Lusanna agus lustan: flowers agus weeds
Tá dhá chiall le "flower" i mBéarla:
1. an rud beag daithte a fhásas ar bharr an ghais (The flowers are yellow: Bíonn an bláth
buidhe.)
2. an plannta uilig (I set some flowers), nó an species (What kind of flower is that?)
"Bláth" an Ghaedhilg ar an chéad cheann; ach ní headh an Ghaedhilg ar an dara ceann, ar scor
ar bith, ní hé an focal is fearr don ócáid go minic.
Má deir tú "bláth" sa dara cás, gheibh tú rud mar "blátha
fiadhaine" ar "wild flowers"!!!
"Lus" an focla is fearr de ghnáthach, iolra
lusanna/lusracha.
Lus buidhe Bealtaine, lus an mhadaidh ruaidh, etc.
Wild flowers = lusanna fiadhaine, nó
lusanna.
Water flowers = lusanna uisce, etc.
Luibh. Seo focal ar lus ar bith a bhfuil leigheas ann.
Luibh Áranna, luibh na bpeisteog.
"Lustan" an focal ar "weeds" (collective): mar shampla,
Bhí lustan ag fás ar an uaigh
Chaith mé an lá a' baint lustain
Tá focal eile ann, "fiaile", ach ní focal Ultach é.