinig cineál cotuighthe ar Shéimidh nuair a h-ainmnigheadh é féin agus Babaí i gcuideachta a chéile.

“Tá sibh saor ar cháin,” arsa Donnchadh Mór, “ó rachas sibh taobh amach de na fionn-uaí.”

“Druid do bhéal ó do chuid amaidighe,” arsa Séimidh, ag éirghe dearg san aghaidh.

“Siud an fhírinne, 'ghiolla so,” arsa Donnchadh. “Níl mise gan eólas a bheith agam ar dhlígheadh na h-Eaglaise. Nó bhí mé 'smaoitiú a ghabháil amach imbliadhna — chuig cailín beag cúiseach atá thoir annseo i Lag-Sháidhbh-óige, níghean de Bhrocaí Phádruig a' mhuirteáil. Tá sí féin 's mé féin ar na h-uaí le chéile, 'ghiolla so, rud a bheir orm fios a bheith agam nach bhfuil cáin ar bith taobh ba 'muigh de na fionn-uaí.”

“Leis a' ghreann 'fhágail ar ndiaidh,” ars an t-seanbhean, “tá fréamh eile ghaoil nó dhó ag Séimidh annseo de chloinn Mháirtín. Tá mise agus Síle Chuirrístín — go ndeánaidh Sé 'mhaith ar na mairbh — clann-a'-bheirt-deártharach; fear a' toighe seo agus Máirtín an dá ua; Séimidh agus clann Mháirtín an dá fhionn-ua.”

“Béidh a' cháin ann,” arsa Donnchadh Mór.

Agus ba mheasa 'ná buille de bhata an t-amharc a thug Séimidh air.

“Tá tuilleadh ann,” ars an t-seanbhean. “Gaol mhuintir na Brághad. Bríghid Chéillín agus Nualaitín a' clann-a's-ua; Peigí Tharlaigh Dhuibh agus Croidheán ua-a's-fionn-ua; bean a' toighe seo agus bean Mháirtín fionn-ua agus dubh-ua; Séimidh annseo agus clann Mháirtín dubh-ua agus glún taobh 'muigh de sin.”

“Nach bhfuil a' gaol reaithte, 'mháthair-mhór, ó théid sé taobh sé taobh amach de na dubh-uaí?” arsa Séimidh.

“Tá agus reaithte sul a dtéid sé baoghal nó guais ar fhad leó,” arsa Donnchadh Mór. “D'imthigh an gaol, a ghiolla so.”

“Ní hé an gaol a d'imthigh acht an dáimh,” ars an t-seanbhean. “An dream atá ag éirghe aníos anois níl fhios ag a leath car bh'ainm de na gcuid aithreach-mór, chan é amháin fios a bheith aca cé tá ar na h-uaí a ghaol leó. 'S neamh-ionann 's nuair a bhí mise óg. Bhí an fhuil te an t-am sin, agus d'aithneóchtha duine de do chaoirigh féin nuair a chasfaidhe ort é.”

Tá rud le rádh ag Seán Mac Maoláin fá ghnaithe gaoil i dTír Chonaill i measc a bhfuil aige annseo.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/13
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite