Oideas

Tá cupla ciall leis an fhocal "oideas" san fhoclóir: "prescription" agus "recipe" ina measc.

Ba mhian liom ciall eile a mholadh: computer program.

Caidé an rud "computer program"? Cinnte, ní "clár" é.  Is ionann clár agus píosa adhmaid; agus is iomaí rud fá inneall ríomhaireachta is cosamhla le píosa adhmaid ná program. Sraith de orduightheacha atá sa phrogram, a chuireas an t-inneall i bhfeidhm i ndiaidh a cheile, le theacht ar thoradh — iongantach cosamhail leis an dóigh a oibreann recipe.

Agus nuair a ghlactar le "oideas" ar "computer program", tig téarmaí gaolmhara ina rabharta: mar shampla, "computer programmer" — cumadóir ríomhoideas (in áit "clár-eagraitheoir"!); agus "software" — oideasra, os coinne "hardware" – inneallra.

Ní thig sé salach ach oiread ar an chiall is minicí a bíos le "oideas" — foghlaim. Nó nuair a chumtar ríomhoideas, agus nuair a bheirtear don inneall é, cuireann sin scil úr ar chumas an innill, dálta mar chuireas an foghluim scil úr ar chumas an duine.


Ciarán Ó Duibhín
2002/12/19
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite