Is, agus eagar na bhfocal ina dhiaidh

Tá muid cleachtthaí le habairtí mar seo:
Is iasc bradán.
Is mise an doctúir.

In abairtí mar seo, ceanglann "is" dhá rud le chéile.  Iasc agus bradán. Nó mise agus an doctúir.

Anois, seo an cheist: caidé an riaghal a leagann síos an t-órd ina mbíonn an dá rud seo san abairt?  Chan ceist í a chuireas isteach orainn mórán agus muid ag cainnt.  Tá fhios againn uilig nach bhfuil sé ceart a rádh: Is bradán iascIs an doctúir mise, agus ní abrann muid a leithéid.  Ceist teoiriciúil í, mar sin, ach ceist shuimeamhail: cad chuige a dtuiteann siad san órd ina dtuiteann siad?

Is iomaí dóigh a tugadh faoin cheist seo a réidhteach.  Luigh cuid de na daoine isteach ar shamplaí mar Is iasc bradán agus rinne siad amach go mbíonn ciall níos farsaingí ag ceann den dá rud a cheanglann is ná ag an cheann eile.  Is farsaingí an chiall atá le iasc ná an chiall atá le bradán.  Rinne siad amach mar sin go dtig an ceann farsaing ("predicate", "faisnéis") roimh an cheann chumhang ("subject", "ainmní").  "Is – farsaing – cumhang", arsa siadsan.  Ach ní go maith a oibrigheann an míniú seo le Is mise an doctúir.  Níl ceann amháin den phéire seo níos farsaingí ná an ceann eile — duine aonair atá sa dá chuid.  Ina dhiaidh sin, tá órd amháin ceart agus an t-órd eile mí-cheart; tá riaghal eighinteacht in easnamh orainn go fóill.

Annsin, dubhairt daoine eile go rabh ceann den dá rud ina chuid den chómhrádh cheana féin, agus go rabh an ceann eile ag tabhairt rud eighinteach úr isteach.  Caidé an rud bradán?  Is iasc bradán.  Bradán an sean-rud sa chómhrádh, iasc an rud úr.  Cé agaibh an doctúir?  Mise an doctúir.  An doctúir an sean-rud, mise an rud úr.  Thug siad seo "topic" (ádhbhar) ar an tsean-rud agus "comment" (eolas) ar an rud úr.  "Is – rud úr – sean-rud," dar leo.  Ach fan go fóill.  Cé thusa?  Is mise an doctúir.  Sin an abairt chéanna, ach an iarraidh seo, mise an sean-rud, an doctúir an rud úr.  Ní dheánfaidh an míniú seo gnaithe ach oiread.

Léirigheadh fíor-réidhteach na ceiste in trí alt ar "An tUltach" sna bliadhanta 1937 agus 1938, le scríbhneoir a thug "An Dóirneálach" mar ainm pinn air féin.  Sé mo bharamhail féin gurbh é ár sean-chara Séamas 'ac Grianna a scríobh iad — sin, nó Seán Mac Maoláin.  Thaispeán sé nach farsaingeach céille, nó nuaidheacht ádhbhair, a shocrann an t-órd, ach comhréir ghlan — ranna cainnte.

Rinne "An Dóirneálach" ceithre rannóg as na rudaí a gheibh muid in abairtí den tseort:

Anois, riaghail an Doirneálaigh: an dá rud sin a bhíonn in abairt le is, bíonn siad roimhe na chéile de réir na rannóg sin:

   

1

2

3

4

Is

fear

mise

   

  

Is

fear

    

Séamas

  

Is

fear

  

  

an doctúir

Is

  

mise

Séamas

  

Is

  

mise

  

an doctúir

Is

  

é

Séamas

an doctúir

Tabhair faoi deara an é i gcolún 2 san abairt deireannach sin.  Is cosúil nach ceadmhach go mbéadh colún 1 agus colún 2 folamh san am amháin.  Sé sin le rádh, tá riaghail eile ann: más de rannógaí 3 agus 4 an dá rud a cheanglann is, cuirtear forainm isteach i gcolún 2, forainm den tríomhadh pearsa agus den aon inscne agus uimhir leis an chéad rud den dá rud ina dhiaidh.  (I gcanamhaintí eile, bhéadh an forainm seo ins an dara agus ins an tríomhadh habairt fosta, sa dóigh is go mbéadh colún 2 i gcomhnaí líonta.)  Siad é, í agus iad na trí nidh a nochtas, mar bhéadh fear maide ann, de thoradh na riaghlach seo i gcolún 2, roimh an dá rud atá á gceangal go fíor le is:
Is é Séamas an tiománaí
Is í Máire an bhanaltra
Is iad Micheál agus Domhnall mo dheartháireacha
Ní thig liom a mhíniú cad chuige a dtig an forainm seo isteach, ach tig sé isteach.

