Na Réamhfhocla
Cupla poinnte fá na réamhfhocla i gCúige Uladh.
fá agus faoi
Ní dheánann an Caighdeán Oifigiúil
eadardhealú eadar an bheirt seo, ach is gá a dheánamh. Le sin a
fheiceáil, níl le deánamh ach amharc ar abairtí mar seo:
Bhí siad ina suidhe fán tábla
Daoine fá 50 bliadhain de aois
Chaith mé cupla seachtmhain fá Ghaoth Dobhair
Cuireann an Caighdeán d'fhiachaibh orainn "faoi" a rádh i gcómhnaí, rud a
d'athróchadh ciall na n-abairtí seo (go tubaisteach!) Dá mba faoi
Ghaoth Dobhair a bhí tú, bhí tú báidhte.
Agus in áit faoi deara,
deir an tUltach fá dear (Albain: fainear).
Deirtear in áiteacha eile:
faoi bhun = faoi (againn)
faoi thuairim = fá (againn)
agus in áiteacha deirtear
faoin dó a chlog = roimh a dó a chlog (againn)
fríd
Sé fríd nó thríd an leagan Ultach den réamhfhocal a dtugann an Caighdeán Oifigiúil trí air. Le cois gan a bheith Ultach, tá "trí" ró-chosmhail leis an uimhir "trí", agus chan i gcómhthéacs na Matamaitice amháin a thig leis muid a chur amudha.
Léigh mé léirmheas ar leabhar uair amháin, a thoisigh leis na focla seo:
Nuair a bhreathnaigh mé trí chóip den leabhar seo, ...
agus fágadh mé fada buan ag fiafruighe domh féin cad chuige a rabh trí chóip den leabhar
de dhíth ar an léirmheastóir, sular thuig mé gurab é a bhí sé ag iarraidh a rádh: "Bhreathnuigh
mé fríd chóip den leabhar seo."
eadar
Sé "iodar" — le "d" leathan — a deirtear i gCúige Uladh, agus sé eadar is cóir a scríobhadh, mar atá i bhfoclóir an Duinnínigh, agus mar a scríobhadh achan duine é sula dtáinig an Caighdeán Oifigiúil ar an tsaoghal agus idir ann.
In Albain scríobhtar an focal seo i gcómhnaí mar "eadar". Agus lena chois sin, tá focal eile acu annsin, "idir", focal a fuair siad ón tSean-Ghaedhilg, a chialluigheann "ar chor ar bith".
Eile
Tá traidhfil poinntí eile ar shlí a luaidhte, gidh nach gcuireann siad muid ar seachrán
de ghnáthach.
• ní gá eadardhealú a dheánamh in Ultaibh eadar "do" agus "de". Le
"d" leathan a thoisigheann an bheirt.
• le consoin chaol a chríochnuigheann "ar" agus "ag", agus mar sin a scríobhtar iad
in Albain: "air", "aig"
• le consoin leathan trom a chríochnuigheann "ins"; ba chóir a rádh mar bhéadh sé scríobhtha
"ionns" ("anns" in Albain)
• in Oirthear Uladh, ba ghnáthach "roimhe le" agus "thaire le" a rádh in áit "roimh" agus "thar":
"roimhe liom", "thaire leat", srl.
Forainmneacha réamhfhoclacha
Níl ach péire a gcaithfear nóta a dheánamh daobhtha: "do" agus "le":
domh, duit, dó, daoithe; dúinn, díbh,
daobhtha
liom, leat, leis, léithe; linn, libh, leobhtha