NA BRIATHRA MÍ-RIAGHALTA
Tá rud beag nó dhó, i dtaca leis an briathra mí-riaghalta de i nGaedhilg Chúige Uladh, nach bhfuil mar atá sa Chaighdeán Oifigiúil.
ghní, tchí, bheir, gheibh
Ar dtús, tá ceithre cinn de na briathra agus tá foirm dheas ghoirid acu san aimsir láithrigh, nuair nach mbíonn leithéid "ní" nó "an" nó "nach" nó "go" rompa — nuair a bhíonn siad "lom", mar a déarfá. Seo iad: ghní, tchí, bheir, gheibh. Ní minic a bhíonn gnáth-ruball na haimsire láithrighe leo seo — is minicí "gheibh sé" ná "gheibheann sé", mar shampla.
Ar ndóigh, bíonn áthrach de fhoirm orthu i ndiaidh leithéid "ní" srl: ní dheánann, ní fheiceann, ní thugann, ní fhaigheann, agus sin an fhoirm a órduigheann an Caighdeán Oifigiúil nuair a bhíonn siad lom comh maith, ach is acoimrí i bhfad liom na foirmeacha gearra sa chás sin.
An rud a tchí an páiste, ghní an páiste.
Tá an rud céanna, chomhair a bheith, ann leis na briathra céanna san aimsir fhaistinigh: tchífidh, ní fheicfidh; bhéarfaidh, ní thabharfaidh; gheobhaidh, ní bhfuighfidh. Agus le "ghní", sé atá ann: dheánfaidh, ní dheánfaidh.
tar, théid, chluin
Annsin tá trí bhriathar eile — tar, téidh, cluin – a bhfuil foirmeacha goiride acu san
aimsir láithrigh, agus seasann na foirmeacha sin i ndiaidh "ní" srl.:
thig, ní thig; théid, ní théid; chluin, ní chluin.
Is fiú a thabhairt fá dear nach de Ghaedhilg Uladh ar chor ar bith an fréamh "tag". In áit "tagann" deirtear "thig" nó "tig". In áit "tagaigí", deirtear "taraigí". In áit "go dtaga", deirtear "go dtaraidh" nó "go dtigidh". I dtaca le "tagtha" de, níl a leithéid de fhocal ann, nó níl gnaithe le haidiacht bhriathardha ag briathar nach nglacann cuspóir; sé an Ghaedhilg ar "I have come"—"tháinig mé".
An pioctúir leathan
Anois, chan le Cúige Uladh amháin na fréamhacha gearra seo atá mé i ndiaidh a luadh. Tá siad ann in Albain o chionn go cionn, agus do réir mar théid tú siar in am in Éirinn, is mar sin is mó a chasfar ort iad, in achan chearn — ag Céitinn thuas sa Mhumhain, mar shampla.
Agus, má shocruigheann Ultach go n-abróchaidh sé "feiceann sé" in áit "tchí sé", mar shampla, chan é amháin go bhfuil sé ag áthrú ó leagan Ultach go dtí leagan nach bhfuil Ultach, ach fosta tá sé ag áthrú ón leagan is leitheadaí go dtí an leagan is teoranta, gidh go mb'fhéidir go síleann sé gur a mhalairt atá á dheánamh aige.
Míreanna na haimsire caithte
San aimsir chaithte de na briathra mí-riaghalta, sé seo an duifir is mó eadar Gaedhilg
Uladh agus an Caighdeán Oifigiúil. I nGaedhilg Uladh deirtear:
níor dhubhairt, ar dhubhairt, nár dhubhairt, gur dhubhairt
ní tháinig, an dtáinig, nach dtáinig, go dtáinig
ní thug, an dtug, nach dtug, go dtug
agus de ghnáth:
ní chuala, an gcuala, nach gcuala, go gcuala
Arís, tá cleachtadh Chúige Uladh annseo cosamhlacht le cleachtadh na hAlban. An áit a
bhfuil rogha le deánamh in Éirinn san aimsir chaithte eadar "an" agus "ar" (mar shampla),
in Albain is eadar "an" agus "an do" atá an rogha. Gidh nach bhfuil na leabharthaí tagartha
uilig ar aon fhocal, tá patrún na roghanna in Calder's "Gaelic Grammar" (mar shampla) ag teacht go h-iomlán leis an phatrún Ultach:
an dubhairt ( = an d'thubhairt, ó "thubhairt"),
an tàinig, an tug, an cuala
Bí
Siad seo foirmeacha an bhriathair shaoir:
aimsir láithreach: bíthear, ní
bhíthear;
aimsir chaithte: bhíthear, ní rabhthar
Agus rud eile fán bhriathar seo, ní chuirtear séimhiú air i ndiaidh an mhír choibhneasta
san aimsir láithreach: a bíos, a bíthear
Is den aimsir chaithte "a bhíthear".
Agus tá foirm ar leith a chleachtann Séamas 'ac Grianna mar fhoirm choibhneasta
den aimsir láithreach roimh "sé", "sí",
"sibh", "siad": a bídh (sé, sí, sibh siad)
ith, fág, marbh
Tá ceann de na briathra míriaghalta aitheanta a mbíonn athrú préimh ann san Aimsir
Fháistineach agus sa Mhodh Choingheallach:
ith > íosfaidh sé, d'íosfadh sé
Ach tá cupla ceann eile ar an dóigh chéanna i nGaedhilg Uladh, gidh nach
bhfeictear ar liostaí na mbriathra míriaghalta iad:
fág > fuígfidh sé, d'fhuígfeadh sé
(cluinfidh tú: fágfaidh, d'fhágfadh ag cainnteoirí maithe fosta)
marbh > muirbhfidh sé, mhuirbhfeadh sé
Acoimre
Bun agus bárr an scéil, go mbaintear lán-fheidhm i nGaedhilg Uladh as: