Láimhdeachas
Ní hannamh a thig an focal láimhseáil chun a' bhéil chugainn. Nó cluinntear fosta
deighleáil ag daoine (le fuaim d an Bhéarla, de ghnáthach).
Tá sampla amháin de láimhseáil sna leabharthaí atá
iontaobhtha agus atá faoi mo láimh agam:
Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 169, líne 25
Badh é an rún a bhí ag an tráchtálaidhe a chapall a láimhseáil ins an dóigh go dtiocfadh
leis scaoileadh le n-a námhaid agus ins an am chéadna coinneáil fhad ón tSioux agus nach mbuailfí
le saighid é.
The trader's plan was to keep just out of the range of the Sioux's arrows, and to manoeuvre his
horse so that he could get frequent shots at his enemy without exposing himself to the slightest
danger.
Agus tá sampla amháin de fhoirm eile den fhocal — láimhsiú — ag an maverick sin
Niall Ó Domhnaill:
Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 116, líne 16
A ÉIREANNAIGH AONTAITHE, tá saighdiúirí an mhór-náisiúin ar an chósta agaibh le gach arm agus lón,
le gunnaí a bhéas á láimhsiú ag na fir a chuir a n-anam ar crith ins na saighdiúirí b'fhearr
san Eoraip…
Ach caidé an fhoirm den fhocal a bíos ag na scríobhnóirí Conallacha de
ghnáthach? Tá, láimhdeachas.
Séamus 'ac Grianna: Le Clap-Sholus, lch 100, líne 6
B'fhiú foghluim a thabhairt dó ar a' dóigh le gunna a láimhdeachas.
Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín, lch 17, líne 30
Dá mbéadh sé thall, bhéadh an duine bocht fá chearthaidh agus fa chotadh, díoghbháil nach mbéadh
fhios aige an dóigh le uirneis an itheachain a láimhdeachas.
Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín, lch 20, líne 10
Rith an ama chonnaic sise Labhras Óg ag láimhdeachas an rópa, agus chonnaictheas díthe
go rabh rud inteacht leigthe fa dtaobh dó.
Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 60, líne 8
Ní rabh aca acht cupla gunna agus gan cleachtadh ag mórán aca ar a láimhdeachas.
Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 230, líne 14
An fear a dtiocfadh leis piocóid is sluasaid a láimhdeachas agus bara fá n-a lán créafóige
a thiomáint ar chlár ocht n-ordlach déag, céad troigh ó'n talamh, bhí an fear sin sa rang a b'airde
agus bhí droch-mheas ar na dreamannaí eile aige.
Séamus 'ac Grianna: An Clár is an Fhoireann, lch 62, líne 32
Ní thiocfadh leis sleaghán ná speal ná rámha ná ball ar bith eile uirnéise a
láimhdeachas.
Seaghán 'ac Meanman: Ó Chamhaoir go Clap-Sholas, lch 105, líne 25
Fuair Maghnus arm déanta mar dhuine agus dá mhéad agus rinne sé de chleachtadh 'á láimhdeachas
ba ghairid go dtí nach raibh aon fhear píce ins an chonndae a thiocfadh a chur ar an iomaire
leis.
Seaghán 'ac Meanman: Rácáil agus Scuabadh, lch 26, líne 29
Tá an suairceas an-tarrangtach acht doiligh a láimhdeachas a's a cheannsughadh.
Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 258, líne 24
Ghoil Driot nuair a d'amharc sé ar an athair agus é ag láimhdeachas an bhata rith an
ama.
Driot pleurait en regardant le père, qui maniait toujours la canne blonde.
Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 277, líne 16
[sean-leabhar]Bhí na coirneáil caithte maol aca ar mhéad is fuair siad de
láimhdeachas.
Ils étaient arrondis aux coins, par le frottement
Anois, cé na cineálacha rudaí a ndeántar láimhdeachas orthu?
Gunnaí:
Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 20, líne 9
Dubhairt duine amháin go rabh an sluagh ró-mhór agus go rabh na píléirí comh fáiscthe sin
istoigh eadar an daoine is nach dtiocfadh leo na h-airm a láimhdeachas.
Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 76, líne 11
Agus má's nidh é go gcaithfear pileár a chur ins an duine ghránna níorbh' fhearr liom a bhfaca mé
ariamh 'ná é tuitim ar chrann Chonaill an Chorráin an gunna a láimhdeachas.”
Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 81, líne 16
Naoi gcloigne as na seacht gcloigne déag a bhí i n-innimh gunna a láimhdeachas, agus bhí
Conall an Chorráin agus an Caiftín é féin ar na naoi gcloigne sin.
Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 82, líne 7
An fear ar thuit sé ar a chrann an t-arm teineadh a láimhdeachas cá fhad a bhéarfas sibh dó
leis an obair a dhéanamh?”
Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 254, líne 1
Chuala Séimín baicle aca dá gcur in ordughadh ag an diúnlach seo, agus nuair a chuala sé
boltaí muscaod dá láimhdeachas d'fhág an croidhe é.
Arm eile:
Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 61, líne 8
B'aoibhinn an t-amharc é, na píosaí geala loinnireacha sin, na mílte acú dá láimhdeachas
ag na fearaibh agus gan de shuim acú ionnta acht oiread is dá mba gráiníneacha coirce nó
cruithneachta iad.
Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 179, líne 32
Bhí an sagart ina sheasamh, an claidheamh dá láimhdeachas aige mar thógfaí leis é.
Seosamh 'ac Grianna: Na Lochlannaigh, lch 92, líne 5
Bhuail Maoilsheachlainn é le glic-mharcuigheacht agus le deagh-láimhdeachas an mhaide,
agus fuair sé a ríoghacht arais.
Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 178, líne 5
“Ach caithfidh tú ar tús foghluim airm a láimhdeachas.”
“But thou must first acquaint thyself with the use of arms.”
Rudaí amscaidh:
Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 98, líne 11
Is cinnte go mbéidh triúr de dhíth leis a' chliabh úd a láimhdeachas — beirt le n-a
choinneáil 'na sheasamh, duine ar gach taoibh, agus an tríomhadh duine le n-a líonadh.
Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 248, líne 13
Bhí mórán de na ceannachóirí iad féin ag láimhdeachas an rud a bhí ceannuighthe aca.
Beaucoup d'acheteurs opéraient eux-mêmes le déménagement de leur lot.
Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 80, líne 24
Ag gabháil isteach chuig Náblainn dó, an oidhche seo, bhí sí go gnoitheach fán teinidh
ag láimhdeachas na bpotaí agus na scilead a rabh boladh a dhinnéara ag teacht chuige asta.
Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 247, líne 31
Agus bhí sé ag amharc anois air agus lucht a láimhdeachais 'á thógáil leo agus 'á chur ar carr,
agus an carr ag imtheacht sa bhomaite agus an chéad chuid de chreach an chaisleáin leis.
enlevés par les déménageurs, et rangés dans une voiture, qui emporta de suite ces premières dépouilles
du château.
Rudaí so-bhriste (láimhdeachas faithchilleach):
Séamus 'ac Grianna: Le Clap-Sholus, lch 97, líne 20
[soitheach tábla] Acht caithfe tú a láimhdeachas go suaimhneach faithchilleach.
Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 205, líne 31
Bhí an buidéal i n-a luighe ar a thaoibh aige, agus é iongantach faithchilleach 'ghá láimhdeachas
he had brought it with much care, hugging and patting the bottle
il l'avait apporté avec beaucoup de précautions, caressant la bouteille
couchée
Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 639, líne 4
[duilleog sean-pháipéir] B'éigean dó í láimhdeachas go socair.
It required the daintiest handling.
Láimhdeachas garbh (rudaí nó daoine):
Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 66, líne 16
[long bhriste] Bhíothas ghá láimhdeachas go fuathmhar, agus bhíothas ghá bualadh go
fiadhain.
There was hate in the way she was handled, and a ferocity in the blows that fell.
Dans leur acharnement on sentait de la haine, de la férocité dans leurs coups.
Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 105, líne 29
An chuid a bhí loitthe ghlac siad go humhal leis an láimhdeachas a fuair siad.
while those who were hurt submitted to rough handling, blinking rapidly without a plaint
Il y en avait de blessés, qu'on maniait sans précaution, mais qui supportaient cela sans se plaindre,
avec simplement un battement spasmodique des paupières.
Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 196, líne 16
Bhí fear amháin aca, go háirithe — an fear a chuir an piléar fríd an tsíleáil — agus
ba chuma leis caidé an cineál láimhdeachais a dhéanfadh sé ar ghirseachaí.
Le doctúir (examination):
Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 165, líne 20
A fhad agus bhí mé ghá láimhdeachas, bhí sean-Swaffer ina sheasamh ag an doras agus gan é
ag labhairt, agus a mhéara ar a liobar uachtarach aige.
While I was examining him, old Swaffer stood silently by the door, passing the tips of his fingers
along his shaven upper lip.
Airgead:
Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 276, líne 10
Agus béidh airgead agus lucht a láimhdeachais de dhith Air, agus béidh fir de dhith Air
mar cheann-phoirt.
And for the money he will have need of getters and keepers, and for the men leaders.
Méaradradh: (fingering)
Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 250, líne 10
Agus san am sin ba é an rud a chualaidh Rousille an greann garbh a bhí na mangairí a dheánamh agus
iad ag láimhdeachas culaith a bhí annsin mar chuimhneachán ar shaoghal neamh-chorthach na
h-óige.
Des mots lui arrivèrent, une rumeur de plaisanteries grossières que faisaient entre eux les fripiers,
en touchant ces reliques de pure jeunesse.
Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 10, líne 27
Agus os cionn an iomláin bhí gliogar píosaí leathna airgid a bhí dhá láimhdeachas
ag Sínigh bhuidhe choimhéadacha.
while above all rose the musical chink of broad silver pieces streaming ceaselessly through the
yellow fingers of the attentive Chinamen.
Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 182, líne 30
Rinne sé a mhiodóg féin a láimhdeachas go gradamach agus chuir sé sa sgabaird arais í,
agus rinne sé osna, sul ar sgaoil sé téad an churaigh.
as he examined his own lovingly, and put it back in the sheath, with a sigh of regret, before
unfastening his canoe.
Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 126, líne 2
[beachógaí] Bíonn sé i gcomhnaidhe ghá gcoimheád agus ghá mion-scrúdughadh agus ghá láimhdeachas.
Scaifte daoine:
Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 109, líne 22
Trí fichid marcach agus dhá sgór déag tuagh a bhí siad ann, an sluagh beag daingean sin Chuinn,
a bhí furast a chruinniughadh agus a láimhdeachas.
Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 207, líne 6
Ní maith liom mé féin a mholadh, acht ar scor ar bith tá eolas maith agam ar an dóigh a ndéanadh
Eoghan Ruadh a chuid fear a láimhdeachas.”
Foirmeacha liteardha:
Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 84, líne 18
Ba mhinic Mac Cuarta ag déanamh úsáide de, agus thiocfadh leis a láimhdeachas ní b'fhearr
ná file ar bith eile.
Teibí (gnaithe a láimhdeachas):
Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 185, líne 28
“Is éagcórach amach an mhaise don riaghaltas é bheith ag dúil go dtig leis na péas na gnoithe
a láimhdeachas,” arsa fear na mailidheach giobach.
Acarraí: (manipulate, work, use, wield)
Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 12, líne 27
Acara ghlic a bhí sa bhata, nó nuair a rinneadh é a láimhdeachas, bhí sé ina phíosaí fá innsí,
a rinne maide a b'aoirde ná ceann an fhir.
The latter, after some manipulation, proved to be a cunning device of lesser joints, one within another,
which, when united together, formed a centre pole higher than his head.
Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 244, líne 4
Agus bhí siad den bharamhail gurbh' fheárr neart farsaingighe a thabhairt do na caiple, agus ní rabh
san ughaim ach gléas simplí furas a láimhdeachas.
It was their judgment, also, that, by allowing the fullest freedom of action, the greatest speed
was attainable; accordingly, the harness resorted to was peculiarly simple
Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 336, líne 1
Thóg na daoine gáir nuair a chonnaic siad an dóigh a rabh sé ag láimhdeachas na sriantach.
there were applause for the dainty handling of the reins
Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 167, líne 28
Fuair siad fios go dtiocfadh leis spád a láimhdeachas.
They had found out he could use a spade.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 439, líne 24
San am seo bhí saothar mór acú ag iarraidh seóltóir le fuirne a chur ar na bádaí agus bhéadh sé
furas go leór againn oibriughadh ar shon ár bpasóide. Bhéarfadh siad leó sinn agus fáilte, cé nach
dtearnamar aon rópa a láimhdeachas ariamh roimhe.
Now there was no end of trouble in getting sailors to man the ships, and we could have worked our
passage easy enough; they'd have taken us and welcome, though we'd never handled a rope in our
lives before.
Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 82, líne 16
Ba seo na smuaintightheacha a bhí i n-intinn Bhabalatchi agus é ag láimhdeachas na
céasladh go h-athchomair ag dul trasna na h-abhann go teach an Rajah.
Such were Babalatchi's thoughts as he skilfully handled his paddle, crossing the river on his way
to the Rajah's campong
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 19, líne 19
I gcionn tamaill thiocfadh linn ba a bhleaghan, agus laincís a láimhdeachas, agus ceangal
cinn a chur ar bhoin, agus cuidiughadh le m'athair na gamhna a mharcáil.
After a bit we could milk, leg-rope, and bail up for ourselves, and help dad brand the calves
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 22, líne 23
Bhíomar i n-innimh tuagh agus toireasg treas-ghearrtha a láimhdeachas, na stad m'athair é
féin de'n chineál sin oibre
We could use the axe and the cross-cut saw, for father dropped that sort of work himself
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 420, líne 28
Bhaist a' sluagh “An Triúr Onórach” orthú, agus bhíodh cuideachta mhór acú ag coimheád orthú ag obair
agus gan orthú ach na léinte agus na brístí, agus iad a' láimhdeachais a gcuid piocóid agus
a gcuid sluaisde mar bhéadh fir ann.
The crowd christened them ‘The Three Honourables’, and used to have great fun watching them working
away in their jerseys, and handling their picks and shovels like men.
Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 33, líne 21
[gléasraí iascaireachta] “‘Ní fhuil, nó gan fear a láimhdeachais,’ ars' an bráthair.
Ainmhidhe a smachtú:
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 102, líne 2
I dtaca le marcaidheacht de, ní fhaca mé aon duine ariamh a bhí ábalta capall a mharcaidheacht nó a
láimhdeachas fríd thír gharbh, dhlúith, cosamhail léithe.
As for riding, I have never seen any one that could sit a horse or handle him through rough, thick
country like her.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 374, líne 28
Ní chuirfeadh sé trioblóid ar bith orm-sa nó ar Shéamus iad a mharcaidheacht ó'n uair amháin
a bhéadh an diallaid orthú, ach i ngnoithe a láimhdeachais nó breith orthú ní dheánfamuis
croidhe do Warrigal.
Jim and I could ride 'em easy enough when they was tackled, but for handling and catching and
getting round them we couldn't hold a candle to Warrigal.
Ó Dónaill, FGB:
láimhdeachas, (act of) handling, manipulation.
láimhseáil,1: verbal noun of láimhseáil,2
láimhseáil,2: transitive verb: manage, handle
láimhsigh, transitive verb: handle, manipulate; come to grips, grapple with,
seize
láimhsiú,1: verbal noun of láimhsigh; handling, manipulation; grappling, seizure.
Thus, FGB does not indicate that láimhdeachas can be used as a verbal
noun. It puts forward both láimhseáil and láimhsiú as
verbal nouns. But we see that láimhdeachas is what is actually used in Ulster Irish,
almost to the exclusion of the other two.
De Bhaldraithe, the Foclóir Póca and the Foclóir Scoile all have láimhdeachas
as third choice for handling, but otherwise English–Irish dictionaries will be searched in vain for any sign of
it as a possible translation of
handling, fingering, manipulation,
manoeuvring, use, operation, examination, organization,
management, control.
Ciarán Ó Duibhín
2007/03/18
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite