Foghraidheacht "ó"
Seo mar a cuirtear síos ar fhuaim "ó" de ghnáth i nGaedhilg na hÉireann:
"ó" is like the "ow" in "crow"
(The Oxford Irish Minidictionary — agus an iliomad eile dá sheort.)
Seo mar a chuirtear síos air de ghnáth i nGaedhilg na hAlban:
"ò" is like "a" in "hall"
"ó" is like "o" in "comb"
(Dieckhoff's Pronouncing Dictionary of Scottish Gaelic.)
Anois, cé acu den dá chunntas sin is fearr mar a chuireas síos ar fhoghraidheacht Chúige Uladh? Bhuel, tá an leagan Albanach go hiomlán cruinn mar chur síos ar Ghaedhilg Uladh, agus tá an cur-síos Éireannach go hiomlán contráilte. Má amharcann tú ar an
Collins Pocket Irish Dictionary, caithtear an sop seo i dtreo Ghaedhilg Uladh:
"ó" is like "o" in "more" (in Ulster, like "aw" in "law", when not flanked by a nasal
consonant).
Tá an dá fhoghraidheacht ann i gCúige Uladh, mar sin, ag brath ar an fhocal:
• "oh", cosamhail le "more, comb"
•"aw", cosamhail le "law, hall".
Tá an dá dhóigh chéanna ann in Alba, ach go scríobhtar an duifear annsin: "ó" (oh) agus "ò" (aw). In Éirinn scríobhtar mar "ó" iad uilig. Caidé mar
a bhéidh fhios againn cé acu foghraidheacht a fhóireas i bhfocal áirid a bhfuil "ó" scríobhtha ann?
Tá trí rud le rádh agam fá sin:
• is mó go mór líon na bhfocal ina bhfuil "aw" ná "oh"
• mar deir Foclóir Collins, bíonn "aw" ann ach amháin in aice le "n" nó "m", áit a mbíonn "oh" ann
• níos beaichte arís, tá liosta de na focla a bhfuil "oh" ionntu sa leabhar
Giota Maith un Tosaigh le hAntoine Ó Dochartaigh. Seo leabhar scoile — "an intermediate Irish reader" — a foillsigheadh in 1913, ach tá a lán eolais ann a bhéadh ina nuaidheacht ag go leor céimithe ollscoile i gCúige Uladh sa lá inniu. Deir sé (lgh 69–70):
"If to the following list be added some derived words, I think we will have almost all the words in which "ó" receives the sound
"oh" in Ulster:
bóna, a collar; brón, sorrow; cnó, a nut; crón, brown;
lón, a store; mór, big; mónadh, of turf; móta, a mount, a moat;
leónaim, I sprain, I hurt; leónadh, a sprain; deónuighim, I allow;
nós, a habit, a custom; nóta, a note; pónair, a bean; prós, prose;
rón, a seal; sómas, ease, rest; slóc, an edible kind of seaweed, sometimes spelled "sleabhac");
sónntach, simple, easy-minded; srón, nose; tóg, lift; tón, bottom;
tráthnóna, evening; Nóra, Nora, Hannah, Honora."
Tá cupla ceann acu sin nach bhfuil consoin srónach ann: prós, slóc, tóg.
In achan chás eile — agus seo an rud nach gcluinntear inár measc annseo ró-mhinic — bíonn fuaim
"aw" le "ó" nó le "eo": mar shampla (liosta as
Giota Maith un Tosaigh): ór, gold; póg, a kiss;
seól, a sail; eolas, knowledge; eorna, barley; eochair, key;
Eoghan, Owen, Eugene (is fiú an ceann sin a léigheamh arís! Eoghan
Ruadh, Inis Eoghain, Mac Eoghain); beodhacht, liveliness;
teora, a boundary, Muigheo, Mayo. D'fhéadfaí síneadh a
chur leis an liosta gan trioblóid: ól, ceol, óg,...
Scríobhfaí iad seo in Albain le "ò".
I dtaca le hEoghan de, tá fuaim "aw" nó "ò" ann, ach tá an fhuaim eile "oh" nó "ó" in Eoin.
In Albain, ní mheasctar na hainmneacha seo; scríobhthar iad mar Eoghann agus Iain, agus ghníthear
Ewen agus Ian daobhtha i mBéarla. Níor chóir go meascfaí iad in Ultaibh ach oiread, ach sé
foghraidheacht na Mumhan ar na hainmneacha a d'fhoghluim Béarlóirí Chúige Uladh, agus cluintear "ó"
acu sin sa dá ainm.
Agus mar rubaillín ar an scéal, rud beag eile fán fhocal sin "óg" (awg). Castar orainn é go minic sa ráidhte
"Tír na nÓg". Ach an bhfuil fhios agat seo? Ní bhíonn an ráidhte sin — abair í mar "Tír na nohg" nó "Tír na nawg" — ag na scríobhnóirí Conallacha. Is é a bíos
acu-san:
Tír na hÓige: "Oisín agus Niamh Chinn Óir i dTír na hÓige".