SAGART NA PARÓISTE

An bhfuil duifir eadar "sagart na paróiste" agus "an sagart paróiste"? Sé sin, cá huair a mbíonn ceann acu ceart agus an ceann eile mícheart?

Mhínigh Séamas Ó Searcaigh an duifir eadar an dá rud seo i nGaedhilg Uladh, ar "Coimhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt" lgh 7-9, agus tá an duifir simplí go leor:
le "sagart na paróiste" tá sagart ar leith agus paróiste ar leith chun tosaigh sa chomhrádh; tá an dá chuid "cinnte" (definite) mar a deir lucht na gramadaighe;
le "an sagart paróiste" tá sagart ar leith chun tosaigh ach níl paróiste ar leith chun tosaigh sa chomhrádh; tá an sagart cinnte ach níl an pharóiste cinnte.

Dearcaimid ar an dá chás. Sé an chéad cheann is coitianta agus tá sé furas a thuigbheáil: "Bhí mé i nGaoth Dobhair i rith na seachtmhaine agus casadh sagart na paróiste orm" — sagart ar leith agus paróiste ar leith, a thig a ainmniú: paróiste Ghaoth Dobhair.

Leis an dara ceann, b'fhéidir nach bhfuil sé comh follaiseach go dtig le sagart ar leith a bheith i gceist gan paróiste ar leith a bheith i gceist. Bhuel, seo sampla: "Casadh sagart paróiste agus sagart eile le chéile lá amháin. Ars an sagart paróiste leis an tsagart eile..." Nó sampla eile: "An sagart paróiste nach mbíonn anuas ar lucht poitín..." Níl fhios againn cén pharóiste, agus ní éiligheann an scéal go mbéadh fhios.  Sé atá in "an sagart paróiste" ó cheart, "sagart paróiste" agus an t-alt curtha roimhe, leis an chéad ainmfhocal a dheánamh cinnte. Is geall le haidiacht an dara hainmfhocal: sagart paróiste, sagart ruadh; an sagart paróiste, an sagart ruadh.

Mar sin, nuair a tá fhios ón scéal cén pharóiste atá i gceist — ionnas, mar shampla, go dtig í a ainmniú — sé "sagart na paróiste" is cóir a rádh; agus nuair nach bhfuil, sé "an sagart paróiste" an ceart.

Sin an dá leagan cainnte, agus an duifir eadarthu. Ach bíonn claonadh ann ceann amháin a úsáid in áit an chinn eile. Agus tá claonadh amháin le sonnrú i measc na scríobhnóirí Ultacha, agus a ghlan-mhalairt de chlaonadh ins na canamhaintí eile agus i measc an lucht foghlamtha.

Tá claonadh láidir i scríobhnóirí Ghaedhilg Uladh i leith leaganacha den chineál "sagart na paróiste", fiú nuair nach mbíonn paróiste áirid i gceist. Cuireann samplaí mar seo cineál iongantais orainn:

'Sé a mhalairt de chlaonadh atá le sonnrú i gcanamhaintí an deiscirt agus i measc an lucht foghlamtha — "an sagart paróiste" a rádh nuair atá paróiste áirid go soiléar i gceist. I measc na samplaí a d'fhéadfaí a luadh tá "An Chomhairle Chonndae", "An Roinn Oideachais" agus "An Cheathrú Ghaeltachta".

Comhairle na Conndae

Sampla an-choitianta agus an-trioblóideach is eadh "an chomhairle chonndae". Is minic a chluintear a leithéid seo: "Bhí cruinniú den chomhairle chonndae inné.", nuair is cinnte go bhfuil conndae ar leith i gceist, agus gurab é an ceart i nGaedhilg Uladh "Bhí cruinniú de chomhairle na conndae inné." Ach ní chlunnfidh tú "comhairle na conndae" ró-mhinic óna Conallaigh féin ar Radio na Gaeltachta, nó fuair siad iasacht de "an chomhairle chonndae" ó chanamhaintí eile — amach ón Chomhairleoir Fred Ó Colla, a deir "comhairle na conndae" i gcónaí. San am chéanna is beag Conallach nach n-abróchadh "comhairle na paróiste" nó "foireann na conndae" mar is ceart. Cineál de eisceacht "an chomhairle chonndae", eisceacht a fuarthas, mar a dubhairt mé, ar iasacht.

Roinn an Oideachais

Deir Ó Searcaigh gurab é nádúr na Gaedhilge "Roinn an Oideachais", "Aire an Airgid", "Bórd na Tráchtála" srl. a rádh. Cad chuige? Tá, cionnas gurab é "an t-oideachas", "an t-airgead", "an tráchtáil" atá i gceist ins na ranna agus ins na h-airí agus ins na bóird, mar atá in a leithéidí seo: "Tá an t-oideachas furas a iomchur", "Is é an t-airgead íde gach uilc", "Ádhbhar úsáideach é an tráchtáil." Ach cluintear go minic "An Roinn Oideachais", nó "An t-Aire Airgid", nó "An Bórd Tráchtála"; má ghlacann muid "An Roinn Oideachais", cialluigheann sin roinn de chineál áirid, agus tá feidhm aidiachta á bhaint as "oideachais" le hinnse dúinn cén cineál; ní chuireann sé in umhail ar chor ar bith "an roinn a bhaineann leis an oideachas san fharsaingeacht"!

Tá meascán mearaí sa téarmaidheacht oifigiúil i gcás ar bith:
Roinn na Mara, Rannóg an Aistriúcháin: ceart
An Roinn Oideachais: contráilte; sin teideal oifigiúil na roinne atá i mbun theagasc na Gaedhilge!
Bórd na Móna, Bórd na gCon, Bórd na gCapall: ceart
An Bórd Báinne, An Bórd Gáis: contráilte

An Cheathrú Ghaeltachta

Tá sampla eile a tháinig chun tsaoghail ar na mallaibh annseo i mBéal Feirste: an Cheathrú Ghaeltachta. Dar liom go bhfuil an téarma seo gan chuma.

Ar dtús báire, tá an locht céanna ar "An Cheathrú Ghaeltachta" is atá ar "An Roinn Oideachais", nó is é "an Ghaeltacht" atá i gceist i gceann amháin acu, agus "an t-oideachas" sa cheann eile, agus tá sé riachtanach an t-alt a choinneáil rompu.

An fearr "Ceathrú na Gaeltachta" mar sin? Ní shílim gur fearr, nó ní shuidheann ainm áite — mar "an Ghaeltacht" — go compordach sa chomhthéacs seo.  Ní bhéadh cuma ar "Ceathrú na hIodáile", mar shampla; sé rud a deirfí,  "Ceathrú na nIodálach" nó "An Ceathrú Iodálach". Ach níl aidiacht mar "Gaeltachtúil" nó dream daoine mar "Gaeltachtaigh" ann, ná gnaithe leo. Fágaimís "The Gaeltacht Quarter", mar smaointiú agus mar théarma, ag lucht an Bhéarla, agus faighimís téarma a mbéidh ciall agus cuma eighinteacht air, mar "An Cheathrú Ghaelach" (ar nós An Cheathrú Ruadh, An Cheathrú Chaol) nó "Ceathrú na nGael" (ar nós Ceathrú na nIúdach, Ceathrú na Síneach) nó "Ceathrú na Gaedhilge" (ar nós Ceathrú na hÁrd-eaglaise).

An teachtaireacht go hacomair arís:
Molaim "sagart na paróiste", "comhairle na conndae", "roinn an oideachais" a rádh, nuair is cóir iad sin a rádh; sé sin, nuair a bíos an dara hainmfhocal den phéire cinnte. Ná habair "an sagart paróiste", "an chomhairle chonndae", "an roinn oideachais" ach nuair a bíos an dara hainmfhocal den phéire neamhchinnte. Sin nós Ghaedhilg Uladh, bíodh a rogha nós ag canamhaintí eile.


Ciarán Ó Duibhín
2002/05/08
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite