An dath é "oráiste"?

Bhí mé uair i dteach sa Ghaeltacht Láir agus bhí fear eile in mo chuideachta a rabh Séamas air. Duine a bhí i Séamas a shíl go rabh freagra cinnte ar achan cheist, ach nach rabh le deánamh ag duine ach na freagraí sin a fhoghluim. Ní rabh áit ar bith don éiginnteacht ina dhearcadh.

Ar scor ar bith, bhí geansaí ar Shéamas an lá seo den dath a dtugtar "orange" air i mBéarla. Bhí an tseanbhean ag coimheád anall air, agus arsa sise leis go tobann "Nach deas an geansaí buidhe sin atá ort!" D'fhobair do Shéamas dhul fríd a chéile le hiongantas. "Buidhe?" ar seisean agus corraí air, "Buidhe?  Níl sé buidhe! Tá sé oráiste!"

Bhal, chan meath ar bith a bhí ar shúile na seanmhná. An rud nár thuig Séamas, nach ionann na dathanna in achan teangaidh.  Má théid tú a dh'fhoghluim na Rúisise, déarfar leat go bhfuil dhá dhath difreamhla ag an Rúiseach san áit nach bhfuil againn ach "gorm".

Sin thall roithleán na ndath.  Tá na dathanna difreamhla le feiceáil de réir mar théid tú thart an ciorcal.  Tá gach dath acu láidir ag an imeall agus lag ag an lár (liath).  Thig an roithleán iomlán a dheánamh níos gile (bán) nó níos dorchacha (donn, dubh).

Tchí tú gan amhras dearg, corcra, gorm, glas agus buidhe.  An bhfeiceann tú an dá chineál guirme a tchí an Rúiseach?  Cá luigheann an teorainn eadar buidhe agus dearg?  An gá go ndeánfadh gach teangaidh bun-dath úr as an talamh cois teorann sin?

Le go labharfaidh daoine ar dhathanna, caithfidh teangaidh an réimse seo a ghearradh ina réimsí beaga, agus ainmneacha a chrochadh orthu.  Nach éadóiche gur ar an dóigh amháin a dheánfaidh teangthacha agus cultúir dhifreamhla an gearradh seo?  Sé an dóigh a ndeánann an Ghaedhilg é, ní ghearrann sí amach réimse ar leith mar a ghní an Béarla le "orange".  Ghní sí gearradh eadar dearg agus buidhe: théid an mhórchuid de "orange" an Bhéarla isteach leis an bhuidhe, agus an chuid eile de isteach leis an dearg.

Buidhe a bhí geansaí Shéamais, i nGaedhilg. Buidhe a bíos "fear buidhe" (nuair nach mbíonn sé ina Oráisteach — ach sin tagairt do cheanntar san Ísiltír). "Glas, bán agus buidhe" — sin dathanna bhratach na tíre. Ar an taobh eile, "dearg" a bíos "meacán dearg".

Má chuartuigheann tú "orange" mar dhath in de Bhaldraithe, ní bhfuighidh tú "oráiste" ach gheobhaidh tú "flannbhuí". Má chuartuigheann tú "oráiste" in Ó Dónaill, tchifidh tú gur toradh é, ach nach dath é. Tá "dath oráiste" ann, ceart go leor, ar an dóigh cheánna is a bhéadh "dath féir" nó "dath sneachta" nó "dath súithche" ann.

Tá sé suimeil fosta a fheiceáil mar rinne Séamus 'ac Grianna an cás a láimhdeachas ar lch 277 de "Faoi Chrann Smola", áit a rabh trácht sa Fhrainncis ar léarscáil "où les deux Amériques réunies par leur ithsme, dessinées d'un trait jaune orange, ressemblaient à une paire de grosses besicles". Scríobh sé: "bhí léar-sgáil den dá Mheiriceá ar an duilleoig seo, iad daithte buidhe ar dhath an oráiste agus cuing eatorra, nó go dtabharfadh siad péire de spéaclóirí móra i gceann duine."

Ina dhiaidh sin, tá leabhar do pháistí a d'fhoillsigh "An Gúm", leabhar ar dhathanna, a scríobhadh i mBéarla ar dtús. Bhí leathanach sa Bhéarla fá choinne "orange", ar ndóigh, agus caidé do bharamhail nach bhfuil Gaedhilg curtha ar an leathanach sin, agus é ag trácht ar dhath darbh ainm "oráiste"! Má bhí an té a chuir Gaedhilg ar an leabhar dall ar dhathanna na Gaedhilge, nach sílfeá go mbéadh eagarthóirí "An Gúm" ní b'eolaí?

Bíonn sé doiligh ag a lán daoine a thuigbheáil go bhfuil duifir níos bunúsaí eadar theangthacha ná go mbíonn focla difreamhla acu ar rudaí — go mbíonn duifir fosta ins an rogha de rudaí a gcuirtear na focla orthu. Ach sin an duifir is mó eadar theangthacha, agus sampla maith de na dathanna.  "Linguistic relativity" a bheirtear ar seo, agus sí an tuigse í a bhí in easnamh ag aistritheoir an leabhair, sin nó b'fhearr leis neamhshuim a dheánamh daoithe.

Tá stáidéar deánta, ar ndóigh, ar an dóigh a ngearrann teangacha difreamhla na dathanna ina réimsí. Scríobh beirt ughdar darbh ainm "Berlin agus Kay" leabhar fá dtaobh de, agus tá cairt mhór daithte i gcúl an leabhair sin, le gach dath agus cuid de dhath a dtiocfadh leat a shamhladh. (Tuilleadh eolais fán leabhar and an chéad phíosa den leabhar féin, ach níl an chairt annsin.)

Sé an rud a ba chóir domh-sa a dheánamh, an oidhche sin fad ó shoin i Learg na Larcán, cóip den chairt sin a fhagháil, nó cairt den chineál a bíos ag lucht díolta péinte. Ba chóir domh na cearnógaí beaga daithte a ghearradh amach, agus a gcur ina moll roimh an tseanbhean, agus iarraidh uirthi a gcur arais ina molltaí ar leith do réir an dath a bhí orthu — gan a rádh roimh ré cá mhéad moll a bhéadh ann, nó ainmneacha a chur orthu.

Is annsin a tchifimís nach dath de chuid na Gaedhilge é "oráiste" ach gur faoi "buidhe" nó "dearg" a chuirtear rudaí den dath sin, agus tchifimís cá luigheann an teorainn eadar buidhe agus dearg. Thig an rannsú sin a dheánamh go fóill.  Ach b'fhearr deifre a dheánamh, nó is goirid uilig a bhéas duine ar bith fágtha beo a bhfuil córas Gaelach na ndathann ina gceann, ar neamhchead do bhrú an Bhéarla agus do leabharthaí amaideacha.


Ciarán Ó Duibhín
2013/08/09
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite