Gread

Caidé tá i bpáirt ag na leaganacha Béarla seo uilig: to beat a drum, to slam a door, to kick or drive a football, the crash of the waves, a lash of a whip, a blow of a hammer, driving rain, ... to push, shove, drive, hit, strike, beat, collide, kick, thump, bump, roll, throw, blow, fire, drive, fight, defeat, knock, hammer, slam, smash, bash, lash, crash, clash, dash, thrash, bang, flail, flay, clap, slap, batter, chatter, clatter, sting, race, clear off, stomp, persevere...

Tá teangmháil láidir fhisiciúil i gceist in achan chás.  Duine a dheánfadh an teangmháil, b'fhéidir, d'aonturas nó de thaisme, nó ainmhí a dheánfadh í, nó an ghaoth nó an fharraige.  Ach an focal a bheir an Béarla ar an teangmháil sin, brathann sin ar an rud a ghní an teangmháil nó ar an rud lena ndeántar í.  Ní mar sin don Ghaedhilg, tá focal beag simplí Gaedhilge a fhóireas go minic: gread.  Ach is beag an seans go dtiocfadh tú ar gread má amharcann tú ar fhoclóir Béarla–Gaedhilge faoi cheann ar bith den il-iomad focal Béarla sin thuas.

Sampla simplí de úsáid an fhocail:  Chuir fear radio ceist ar Dhomhnall Mac Diarmada, file Ghaoth Beara, fán am a mbíodh sé ar scoil.  Caidé bhíodh sibh a dheánamh, a d'fhiafruigh sé, i gclós na scoile. , arsa Domhnall, bhímís ag greadadh a chéile! Ó, ag bualadh a chéile a bhíodh sibh, a dubhairt an fear eile, ag iarraidh tuigbheáil a bhaint as cainnt Dhomhnaill. (pushing, shoving)

Cuirfidh mé tuilleadh samplaí i láthair, do réir an fhocail Bhéarla is fóirsteanaí sa chás.  Is iongantach mar a fhreagrann an focal beag seo, gread, don éagsamhlacht seo focal i mBéarla.

beating a drum:

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 148, líne 29
Dromaí dá ngreadadh agus brait ghlasa a' lúbarnaigh leis a' ghaoith.

beating a bucket (as a makeshift drum):

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 205, líne 14
Bhíodh siad a' siubhal thart a' séideadh na bhfídeog agus a' greadadh na bucóide agus iad ar a sáimhín suilt.

striking a coffin (in grief):

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 173, líne 19
Mhair sí ag greadadh an chláir agus 'acha'n bhúirthe croidhe-ghointeach caointe aicí, go dtí go mb'éigean do na mná í a streachailt leo dhe n-a h-aindeóin 'un tseomra sa deireadh.

striking the coalface with a pick:

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 99, líne 20
Seo na h-aislingeacha a spreag a chuid urraidh, agus é ag greadadh le n-a phiocóid ar bhalla an ghuail, agus é sínte ar a leath-taoibh amuigh shiar faoi'n talamh.

grenade struck side of lorry:

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 212, líne 19
Thainig granád láimhe anuas fríd an aer as cúl chlaidhe bharr na mbeann agus greadadh in éadan thaobh an loraidh deiridh é.

two people collided in doorway:

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 247, líne 5
Greadadh an bheirt in éadan a chéile [sa doras]

hitting your head against a stone wall:

Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín, lch 46, líne 15
I ndiaidh an iomláin goidé atá sé ach mar bhéadh daoine ag greadadh a gcuid cloigeann i n-éadan bheanna an chladaigh, ag fiacháil le na réabadh.

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 25, líne 17
Is minic a chonnaic mé é [tarbh mire] a' greadadh a chloigne i n-éadan bhalla na páirce, agus gach aon bhúirthe mire aige, agus beárnaigh fosgailte fá chupla slat dó.

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 25, líne 21

[Frainc 'ac Gairbheá ag cainnt ar Thomás Carlyle] Tá sé a' greadadh a chloigne i n-éadan an bhalla ag iarraidh a theacht amach agus doras fosgailte ag n-a thaoibh.

his heels were knocking against the door (fear a bhí crochta ar chúl dorais):

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 133, líne 10
B'iad a dhá sháil ag greadadh an dorais a rinne an tormán a chuir isteach orainn nuair a bhíomar linn féin ag comhrádh.

the shout would have knocked the two sides of the glen together:

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 44, líne 9
Shílfeá gur dhual de'n gháir sin dhá thaoibh an ghleanna a ghreadadh ar a chéile.

people being smashed against rocks (i ndiaidh tuitim isteach in abhainn ghairbh):

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 172, líne 19
Bhíthear ... ghá ngreadadh in éadan carraigeach agus leacach.

boat thrown on the the rocks:

Séamus 'ac Grianna: An Teach nár Tógadh, lch 201, líne 25
Ní rabh ann acht go rabh an focal as a bhéal nuair a greadadh an bád i n-éadan na carraige agus stealladh an toiseach aisti.

waves crashing on to the shore:

Séamus 'ac Grianna: Le Clap-Sholus, lch 231, líne 17
Bhí aoibhneas orm ag éisteacht le ceol na doininne — an ghaoth a' búirthigh sa tsimléir agus an tuargan a bhí ag na tonna 'á ngreadadh i n-éadan bheanna an chladaigh.

waves striking a boat:

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, ag toiseacht ar lch 212, líne 12
An bád ag éirghe agus ag tuitim, an tonn ag greadadh a gualann, agus an Baoigheallach go h-ealadhanta ag tabhairt stiúradh tirim daoithe.

foam dashing to and fro:

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 66, líne 5
D'fhosgail siad a súile agus chonnaic siad na cnapannaí cubhair ag greadadh anonn agus anall agus rud fútha a bhí cosamhail le cunamar luinge.

rain driving against the windows:

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 18, líne 12
thiocfadh léithe an fhearthainn a chluinstin ag greadadh in éadan na bhfuinneóg.

rain battering down on one's head:

Seosamh 'ac Grianna: Dochartach Dhuibhlionna, ag toiseacht ar lch 19, líne 13
Bhí an fhearthainn 'ghá mo ghreadadh sa chloiginn mar bhéadh na mílte sgiúirsí ann.

to be blown in, blown about:

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, ag toiseacht ar lch 85, líne 31
[doras] Taobh amuigh a bhí na hinnsí air, agus b'éigean dó troid leis an ghaoith ag iarraidh a fhosgladh, agus nuair a d'éirigh leis a dhul isteach, greadadh é féin agus an doras isteach, mar sgaoilfí as gunna fríd an ádhmad é.

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, ag toiseacht ar lch 296, líne 28
Chuaidh siad ó thuaidh go dtí na gleanntaí uathbhásacha a mbíonn gaoth na Mara Fuaire dá ngreadadh.

he drove in against Spitz (madaidh ag troid):

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 85, líne 22
Níor stad sé ina choiscéim, ach ghread suas in éadan Spitz, guala ar ghualainn, comh cruaidh sin agus gur sháirigh air greim sceadamáin a fhagháil air.

fang clashed fang (wolf-dogs fighting again):

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 88, líne 7
Bhí a dhá gcár ag greadadh ar a chéile

hammering on the door:

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 108, líne 20
Chualaidh sí an greadadh ar dhoras na cisteanach.

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 225, líne 25
Bhí an fear amuigh ag greadadh ar an chomhlaigh arís.

hammering on the floor:

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 207, líne 2
Goidé bhí ann acht a' chreatalach thíos ar íochtar agus é ag greadadh an lafta fúm le bata, ag iarraidh orm éirghe.

sled-dogs being hammered with sticks:

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 60, líne 17
[madaidhthe] Ní rabh beinn aca ar na smaichtíní a rabhthar dhá ngreadadh leó.

sled-dogs being lashed with a whip:

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 122, líne 18
[madaidhthe] “Na maistíní fallsa, cuirfidh mise mothú ionnta,” ar seisean, ag gabháil dhá ngreadadh leis an fhuip. 

person lashing out blindly:

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 116, líne 26
Rinneadh caorthacha mire de Cheallaigh Mhór, agus thoisigh sé a ghreadadh gan stuaim gan réasún.

horse lashing out with hind legs:

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 60, líne 10
Ach sgannruigh an léaródh tobann an capall... le sin ghread sé leis na cosa deiridh agus tháinig an crudh iarainn i lár an éadain ar Straker.

a tongue-lashing:

Seosamh 'ac Grianna: Na Lochlannaigh, lch 88, líne 9
Agus ghoin sí agus ghread sí Maolmórdha le n-a teangaidh gur imthigh sé de rúide uaithe agus go deachaidh sé go seomra ina rabh Murchadh Mac Bhriain agus Conaing Mac Donnchuain ag imirt fíthchille.

a fight started:

Séamus 'ac Grianna: Caisleáin Óir, lch 115, líne 15
Le sin chruinnigh an sluagh isteach sa mhullach ortha mar bhéadh tonn a' bharra ann nó tuile na h-abhanna, agus thoisigh an greadadh.

to fight, batter one another:

Séamus 'ac Grianna: An Clár is an Fhoireann, lch 49, líne 14
Beirt a tógadh sa doras ag a chéile agus a bhí riamh laghach carthannach le chéile, toiseacht a ghreadadh a chéile i lár an aonaigh ar mhaithe le mnaoi!

Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin, lch 122, líne 19
Ghread fir Ghleann' tSúilighe a's scroblach Leitir Ceanainn a chéile ar aonach an tSean-Bhaile,” arsa Féidhlimidh, “acht ba le muinntir Ghleann tSúilighe a ba treise.”

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 500, líne 2
Annsin bhí búirfeach theann fhiadhain ann; agus greadadh tiugh marbhthach bataí; agus fuath ar a gcúl. 

to be drive/throw people out:

Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin, lch 49, líne 36
“Fágadh cneadhmháin a's coluimneacha ar Chlann Ghráinne, greadadh amach as an bhaile iad, a's leanfaí iad acht a bé an sagart.

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 63, líne 1
Eadar sin is meadhon oidhche, ní fhuígfeadh sé teach na bainse, dá mbeithidhe ghá ghreadadh amach le súiste. 

to drive a horse forward:

Pádraig Ó Gallchobhair: Cáitheamh na dTonn, lch 13, líne 8
Ghread Mícheál an capall trasna fríd an uisce go dtí'n taobh eile, agus rinneadh dearmad de scéal Phádraig leis a' deifir.

to slam a door:

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 34, líne 2
Ach an tráthnóna sin bhí na teinteóirí ag tabhairt ais-fhreagrach air go doscuightheach agus bhí siad ag greadadh dhorsa na sorn mar bhéadh mire an éadóchais ortha. 
Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, ag toiseacht ar lch 63, líne 1
Eadar sin is meadhon oidhche, ní fhuígfeadh sé teach na bainse, dá mbeithidhe ghá ghreadadh amach le súiste. 

he slammed the door in my face:

Séamus 'ac Grianna: Le Clap-Sholus, lch 229, líne 32
Sé rud a ghread sé an chómhla amach i m'éadan. 

to throw down a sack [i modh dubhshláin]:

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 176, líne 23
“Thig cinnte,” arsa Mac Uí Bhriain, ag greadadh síos saic le taoibh cheann Matthewson. 

to clatter around (as the ship pitched):

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 76, líne 15
[slis bhriste guail sa dorchadas] Ach chuala sé ag sleamhnú agus ag greadadh í, agus í i dtólamh comhgarach dá chloiginn.

churning:

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 98, líne 10
[cuinneog bainne] Bhuail mé é go rabh mo dhá sciathán marbh liom; acht, dá mbéinn 'á ghreadadh ó shoin, ní bhrisfeadh sé.” 

to beat, best, get the better of (in competition):

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 12, líne 2
Cha rabh aon aeridheacht dá rabh Máire Bhán uirthí ar fud na Rosann nach bhfaca sí Cathal Ruadh ag greadadh a dtáinig os a choinne ag 'acha'n seort lúth-ghaisgidheachta.

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 127, líne 21
Bhí sé ina oibridhe, ina throdaidhe, ina phótaire, ina chearrbhach, ina cheoltóir, agus ní rabh aon chéird acú seo nach rabh sé ábalta 'acha'n fhear a dtáinig os a choinne a ghreadadh aicí ó fuarthas aithne air i n-Albain. 

applause (greadadh bos):

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 263, líne 5
Nuair a bhí an t-amhrán ráidhte aige ní chluinfeá a dhath ar do chluasa le greadadh bos ar feadh chupla bomaite.

Seosamh 'ac Grianna: Dochartach Dhuibhlionna, lch 30, líne 41
Sgairteadh ar Art Óg agus ar Sheán Néill agus ar chupla duine eile; agus bhí callán agus greadadh bos ann a thógfadh an ceann de'n teach, dar leat.

wringing of hands (greadadh bos):

Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin, lch 54, líne 13
Ba sin an t-aon uair amháin in mo shaoghal a chonnaic mé eaglaiseach ag gol a's ag greadadh bos.

Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin, lch 79, líne 16
“A mhic na mío-chomhairle, cluinfear do chaoi má ghní tú cleamhnas le coimhighthigh!” ar sise a's í ag greadadh bos.

a clap of the hands:

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 212, líne 13
A fhad 's bheitheá ag greadadh do dhá bhos ar a chéile cuireadh claidhe trasna an bhealaigh mhóir nárbh fhuras a leagan.

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 128, líne 12
[an Chrúbach] Sciord sí amach sráid Ghort an Choirce agus d'fhág sí an margadh ar ghreadadh boise acu féin.

to have hands slapped (as at school):

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 32, líne 22
Acht a Dhia na glóire, má greadadh an dá láimh agat agus gan tú acht i n-a thús! [an cheastóracht]

teeth chattering:

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 13, líne 20
Bíonn corr lá sa Mhárta ann agus dá mbeitheá ar a' taoibh ó thuaith den Rannaigh bhéadh do chár á ghreadadh ar a chéile leis an fhuacht.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 97, líne 7
Chuaidh a' gasúr a luighe agus chuach sé é féin ins na bratógaí comh maith is tháinig leis, agus a chár á ghreadadh ar a chéile leis an fhuacht.

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 15, líne 14
Bhí a cár ag greadadh ar a chéile, agus bhain sí teas na teineadh amach.

to clear off, push off, shove off:

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 15, líne 13
“Deán do shuipeár agus gread leat a luighe,” ar sise, “nó ní dheánfaidh mé gealasacha ar bith duit.”

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 16, líne 21
“Maise dar liom-sa go bhfuil sí iongantach,” arsa Jukes, agus é ar an daoraidh, agus ghread sé leis síos ón droichead.

Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 87, líne 19
Shíl an sean-duine a's na deirbhshiúracha go muirbhfeadh sé iad, acht ní thearna sé acht a n-anamnacha a phronnadh ar an aidhbheirseoir a's greadadh leis.”

Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin, lch 106, líne 34
Ar maidin d' ith mé crág bhiolair ó'n díogaidh, d' ól mé bolgam uisce ó'n fhuarán a's ghread liom.

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 186, líne 7
Ghread sé leis agus 'acha'n smailc aige as a phíopa go dtáinig sé ar an ródh toightheach a rabh an teach ann, amuigh ar imeall na cathrach. 

to fire a gun at, open fire on:

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 73, líne 6
Agus achan fhear agus a ghunna réidh aige le greadadh ortha nuair a thoiseochadh an gleo. 

his heart beat fast, raced, quickened:

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 79, líne 14
Thionntuigh sé thart go gasta agus a chroidhe ag greadadh le lúthgháir thobann. 

Annsin, tá an ghreadfach — toradh an ghreadaidh — ann (Béarla: pain, stinging, throbbing, nip)

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 32, líne 19
Chuirfeá do lámha faoi d'asgallaí agus cár ort ar mhéad na greadfaighe.

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 234, líne 24
Nuair a mhusgail mé bhí an lá glan, agus greadfach dheileóir ins an mhaidin mar bíos i dtús an fhuaicht.

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 76, líne 3
Fhóbair gur bhain an buille sin a mheabhair de Bhuck, agus theann sé ar gcúl agus an sreangán ag baint greadfach as arais agus arais eile.

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 30, líne 23
[madadh a chonnaic sneachta don chéad uair] Chuir an stuf bán gread ina theangaidh mar dhéanfadh aibhleog bheó, ach seal fhaiteadh na súl ina dhiaidh sin níor mhothuigh sé greadfach nó stuf bán. 

Anois, caidé an uair dheireannach a léigh tú an focal gread i dtuairisc ar chluiche peile nó iomanaidheachta, áit nach mbíonn ar siubhal ó thús go deireadh ach greadadh?

Deir daoine go bhfuil foclóir úr Béarla–Gaedhilge de dhíth orainn, le go mbéidh focla Gaedhilge againn ar na rudaí úra uilig a tháinig ar an tsaoghal ó cuireadh an foclóir deireannach ar fagháil. Bhuel, tá corr-rud úr ann, ceart go leor — inneall ríomhaireachta, nó guthán pearsanta. Ach corr atá siad, dar liom-sa, nó níl mórán úr faoin ghréin i ndáiríribh; tá bunús na rudaí mar a bhí siad ariamh, agus go mórmhór, tá mothúcháin an duine mar bhí siad ariamh. Agus má tá foclóir úr Béarla–Gaedhilg de dhíth orainn  — agus aidmhighim go bhfuil — tá sé de dhíth orainn ar an ábhar a bhí sé ariamh a dhíth orainn — lena innse dúinn caidé mar chuirfeas muid Gaedhilg nádúrtha ar ár gcuid smaointí, agus úsáid cheart á bhaint as focla mar gread.  Ach chan le h-innse dúinn gurb é "mineastróine" an Ghaedhilg ar "minestrone", nó gurb é "maenad" an Ghaedhilg ar... seadh, "maenad".


Ciarán Ó Duibhín
2006/12/11
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite