NUAIR
Páiste as ceann de na Gaelscoltacha i mBéal Feirste, chuir sé tús ar aiste a scríobh sé á rádh gur minic a chuireann daoine fásta an cheist seo air: Caidé dheánfaidh tú nuair atá tú mór? Creidim gur fíor don pháiste a n-abair sé, agus is mór an truaighe mur bhfaghann sé sampla níos fearr den teangaidh ó na daoine fásta céanna.
Cibé cén riaghal atá ag na daoine sin i dtaca le
haimsirí na mbriathar de, is éadóiche í a bheith níos fusa a thuigbheáil ná
an riaghal cheart:
• más ag trácht ar an am i láthair atáthar, baintear feidhm as an aimsir láithreach
• más ag trácht ar an am atá le theacht atáthar, baintear feidhm as an aimsir fháistineach.
Sí an abairt cheart mar sin: Caidé dheánfaidh tú nuair a bhéas tú mór? (ag fágáil as an áireamh nach ionann Caidé dheánfaidh tú? agus Caidé an obair a dheánfaidh tú? D'fheadfaí freagar a thabhairt ar an chéad cheist agus a rádh: Séidfidh mé an t-aer, agus íosfaidh mé mo bhiadh, agus ólfaidh mé mo dheoch, agus codlóchadh mé san oidhche, agus dheánfaidh mé fiche rud a ghní duine atá ina shláinte... nó tá súil agam go ndeánfaidh.)
Ach an féidir ciall ar bith a bhaint as Caidé dheánfaidh tú nuair atá tú mór? Bhuel, nuair atá tú mór, tá tú mór, agus tá sé buille mall a bheith ag smaoitiú caidé is fearr a dheánamh fá dtaobh de. Sé an chiall atá le nuair atá tú mór, now that you are big. An aimsir láithreach, an t-am i láthair. Tá ciall le gach leath den abairt, ach níl ciall leo nuair a chuirtear an dá leath le chéile.
Chluin tú agus léighidh tú an mhí-úsáid seo na
haimsire láithrigh gach lá
de do shaoghal ar na meáin Ghaedhilge. Ach dearc ar "Graiméar Gaeilge na
mBráithne Críostaí". Más é an seanleabhar dearg atá agat, duilleog
195:
"Is í an aimsir fháistineach a léiríonn am fáistineach ar lorg
"nuair": — nuair a thiocfaidh tú amárach, ar an Bhéarla: when
you come tomorrow."
Nó ins an leabhar úr gorm de chuid na mBráithne, gheobhaidh tú é ar dhuilleog 159.
Thig leat, cinnte, an aimsir láithreach nó an aimsir ghnáthláithreach a chleachtadh i ndiaidh "nuair", nuair is am láithreach nó am gnáth-láithreach atá i gceist. Nuair atá tú annseo, cuidigh liom an fhuinneog a chóiriú, mar shampla.
Nó cuir an dá abairt seo i gcoimheas lena chéile:
Bím sásta nuair a gheibhim mo pháigh ag deireadh gach míosa.
Tá sin ar fheabhas, mar tá seo:
Béidh mé sásta nuair a gheobhas mé mo pháigh ag deireadh na míosa seo.
Ach an rud NACH bhfuil ciall leis:
Béidh mé sásta nuair a gheibhim mo pháigh ag deireadh na míosa seo.
Nó sampla eile, abair go dtug mé pronntanas do pháiste, ach go bhfuil an páiste ró-bheag go fóill leis an úsáid cheart a bhaint as. Ball éadaigh a bhí ró-mhór dó, b'fhéidir, nó bréagán nach bhfuil sé in innimh sult a bhaint as go fóill. Agus seo an rud a dubhairt mé leis an athair nó leis an mháthair: Nuair atá Seán mór, béidh sé maith aige.
Anois, níl de chiall le nuair atá Seán mór ach ó thárla go bhfuil Seán mór — agus sé a mhalairt sin a bhí in mo cheann. Sé ba chóir domh a rádh: Nuair a bhéas Seán mór, béidh sé maith aige.Seo tuilleadh droch-shamplaí a chualathas ag Gaedhilgeoirí gairmiúla ins na meáin ar na mallaibh:
Rachamuid ann nuair a bhisigheann an aimsear.
Béidh mé iongantach sásta nuair a théim ar saoire.
Tchifidh mé é nuair a thig sé.
Nuair a chríochnuighim annseo rachaidh mé na bhaile.
Nó as amhrán nua-scríobhtha:
Tiocfaidh sé nuair a thagann sé
nó sa chomhrádh Gaedhilge ar inneall airgid taobh amuigh de bheanc:
Brú ENTER nuair atá tú réidh.
Sa chás deireannach seo, ba choir a rádh Brúigh ENTER nuair a bhéas tú
réidh
nó b'fhéidir Brúigh ENTER má tá tú réidh.
Anois caidé fá seo: Nuair atá tú sa Chultúrlann, thig leat do dhinnéar a fhagháil ann.
Tá ciall leis—ach b'fhéidir nach é an chiall a
ba mhian leis an chainnteoir a chur in umhail. Tá ciall leis, má tá an té a bhfuiltear ag cainnt leis sa Chultúrlann cheana féin.
"Ó tharla ann thú, fagh do dhinnéar annseo," adeir sé. Ach
mura bhfuil ann ach go bhfuil rún aige/aici dhul chun na Cultúrlainne lá eighinteacht
amach annseo, ba chóir a rádh:
Nuair a bhéas tú sa Chultúrlann, thig leat do dhinnéar a fhagháil ann.
Níl maith a rádh "Nuair atá tú sa Chultúrlann" le duine nach bhfuil sa
Chultúrlann!
Is fada daoine ag tarraingt áirde ar an lorg seo an Bhéarla
ar an Ghaedhilg. In 1957 d'fhoillsigh Seán Mac Maoláin leabhar darbh
ainm "Lorg an Bhéarla", agus badh é seo an chéad phoinnte a tharraing
sé air féin. Thug sé na droch-shamplaí seo:
Beidh áthas ar Phádraig nuair a thagann a bheirt mhac abhaile.
(nuair a thiocfaidh)
Beidh cuibhreann maith turnapaí
ansin agat nuair a fhásann siad. (Scoláire Gaedhilge a
tháinig amach leis an cheann sin!) (nuair a
fhásfaidh)
Mura dtagann an bus roimh a trí a
chlog, ní thiocfaidh sé, ar chor ar bith. (mura
dtigidh, nó mura dtiocfaidh)
(Má bhí Seán buadhartha faoi cheart-úsáid aimsirí na
mbriathar, bhí glacadh aige le foirmeacha neamh-Ultacha daobhtha, mar atá
"tagann".)
Mar is léir ón tsampla deireannach sin, chan le
"nuair" amháin a chleachtann an droch-Ghaedhilg—ar lorg an Bhéarla—an
aimsir láithreach ag tagairt don am atá le theacht. Seo tuilleadh samplaí:
Coinneochaidh mé é comh fada is mhaireann sé (comh fada is mhairfeas sé)
Bhéarfaidh mé duit é, cibé acu thaitnigheann sé leat nó nach dtaitnigheann
(thaitneochaidh... nach dtaitneochaidh)
Tá Altán ag ceol i Halla an Bhaile oidhche Aoine seo chugainn
(béidh Altán ag ceol...)
Tosaíonn an clúdach teilifíse ar 4.30 Dé Sathairn.
(Toiseóchaidh... bhí seo ag
tagairt don tSatharn sin a bhí chugainn agus don lá sin amháin)
Tá mé ag imtheacht 'na Frainnce an mhí seo chugainn
(béidh mé ag imtheacht...)
Dá mhéid againn a chuidigheann leis an
obair, is amhlaidh is gaiste a chríochnóchar í (a
chuideochas)
De réir mar a mheaduigheann tionchar an
Aontais Eorpaigh ar ar tsaoghal,
béidh brú ar theangacha nach teangacha oifigiúla den AE iad (mhéadóchas)
(as ráidhteas le gníomhaí teangtha)