Préachán agus feannóg
Deir na foclóirí gur "crow" an Béarla atá ar "préachán". Níl sin fíor. Ar scor ar bith, tá rud a
thuigfeá as agus nach bhfuil fíor, gurab ionann préachán na Gaedhilge agus
Corvus corone corone, an t-ainm léigheannta atá ar an "crow" sna leabharthaí.
Seo mar tá an scéal in Éirinn. Tá dhá éan againn—ceann dubh, agus ceann liath a bhfuil a chloigeann
agus a chuid eiteogaí dubh: an préachán agus
an fheannóg nó
an fheannóg charrach.
Anois, má théid tú chuig na leabharthaí fá na héanacha, deir siad go bhfuil dhá chineál
crow ann, an fear dubh (carrion crow, nó black crow, Corvus corone
corone) agus fear liath na cloigne duibhe (grey crow, hooded
crow, scald crow, Corvus corone cornix). Agus síltear gurab iad sin an préachán
agus an fheannóg. Ach ní hamhlaidh atá.
Nó dearc ar seo: is ar éanacha na Breataine a chuireann na leabarthaí síos de ghnáthach,
chan ar éanacha na hÉireann; agus in Éirinn, níl a leithéid de rud ann agus
black crow, agus nuair nach bhfuil, ní feidir gurab eisean préachán na Gaedhilge.
Sé rud atá sa phréachán, éan dubh eile den treibh ach nach crow é, éan ar a dtugtar
rook sa Bhreatain (Corvus frugilegus). B'fhéidir go dtugtar crow air seo
in amannaí i mBéarla na hÉireann, ach ná glactar leis gurab é an t-ean a bheirtear
crow air san leabharthaí, nó ní hé.
Mar sin, má tá tú ag iarraidh téarmaidheacht na Gaedhlige a cheangal le heolaidheacht na n-éan, ceangail
an fheannóg leis an grey crow nó hooded
crow, Corvus corone cornix, agus ceangail an préachán leis an
rook, Corvus frugilegus.