Clúduigheann riaghal an Dóirneálaigh cuid mhór.  Ach tá fuighilleach le glanadh suas.  Abair gur den cholún amháin an dá rud in abairt — is iasc bradán (2 x colún 1), ba é m'athair an ceannachóir (2 x colún 4). Sa chás seo, ní cuidiú ar bith riaghail an Doirneálaigh, agus thig linn tuitim siar ar fharsaingeach céille agus athchoimreacht.  Bíonn claonadh ann an ceann is farsaingí céille a chur ar dtús:
Is iasc bradán
Más ionann farsaingeach daobhtha, dheánfaidh ceachtar den dá órd gnaithe:*
Ba é m'athair an ceannachóir
Ba é an ceannachóir m'athair

Sé sin, mura bhfuil ceann amháin acu i bhfad níos fuide ná an ceann eile: sa chás sin, tiocfaidh an ceann athchomair ar dtús:
Ba é — m'athair — an ceannachóir nár aithin duine ar bith san am
Ba é — an ceannachóir — m'athair, a bhí i ndiaidh pilleadh as Meiriceá
Má tá ceann fada i gcolún 1 (m.sh. fear nach leigfeadh a chnámh leis an mhadadh), is féidir an mhórchuid de a bhogadh go deireadh na habairte:
Is fear é nach leigfidh a chnámh leis an mhadadh
Is féidir a rádh gur ar fharsaingeach céille agus ar athchomaireacht atá na rannógaí féin bunuighthe.

Ina dhiaidh seo uilig, níor fhoghluim daoine mórán ón Dóirneálach.  Tá na Braithre Críostaí ag coraidheacht go fóill le "ainmní" agus "faisnéis" (eagrán úr, "An abairt ionannais", lch 183ff, agus riaghlacha ar muin riaghlacha acu).  Níl gá, ach an oiread, leis an eadardhealú a ghní na Bráithre eadar "abairt aicme" agus "abairt ionannais".  An riaghail chéanna, mar a chonnaic muid, a chlúduigheas an dá chuid.  Ach mar a dubhairt an Dóirneálach féin, cé bhéarfadh aird ar dhóirneálach gharbh?  Bhuel, bhéarfaidh muidinne.

Agus anois, tá an deacracht deireannach sa cheist seo le réidhteach.  Sna samplaí thuas, bhí mise agam i gcolún 2 — Is mise Séamas, Is mise an doctúir.  D'fhéadfainn mé, tú, tusa, eisean, ise, sinn, sibh, sibhse, iadsan a chur in áit mise.  Ach dá bhfiachfainn le é, íiad a chur ina áit, ní bhéadh an abairt ceart a thuilleadh: Is é Séamas, Is iad na saighdiúirí, srl.

Níl sé ró-dhoiligh a fheiceáil caidé bhéadh cearr le habairtí mar sin.  Nó ar chluinstin na bhfocal Is é Séamas duit, ní bhéadh fhios agat, ag an phoinnte sin ama, cé acu bhí an abairt críochnuighthe (agus é agus Séamas á gcur i gceangal), nó an rabh tuilleadh le theacht: Is é Séamas an doctúir, mar shampla (Séamas agus an doctúir á gcur i gceangal).  Ní bhéadh fhios agat, comh fada sin isteach san abairt, caidé an pháirt a bhí ag é san abairt.  Chaithfeá bheith ag smaoitiú gur ceann é den dá rud a bhíthear á gceangal ag is.  Ach annsin dá dtigeadh an doctúir ar shála Shéamais, bhéadh ort é a chaitheamh amach as a shuidheachán, agus an doctúir a chur ina áit.  Ní fhuilingidh an intinn éiginnteacht mar sin a iomchur ar aghaidh chomh fada; caithfidh sí fios a fhagháil láithreach caidé tá le deánamh leis an é.

Sé an réidhteach, fear maide a dheánamh den é (nó íiad) i gcolún 2, agus a chur isteach arís ag deireadh na habairte: Is é Séamas é, Is í an bhanaltra í, Is iad mo dheartháireacha iad.  Fear maide a bhí san é cheana féin in: Is é Séamas an doctúir.  Anois, thig leis an intinn a ghlacadh leis, nuair a chastar Is éIs íIs iad uirthi, nach bhfuil san fhorainm sin ach fear maide, nach ceachtar den dá rud é atá á gceangal, ach go bhfuil an dá rud sin le h-ainmniughadh ina dhiaidh.

Ní éirigheann an deacracht le forainm ar bith eile, diomaite de é, í, iad, a bheith suidhte i gcolún 2, fiú le eiseaniseiadsan.  Nó tuigtear ar an toirt ó cheann ar bith acu-san gur ceann é den dá rud atá le ceangal.  Nó ní thig isteach de fheara maide, nuair is de na colúin 3 agus 4 an dá rud atá á gceangal, ach é, í agus iad.


* Nóta breise, 04/03/2008

Líne d'amhrán a tháinig chugam:

      'Sí mo phaidir mo dheor

Do réir ár mbreitheamhnais féin, an é sin an t-aon órd atá ceadmhach?  An bhfuil "'Sí mo dheor mo phaidir" inráidhte?  An ionann ciall don abairt thuas agus do "Is paidir mo dheor"?

De cholún 4 an dá chuid san abairt thuas, agus ní bhrúigheann riaghail an Doirneálaigh an t-órd sin nó a mhalairt de órd orainn.

Is féidir scrúdú a dheánamh ar an phaidir agus ar an deor, ó thaoibh fairsinge na céille, nó ó thaoibh a nuaidheacht sa chómhrádh i suidhmheanna éagsamhla, féacháil an gcuirfidh sin bac ar órd amháin nó ar órd eile.  



Ciarán Ó Duibhín
2002/11/26
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite