An Aimsir Ghnáth-Láithreach — a mí-úsáid ar lorg an Bhéarla.

Tugann muid cuireadh duit...

Fuair mé litir ar na mallaibh ó cheann de na heagraisí Gaedhilge is mó sa tír. Seo mar thoisigh an litir: "Tugann a leithéid seo de eagras cuireadh duit a bheith i láthair ar a leithéid seo de ócáid."

Sibh féin nach dtugann, arsa mise. Is iomaí ócáid den chineál a bíos agaibh, nach bhfaghaim cuireadh chuici. Agus ar ndóigh is cuma liom fá sin. Ach caidé faoin spéir a thug oraibh scríobhadh chugam anois, a dh'innse domh fá mur gcuid nósanna i dtaca le curthacha de?  Caidé sin damh-sa?

Ach go hádmhail bhí leagan den teachtaireacht i nGaedhilg na hAlban ar an duilleoig fosta, agus sé an rud a bhí annsin "Tha a leithéid seo de eagras a' toirt cuireadh cridheil dhuibh...". Badh é sin é! Chan ag innse domh fána gcuid nósanna a bhí siad ar chor ar bith, ach ag iarraidh cuireadh a thabhairt domh chuig ocáid áirid! Sé ba mhian leobhtha a rádh, dá mbéadh sé ar a gcumas é a rádh, "tá muid ag tabhairt cuireadh duit..." Ach ina áit sin dubhairt siad "tugann muid cuireadh duit..."  (We invite you...)  I ndiaidh go bhfuil siad in ainm a bheith ag cur na Gaedhilge chun cinn, agus deontaisí móra acu fá choinne na hoibre sin, ní thig leobhtha féin éalú ó lorg an Bhéarla, nó is í atá in uachtar ina n-intinn i rith an ama.

Chuir an litir sin leis an bharúil atá agam le tamall: má tá Gaedhilg ar bith fágtha ar an tsaoghal seo, is ag muinntir na hAlban atá sí.


Sléibhte ag éirghe, bóithre iarainn ag rith, talamh ag ísliú, srl.

Seo cupla sampla a thug Seán Mac Maoláin ina leabhar "Lorg an Bhéarla" (1957), lgh 2–4:
Éiríonn an sliabh sin go dtí airde dhá mhíle troigh.
Ritheann an pháirt sin den bhóthar iarainn comhthreomhar leis an abhainn.
Íslíonn an talamh go mear go dtí an loch.
Luíonn Loch Measc ar an taobh thiar de Bhaile an Ródhba.
Síneann an baile sin ón fharraige amach suas go dtí an sliabh.
Éiríonn an tEargal ag barr Ghaoth Dobhair.

Dar le Seán is rudaí iad sin nach mbíonn cor nó bogadh astu. Agus nuair is eadh, chan de nádúir na Gaedhilge a rádh go n-éirigheann siad, nó go ritheann siad, nó go luigheann siad. Mhol sé na leaganacha seo don chéad triúr:
tá an sliabh sin dhá mhíle troigh ar airde
le hais na habhann atá an pháirt sin den bhóthar iarainn
tá an talamh ina fhánaidh chrochta anuas go dtí an loch.


An Aimsir Láithreach ag cur síos ar ar scríobhadh tráth.

Úsáid choitianta sa lá inniu an aimsir láithreach a chur ar rud a scríobhadh tráth.  Seo dornán samplaí as an leabhar bhreágh ar Sheán Mac Maoláin le Gearóidín Uí Laighléis:

Cuireann Mac Maoláin síos ar chupla ócáid ina raibh corraíl i measc lucht na Gaeilge... (31)
Cuireann sé deireadh leis an alt seo agus é ag iarraidh ar lucht BhÁC gan dearmad a dhéanamh ar na Sé Chondae... (37)
Ní thugann Mac Maoláin ach cur síos gairid ar chúrsaí Chomhaltas Uladh... (48)
Molann De Bhaldraithe leabhar Mhic Maoláin go hard ach ceistíonn sé cupla rud... (149)
Cuireann sé neart samplaí ar fáil... (139)
Pléann Mac Maoláin an pointe sin san alt... (146)

An aimsir láithreach — cuireann sé síos, luann sé, maíonn sé, molann sé, cáineann sé, ceistíonn sé, leanann sé air, éirigheann leis, pléann sé, téann sé siar,...

Is féidir a mhaoidheamh go bhfuil an úsáid seo ceart; ar a laghad tá sí coitianta.  Ach níor dhóigh le Seán Mac Maoláin féin gur de nádúir na Gaedhilge í.  An cheist a chuireadh seisean, agus an cheist a chuir sé i "Lorg an Bhéarla" agus atá curtha ar lch 148 de leabhar Uí Laighléis: "Cá mhéad uair sa tseachtain, sa mhí, sa bhliadhain...?"

Cá mhéad uair sa tseachtain a mholann De Bhaldraithe an leabhar?

Cá mhéad uair sa tseachtain a phléann Mac Maoláin an pointe sin san alt?

B'fhéidir gurab é an freagra ar cheist Sheáin: "Achan uair a léigheann muid é."  Agus sílim féin go rabh an ceart ag Seán.  Chan go leanúnach san am i láthair atá na rudaí seo ag tarlú; tharla siad san am a chuaidh thart, uair amháin de ghnáthach, agus sé an aimsir chaithte is cóir a úsaid: "Mhol De Bhaldraithe an leabhar ach cheistigh sé cupla rud", "Phléigh Mac Maoláin an pointe sin san alt".

Nó an aimsir ghnáthchaithte i gcás mar seo: "Uaireanna úsáideann sé frásaí." (164) > "Uaireanna d'úsáideadh sé frásaí."

Amharc fosta:
Nuair
Eachtraí sa stair agus sa mhatamaitic


Ciarán Ó Duibhín
2003/03/17
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite