Scainneagán

Caidé an Ghaedhilg a bhéarfá ar gravel?

Ins na foclóirí Béarla–Gaedhilge, gheobhaidh tú gairbhéal. Agus tá gairbhéal in úsáid corr-uair, ag Seaghán 'ac Meanman agus ag Niall Ó Domhnaill, i measc eile. Ach tá focal eile atá níos coitianta agus níos fearr ar gachan bhealach: scainneagán.

Cialluigheann scainneagán mionchlocha, ach gan a bheith comh mín le gaineamh, ná comh garbh le doirling. Agus is minic a thig muid ar an dá fhocal le chéile, gaineamh agus scainneagán, nó doirling agus scainneagán. Tá an focal in FGB: scaineagán: coarse sand or gravel, shingle. (Mionduirling is fearr le bunús na bhfocloirí Béarla–Gaedhilge ar shingle.

Seo dornán samplaí de scainneagán.

Toiseochaimid leis na haistriúcháin.  Tá trácht in "Gadaidheacht le Láim Láidir" agus in "Néall Dearg" ar mianadóireacht an óir, agus sin is bun le cuid de na samplaí atá ionntu sin.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 322, líne 11
Bhí capall le cluinstin againn a' tarraingt orainn go measardha gasta ar a' bhealach chruaidh chreagach, sgainneagánach.

(We could hear a horse coming along at a pretty good bat over the hard, rocky, gravelly road.)

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 387, líne 1
Bhí an mhór-chuid acú a' baint, agus ag casadh aníos bucóidí as na puill agus iad lán sgainneagáinBhí daoiní eile a' tiomáint trucaillí 'un na h-abhna agus lódaí troma de'n sgainneagán chéadna ortha...

(Most of 'em were digging, winding up greenhide buckets filled with gravel from shafts... Others were driving carts heavily laden with the same stuff towards the river...)

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 388, líne 28
... chonnaic mé iad ag cur na málaí beaga leathair ó dhuine go duine, mar nar bh'fhiú a dhath iad, agus iad lán de dheannach óir agus de chnapáin de sgainneagán shalach bhuidhe, ach go 
rabh sé níos troime ná sgainneagán.

(... I saw them passing the little washleather bags of gold dust and lumps of dirty yellow gravel, but heavier, from one to the other just as if they were nothing...)

Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 44, líne 9
... bhí garbh-thormán ag cart ar sgainneagán an bhealaigh mhóir.

(... the highway gurgled with the sand-soaked rattle of a cart.)

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 20, líne 18
Bhí dóirling agus sgainneagán i gcladach na locha san áit seo...

(Here loose stones and shingle strewn together, formed a little beach..._

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 394, líne 3
Tá siad ag nighe an ghainimh agus an scainneagáin ag cuartú dusta bhuidhe.

(They are washing the sand and the gravel for a yellow dust...)

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 396, líne 22
Cupla slat uainn, san áit a raibh an sgileach ina luighe i mullach a chéile, bhí na giotaí óir measgtha fríd an sgainneagán agus na clocha briste...

(A few yards away, where the splintered rocks lay piled together, small nuggets lay mixed with gravel and broken stones...)

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 240, líne 34
Bhí siad 'na suidhe ar cathaoireacha — cathaoireacha a bhí le díol — a bhí suidhte thart 'na sraitheannaí ar an fhairrsingeach, áit a rabh sgainiogán garbh a bhíodh ag díoscarnaigh faoi rothaí na gcóistí lá den tsaoghal.

(qui causaient discrètement, assis sur des chaises, — à vendre, — qu'on avait disposées en lignes dans l'espace libre, sablé de ce gros sable qui craquait si bien autrefois sous la roue des voitures.)

Sin sean-teach mór atá folamh le tamall, agus a bhfuil ceant le cur anois ar a bhfuil istigh ann.  Don cheant, tá na caithreacha suidhte thart ar spás mhór chothrom, os coinne an toighe, a rabh scainneagán thíos air.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 149, líne 5
Shiubhail sé leis aníos go hanacaireach agus é a' tarraingt na mbróg 'na dhiaidh fríd a' sgaineagán a bhí ar a' chabhsa, mar nach mbéadh sé ábalta na cosa a sgathamh 
ó'n talamh.

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 204, líne 4
Má bhí bail le cur ar gheabhta, nó scaineagáin le cur ar an chabhsa, nó scratha glasa le cur ar an léana a bhí ós coinne an dorais, bhí Domhnall Catach i gcómhnuidhe réidh le ghabháil i n-a chionn.


Ciarán Ó Duibhín
2006/12/11
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite