Leibheann
Caidé an Ghaedhilg a bhéarfá ar "landing"? Sé an Ghaedhilg a thug Domhnall 'ac Grianna air, ina leabhar
"Gadaidheacht le Láimh Láidir" — leibheann.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 698
Go díreach leath bhealaigh suas an staighre bhí leibheann leathan.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 700
Agus bhí stríoc bheag chaol fhola trasna ar chlár a h-éadain nuair a tháinig sí amach faoi sholus
an lampa a bhí thuas ar an leibheann.
Is ionann "leibheann" agus áit atá árd agus cothrom. Agus thig leis an fhocal a bheith feidhmeamhail
do rudaí eile comh maith le "landing".
Rudaí, sa chéad áit, a dtugtar "árdán" orthu ag foghluimtheoirí.
platform traenach:
Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 58
D'fhosgail mé doras a' traen agus tháinig mé de léim amach ar a' leibheann, agus mo chóta mór
ar bhacán mo láimhe liom.
Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 293
Agus bhí na pasantóirí a' brúghadh a chéile fá na dórsa, gach aonduine ag iarraidh tús a bheith
aige féacháil a mbéadh aon ghreim le fagháil ar a' leibheann.
stage ceoil:
Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 262
Thuas ar leibheann bhí buidhean cheoil agus fear amháin i n-a measg ar chuir mé sonnrughadh
ar leith ann.
(grand)stand (racecourse):
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 648
Cuireadh i n-aithne do na daoiní galánta uilig é, agus chonnaic mé ar an leibheann é, agus ins an
chompal a rabhthar ag cur na ndiallaideacha ar na caiple ann, agus é ag bualadh gealltaí deich bpunt,
agus gealltaí leith-chéad punt — bhí dornán maith nótaí leis — agus bhuail sé ar chuid capall na
Dawsons uilig.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 671
Bhí tuairim ar dhuisín capall 'na seasamh agus na cithdeógaí díobhtha réidh fá choinne an rása,
agus bhí lucht na ngealltach ag sgairtigh sean-árd a gcinn ag innse goidé a bhéarfadh siad ar na caiple,
nuair a tháinigeamar deas go leór do'n leibheann le n-a gcluinstin.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 674
Bhí bunadhas na ndaoiní a bhí a' marcaidheacht, bhí siad thíos an áit a rabh na caiple fá ghiota
de'n leibheann, an áit a rabh siad le h-imtheacht as.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 674
Mar sin de, bhí compal an tomhais agus an leibheann 'e dheas de a bheith folamh, an rud a
rabh sean-Jacob a' dúil leis.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 675
Tháinig Mr. Dawson aníos go rabh sé comhgarach do'n leibheann agus annsin sheasuigh siad uilig
suas ins an chóiste.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 686
Bhí 'ach aon duine ag amharc air agus é ar an leibheann mhór, i gcuideachta na Dawsons.
step (beside a well), platform, jetty:
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 34
Bhí an camus comh deas dúinn agus go dtógadh mo mháthair bucáid uisge as nuair a bhéadh ceann a
díothbháil uirthí, ó'n leibheann bheag adhmaid a bhí os cionn pholl glan na coisgrighe.
Níl annsin ach tús. Thig an focal a úsáid ag tagairt den iomad rud eile a bhfuil áirde agus cothroime ann:
áit nádúrtha:
Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 17
Tá an Leachta Mór agus an Leachta Beag agus Leac na hAchuinge ina taobh; agus taobh thiar di tá dhá thobar
bheannaithe faoi leibheann íseal carraige ar a dtugtar an Bhinn, an chéad ulaidh de Thuras Bhrighde.
witness-box:
Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 37
Bhí fear amháin 'na sheasamh ar leibheann a bhí ann agus é mar bhéadh sé ar a mhionna.
gallery amharclainne:
Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 84
Domhnach amháin chuaidh sé 'un na h-amharclainne agus isteach sa leibheann uachtarach.
altar: "they were sitting up on the altar" - chan ar an altóir, ach ar leibheann na h-altóra!
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 667
“Goidé seo! an bhfuilimid ag gabhail ar an leibheann i gcuideachta an mhinistir agus na codach eile?”
Sin é, má tá — platform, stage, landing, step, altar-place, terrace, witness-box, gallery, (grand)stand — le
tuilleadh saineamhlachta nuair is gá sin, msh. leibheann cheann staighre; agus
cén focal a b'fhearr a d'fhóirfeadh don nós úr seo – decking? Ach is baoghalach nach bhfeicfear "leibheann"
os coinne ceann ar bith de na focla sin i bhfoclóir Béarla–Gaedhilg, ar siocair gur ag soláthar focla
Gaedhilge ar choncheapanna Béarla a bhíonn siad, seachas ag soláthar concheapanna Gaedhilge.
ÓD: léibheann (1)
Ciarán Ó Duibhín
2004/08/21
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite