Méid
Tá dhá fhocal éagsamhla ann.
An chéad fhocal, méid, cialluigheann sé chomh mór is atá rud:
bhí méid mhór sa teach = bhí an teach mór
caidé an mhéid a bhí sa ghasúr? = cé chomh mór is bhí an gasúr?
Focal baininscneach den dara dioclaonadh é seo.
Ginideach: bhí sé i mbun a mhéid(e)
Tabharthach: capall den mhéid sin; an chearc agus an coileach, tá siad fán mhéid chéanna
Sé an darna focal, méid, an ceann corr. Cialluigheann sé an oiread de
rud:
an méid daoine a bhí ar an chruinniú
ní fhaca mé an méid sin airgid ariamh
Focal firinscneach den cheathrú dioclaonadh é seo. Ní thig athrú air sa
tuiseal ghinideach. Ach tá rud eile ann: ní chuirtear séimhiú air sa
tuiseal ghinideach!
Ginideach: Seo punnta duit ar son an méid a rinne tú;
Chuir sé na clocha seo i gcionn an méid a bhí aige
An sampla a bheir na Bráithre Críostaí (alt 24.26): leath an méid sin
Ní abrann na Bráithre a dhath fán tuiseal tabharthach. Ach, má ghní
muid scrúdú ar na leabharthaí Conallacha, gheibh muid an dá rud —
séimhiú agus gan séimhiú:
Nuair a thiocfadh cupla scór de lucht gunnaí orthu agus scaoilfidhe cupla rois leo,
dheánfadh sé a súile don méid aca a bhéadh beo ina dhiaidh
(Séamas 'ac Grianna, An Teach nár Tógadh, lch 216)
Dearc ar an mhéid a chosnóchas sé dó an siopa úr seo a chur ag gabháil
(Tadhg Ó Rabhartaigh, Thiar i nGleann Ceo, lch 153)
Is doiligh i gcomhnaí a bheith cinnte cá mhéad de eagarthóracht a rinneadh
ar na leabharthaí seo, ach tá rud amháin soilléar: gur minicí go mór a
fhágtar an tuiseal tabharthach gan séimhiú, díreach mar a ghníthear leis an
tuiseal ghinideach.