Mullóg

mullóg — seo an cineál focail a bhfuil baramhail againn caidé is ciall dó, ach ní dóiche go bhfaca muid nó go gcuala muid ariamh míniú ceart air, agus bhéadh sé doiligh againn féin an míniú sin a thabhairt; agus bíonn cineál de leisc orainn dá réir sin an focal a chur in úsáid muid féin.

mullóg: rud atá ina chnap ós cionn a bhfuil thart fá dtaobh de, mound, heap, hump, bump; ach gidh go dtig le mullóg a bheith beag, thig léithe a bheith comh mór le sliabh.

San abairt dalladh mullóg is minicí a thig muid ar an fhocal, ar ndóighe, más é an focal céanna é; is ionann dalladh mullóg a chur ar dhuine agus bréag a chur in umhail dó agus tabhairt air rud a dheánamh nach ndeánfadh sé dá mbíodh fios na fírinne aige.

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 67, líne 17
B'fhuras dalla-mullóg a chur ar na péas, cé go mbíonn siad díbhirceach go leor corr-uair.

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 122, líne 20
“Níor shamhail mé riamh aroimhe, a Thuathail Mhóir,” ar seisean, “go rabh sé comh furas sin do scannrughadh, nó dalladh mullóg a chur ort acht oiread.

Séamus 'ac Grianna: An Teach nár Tógadh, lch 127, líne 13
“Faoi Dhia, caidé mar tháinig leat dalladh mullóg a chur ar a' doctúir?”

An é an focal céanna é? Fiachfaimid leis an cheangal a dheánamh i gcionn bomaite, ach pillfimid anois ar bhun-chiall an fhocail.

Is minic gur de chréafóig a bhíonn mullóg deánta. Nuair thochailtear poll sa talamh, is annamh nach mbíonn mullógai créafóige ag a taoibh.

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 73, líne 28
Bhí an poll ag éirghe domhain agus mullógaí na créafóige ag éirghe árd.

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 69, líne 4
Bhí maide mór fada trom agus lorg an tseádh ins na cinn aige, 'na luighe ar mhullóig den úir.

Agus nuair a líontar poll arais, is gnáthach go mbíonn mullóg ar a bharr. Is amhlaidh le huaigh, mar shampla.

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 87, líne 2
... líonadh an uaigh go dtí go rabh sí 'na mullóig cosamhail leis na h-uaigheannaibh eile a bhí thart oirthí.

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 86, líne 20
Agus bhí mórán mullóg inntí [reilig] nach rabh crosa ar bith orthú, an áit ar caitheadh síos fá dheifre na daoiní a fuair bás ó tháinig an droch-shaoghal.

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 82, líne 35
(árdán)Bhí mullóg [de uaigh] ina lár agus an féar ag toiseacht a theacht.

Ach is féidir gur de rudaí eile seachas créafóg a bhéadh mullóg deánta:

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 109, líne 31
Corr-uair thiocfadh mullóg toinne isteach agus rachadh sí fríd an ghreallach cubhair a bhí ar an bhórd.

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 330, líne 18
B'iomdha uair a chonnaictheas í [bád] ag teacht trasna eadar na cuibhrinn agus lasta de fhéar úr innti agus duine de chuid pháistí La Terre-Aymont i mullaigh na mullóige agus é ag gabháil cheoil.

Molann Gearóid Ó Cairealláin mullógaí a thabhairt ar na humps bumps ramps a shíntear ó thaoibh go taoibh an bhealaigh le bac a chur ar anluas na gcarrannaí.  Sa ríomhaireacht, molaim mullógmaológ ar pad, m.sh. mullóg leanta ar tracker pad.


Agus thig le mullóg a bheith comh mór is gur cuid den tírdhreach í. Seo dornán acu, ón chuid is lugha go dtí an chuid is mó:

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 124, líne 12
Agus ag gabháil thar mullóig daoithe a d'fhágfadh as a amharc í, thionntuigh sí agus chroith sí a lámh air.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 139, líne 22
Tá aithne mhaith ag caiftíní bád beag ar an tsean-mhuileann gaoithe atá ina sheasamh ar mhullóig bhig mar bhéadh carn aoiligh ann.

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 9, líne 9
Gainimh a bhí san chuid eile uilig, gainimh mín mar bhéadh tráigh nighte ann, nó méilte cruinne, nó maoilte nó mullógaí.

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 270, líne 10
Shiubhail siad díreach ó thuaidh go ceann leath-uaire, go dtí gur nocht an cuan chucú eadar dhá mhullóig shléibhe.

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 261, líne 18
Tháinig an bheirt charad go bruach na habhann, agus lean siad casaidheacha an bhóthair, thar mhullógaí árda, agus isteach i ngleanntáin, a bhí faoi thoighthe tíre.

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 570, líne 28
Nuair a tháinig siad go dtí an bealach mór eadar Cnoc na Masla agus an dara mullóg de Shliabh na n-Oluidheadh thuit sí leis an tuirse.

Anois, ar deireadh, seo sampla suimeamhail, agus b'fhéidir go ndeán sé ceangal eadar gnáth-chiall an fhocail agus dalladh mullóg:

Seaghán 'ac Meanman: Rácáil agus Scuabadh, lch 56, líne 5
An bhó nó an chaora a théid ó ísleáin mhéithe go talta árda garbha is iomdha nidh a thig a theacht uirthi diomaite de chrupán nó dall na mullóg.

Galar, an eadh, an dall na mullóg seo, a thig ar bhó nó ar chaora, nuair a théid sí amach thuas ar na mullógaí. Caidé mar théid an galar i bhfeidhm ar an ainmhí? An bhfuil dalladh radhairc i gceist?  Tá, do réir Mháire Uí Cheallaigh (Scoil na gCruach, lch 110), galar é ar shúil caora.

Agus ar deireadh dáiríribh, tá sean-ráidhte ann: Más olc maoil, is measa mullóg. Is ionann maoil a bheith ar shoitheach agus í a bheith líonta amach ar an tsúil, nó a bheith "ag cur thar maoil". Nuair a bhíonn sí mar sin, is doiligh gan cuid dá bhfuil innti a dhóirteadh. Tabhair fá dear fosta an sampla thuas as "Ben Hur" ina dtráchtadh ar maoilte nó mullógaí — maolchnuic, mar a bhéadh Na Maola Fionna ann. Cibé ar bith, maoil agus mullóg, 'siad an dá mhar an gcéanna iad. Tá rud amháin acu comh holc leis an rud eile.


Ciarán Ó Duibhín
2008/03/20
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite