ag plé
Bíonn muid go minic "ag plé na ceiste", ach sin ráiteas nach
bhfuightear ag scríobhnóirí Conallacha. Ní fhaca mé ach beagán sampla de "plé" acu, agus seo iad:
- "bhí na buachaillí ar a bplé, ag snámh" (Pádraig Ó Gallchobhair)
- "scaoil fear urchar, le plé dó féin nó de
thaisme" (Séamus Ó Grianna)
- "i
n-am plé" – le linn briseadh súgartha ar scoil (Séamas Ó
Grianna, An tUltach 13:10:1)
Ar ndóigh, súgradh atá i gceist leis an fhocal seo.
Caidé mar is fearr a rádh "an cheist a phlé", mar sin?
Níl freagar simplidhe agam ar sin. Ach seo dornán samplaí a bhailigh mé, as na
leabharthaí agus as an chainnt
- tuairimí a rannsú, a thómhas agus a mheas —
Pádraig Mac Giolla Cheara (Fánaid)
- an gnaithe a shlámadh, a chíoradh agus a chárdáil — Aindrias Ó Baoighill (Gleann Fhinne)
- a chíoradh agus a shlámadh agus a shocrú — Seán Ó Ruadháin (Muigheo)
- cárdáil, criathrughadh — Séamus 'ac Grianna, Thiar i dTír Chonaill lch 99
- spíonadh agus caibideal — Annie Uí Dhochartaigh, An tUltach 1991 or 1992 (An Coimín)
- spíonadh agus spóladh agus caibideal — John Ghráinne (Rann na Feirste)
- spíonadh, cagnadh agus diospóireacht — Timlín Ó Cearnaigh (sílim), R na G, maidin Dé Céadaoin 22/2/1995
- na deacrachtaí a spíonadh amach — Micheál Mac Aoidh (Ros Guill), R na G, maidin Dé Luain 6/11/1995
Is cosmhail mar sin gurb iad "caibideal" agus
"spíonadh" na focla is coitianta.
Seo iarraidh ar chupla úsáid den fhocal "discuss" a chur i nGaedhilg:
- the question was discussed: rinneadh an cheist a chaibidil, rinneadh caibidil ar an cheist
- they discussed it with the government: labhair siad leis an riaghaltas fá dtaobh de
- they discussed the difficulties: spíon siad amach na ndeacrachtaí
- they discussed the novel: chárdáil siad an t-úrscéal
Agus dóigh eile a dtáinig mé uirthi:
Ba é seo an t-am a gcriathruigheadh siad a ngnoithe. (Faoi Chann Smola, duilleog 40)
Agus, in áit "bíonn sé ag plé le drámaíocht" (involved in), deirfinn
"bíonn sé sáithte i
ngnoithe drámaidheachta" nó a leithéid.
Ciarán Ó Duibhín
2003/05/30
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite