Scaith

Briathar é seo: scaithim, ag scathadh, scaithte. Cialluigheann sé separate, break off, break away, etc.

Seo cupla rud nach dtig liom a cheangal leis an fhocal seo agus nach bhfuil i gceist annseo:
1 scoith na sláinte, scoith an bhídh, scoith na Gaedhilge, scoith a' cheoil...
2 ar scaithte lasrach

1. to separate things which had come together

Pádraig Ó Gallchobhair: Cáitheamh na dTonn, lch 120, líne 28
Nuair a scoitheadh na soithigh ó n-a chéile agus breathnuigheadh an chaill... [dhá luing a bhí buailte isteach ina chéile] — separate, break apart

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 81, líne 9
Agus ní rabh na sean-Ghaill ag samhailt gur chóir do Éirinn a bheith sgaithte ó Shasain.

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 195, líne 13
Tá an Chomhdháil marbh, agus tá Éire sgaithte ó Shéarlas, Séarlas nach gcaitheann coróin na dtrí ríoghachta go bráthach arís.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 149, líne 5
Shiubhail sé leis aníos go hanacaireach agus é a' tarraingt na mbróg 'na dhiaidh fríd a' sgaineagán a bhí ar a' chabhsa, mar nach mbéadh sé ábalta na cosa a sgathamh ó'n talamh. — unable to lift his feet off the ground

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 129, líne 28
Ba mhaith sgaithte é ins an dóigh a n-imtheochadh sé leis an tsruth.
I wanted it to get clear and drift away.
[corp san abhainn] — get/work clear/free

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 7, líne 16
Sgaitheadh é, agus d'imthigh sé síos leis an tsruth arís go fadálach.
... soon getting free of the obstruction began to move down stream again, rolling slowly over,  [crann a thuit san abhainn] — get/work clear/free

Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 114, líne 13
Nuair a fuair sé é féin sgaithte ó bhéal na tuinne, reath sé roimhe an tsíon, ag déanamh moill agus ag déanamh deifre, agus ag tabhairt buille fá dtuairim uair nó dhó.
Once clear of the surf, he drove before the storm, delaying, hurrying, once or twice trusting blindly,... — get/work clear/free

Seosamh 'ac Grianna: Na Lochlannaigh, lch 107, líne 4
Ins an am seo bhí an Dál gCais ag iarraidh greim a gcos a choinneáil ar bhruach na h-abhann agus ar Dhroichead Dubhghaill, mar bhéadh fear a bheithidhe a chriathrughadh le tonna ar cladach, agus a bhéadh seal sgaithte agus seal i bhfastódh sna creagacha.

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 296, líne 6
Thoisigh gach rud dá rabh sgaithte ó n-a chéile go dtí seo, thoisigh siad a ghlacadh a n-áit cheart féin anois, agus bhí rud éigin ag innse damh goidé mar bhéadh an deireadh.
Everything which had been disconnected before began at once to assume its true place, and I had a shadowy presentment of the whole sequence of events. — unconnected, disconnected

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 194, líne 11
Leóga, thainig sé de dhream comh céimeamhail agus tá sa tír, d'aindeóin gur threibh iad a sgaith ar shiubhal ó shliocht Musgrave an Tuaiscirt, am éigin roimh an seiseadh h-aois déag, agus a bhain faobhtha i Sussex Thiar.
He was indeed a scion of one of the very oldest families in the kingdom, though his branch was a cadet one which had separated from the Northern Musgraves some time in the sixteenth century, and had established itself in Western Sussex,...

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 248, líne 13
Sílidh an mhór-chuid aca gur cheart focla a sgathadh ó chéile atá greamuighthe dá chéile ó nádúir... Focla atá a' baint taca as a chéile agus nach dtiocfadh leo seasamh ar leath-chois dá sgaithtidhe iad. — split, separate the words

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 36, líne 5
Bhí mar bhéadh deilín focal i n-aimhréidhtigh in mo chluasa agus gan dul agam a sgathadh ó chéile, riamh nó gur chuir sé an cheist orm a' dara huair agus glór colgach aige.

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 238, líne 15
Ní abórainn a choidhche leis na Franncaigh seo go rabh siad a' cainnt ró-ghasta agus gur cheart dóbhtha na focla a sgathadh ó chéile. — separate the words

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 155, líne 5
Agus má b'fhearr mé féin, nó b'éigean domh a ghabháil amach go dtí mo ghlúine sa tseasconn agus a' dá cheann feadhna a sgathadh as greamannaí a chéile. — to separate boys fighting

2. to break off a rightful part of something [cut/break/snap off, dislocate, dislodge, sweep away, strike adrift, lose/cast/shed, cut out, split/fall apart; scaithte missing, unattached, fallen (leaves)]

2a. a body part

ó bhéal-aithris: Scéalta Johnny Sheimisín, lch 12, líne 42
Le tuitim na hoidhche bhí an chlaigeann colbha scaithte ag Mac an Iascaire de mhactíre an domhain thoir. [cut off]

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 262, líne 8
Ba léar daobhtha lámh fir agus dhá mhéar sgaithte díthe. [cut off, missing]

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 32, líne 26
Agus annsin dar leat gur sgaitheadh na méara díot. [buille den tslait ar scoil]

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 145, líne 16
Agus ar ndóighe bhí greim an fhir bháithte ar a' rámha aige agus ní leigfead sé amach a' greim sin go sgaithtidhe na méara de.

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 187, líne 39
Mur' dtugadh, bhéarfad sé leis gunna fir aca agus ní leigfead sé amach é go sgaithtidhe na méara de!

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 38, líne 8
“Is beag a bhéarfadh orm a ghabháil amach roimhe ar maidín i mbárach agus na hasnacha a sgathadh ó'n druim aige,” ar seisean.

Domhnall 'ac Grianna: Uaigheanna Chill Mhóirne, lch 213, líne 20
... reath sé suas an cabhsa, fuair greim láimhe ar Mhaolmuire Ó Chógáin, agus chroith sé an lámh sin ins an dóigh ar mhór an rud dó gan an sgiathán a sgathadh as an ghuailinn ...
... he tore up the gravelled walk, grasped Myles Cogan's hand, and shook it as if he would dis-locate it... — dislocate

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 37, líne 21
Shíl mé gur sgaith sé na luirgneacha díom leis a' chead bhuille. [buille den tslait ar scoil]

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 607, líne 23
Sgaith fear acu an chluas de fhear, ach níor shaor sé an Slánuitheoir.
one of them cut off a man's ear, but without saving the Master from being taken.


Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 134, líne 15
Bhí cuid aca loitthe agus fear amháin agus ba bheag nach rabh an tsúil sgaithte amach as a chloiginn.
There was a fellow (amongst others of the badly hurt) who had had his eye all but knocked out.
J'en remarquai un, entre autres, dont l'oeil tuméfié sortait à demi d'entre les paupières,
— eye knocked out, dislocated

2b. other things

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 82, líne 21
Thuig Jukes gur dhubhairt an bádánach agus é ag tachtarnaigh go rabh dréimirí an droichid sgaithte.
Jukes understood the boatswain to splutter that the bridge ladders were gone.
Jukes entendit le maître d'équipage bredouiller que les échelles de la passerelle avaient été enlevées. — swept away

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 87, líne 24
D'fhéadfadh an stiúir a bheith sgaithte ar feadh a rabh a fhios aige...
The rudder might have been gone for all he knew...

Le gouvernail pouvait bien être enlevé... il ne savait plus rien.

Seosamh 'ac Grianna: Na Lochlannaigh, lch 87, líne 20
Chuaidh sé go Ceann Coradh agus an cnaipe sgaithte de n-a ionair. — lost, missing

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 278, líne 1
Tháinig tuile agus sgaitheadh céidh Lingard agus a Chomhlucht ó'n bhruach agus d'imthigh sí leis an tsruth, mar bhéadh sí ag iarraidh ionaid a b'aoibhne ná bhí aice.
During a great flood the jetty of Lingard and Co. left the bank and floated down the river, probably in search of more cheerful surroundings;... — swept away

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 62, líne 4
... mar bhéadh carraig mhiorbhailteach a sgaithfeadh í féin ón chladach agus a d'imtheóchadh ag uthbhairt fríd an fhairrge.
... like a rock that should have miraculously struck adrift from a coast and gone wallowing upon the sea.
... roche flottante, roche-épave, qu'un miracle aurait arrachée et balancerait sur la mer. — dislodged, broken off

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 80, líne 25
Ach d'éirigh leis a innse gur sgaitheadh na Sínigh agus na bocsaí, agus gurbh é sin an fáth a dtáinig sé aníos.
But he managed to convey the idea that the Chinaman had broken adrift together with their boxes, and that he had come up on purpose to report this.
Il s'arrangea pourtant de manière à transmettre la nouvelle que les Chinois étaient bousculés à la dérive, eux et leurs coffres, et qu'il était monté tout exprès pour faire ce rapport.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 81, líne 6
“Amharc ar tús… deir… bádánach… sgaithte.”
“See first… Boss'n… says… adrift.”
— Voyez d'abord… Maître d'équipage… dit: à la dérive.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 78, líne 27
Agus tháinig fear eile mar bhéadh cloch sgaithte ann agus a cheann eadar a dhá chois agus a dhá dhorn druidthe.
...and another came bounding like a detached stone with his head between his legs and his hands clenched.
...un autre bondit comme une pierre qui se détache, la tête entre les jambes et les poings serrés; — detached, unattached

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 498, líne 8
... is cuimhin liom go dtáinig meall mór creige a sgoitheadh as an charraig ós ár gceann anuas ar ár ndeis agus gur thuit sé go gleódhach isteach sa loch ar ár gcúl.
Once, I remember... a large rock which had been dislodged from the ridge upon our right clattered down and roared into the lake behind us. — dislodge

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 445, líne 26
Sgoith Holmes é agus sgrúduigh sé é go cúramach. [píosa adhmaid a bhí crochta]
Holmes pulled it off and examined it critically. — break clean off, snap off

2c. cut out

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 210, líne 12
Threóruigh an dúthchas a tháinig aniar chuige ó shealgaireacht thús an tsaoghail Buck anois. An chéad rud chuaidh sé a scaitheadh an tairbh ón tréad.
Guided by that instinct which came from the old hunting days of the primordial world, Buck proceeded to cut the bull out from the herd. — cut out

2d. fall apart

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 96, líne 28
Ní rabh de ghléas marcaidheacht' leo acht sean-ghearrán a' rabh crupán ann agus carr a bhí 'na ghliogar sgaithte as a chéile. — falling apart

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 83, líne 19
“Má's amhlaidh,” arsa Seáinín a' Dálaigh, “béidh corr-ógánach nach sgaitheann a chónair de dhíoghbháil táirní.” — split, fall apart

2e. crúdh a scaitheadh — lose, cast, shed a shoe

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 111, líne 20
Acht nuair a bhí sé a' tarraingt soir ar bhárr Gaoth-Dobhair sgaith a' capall cruth.

Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna, lch 9, líne 9
Ag teacht aníos ag Abhainn na Marbh dúinn, scoith mo bheathach-sa cruth.

Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin, lch 116, líne 40
‘Ó,’ ar sise, ‘nach iomdha beathach capaill a scoith crudh, agus nach iomdha teachtaire oidhche a dtáinig urchar cnuic air gan trácht ar Chlann Mhailidh?

Seaghán 'ac Meanman: Rácáil agus Scuabadh, lch 13, líne 26
Ní raibh siubhal ins an eachraidh nó bhí siad amuigh ó oidhche a's na cruidhtheacha scoithte ag mórán aca.

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 34, líne 20
Seo mála agus tá ceann de na bróga a bhí ar Straker ann, agus bróg eile le Simpson, agus crudh a sgaith Silver Blaze.
In this bag I have one of the boots which Straker wore, one of Fitzroy Simpson's shoes, and a cast horseshoe of Silver Blaze.

2f. duilleogaí, grán, srl.

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 277, líne 15
Bhí na duilleogaí sgaithte.
Les feuillets ne tenaient plus. — leaves shed, fallen

Séamus 'ac Grianna: Micheál Ruadh, lch 4, líne 15
“Maise, féadaim a rádh go bhfuil” arsa Donnchadh “ach dhá nó 'r trí 'iomaireacha de phreátaí malla atá ar a' Phollán-bhog agam agus níl deifre ar bith orm leo, nó tá siad glas go fóill agus cuid mhór aca nach mó 'ná go bhfuil siad sgaithte de na barra.” — withered

Séamus 'ac Grianna: Micheál Ruadh, lch 4, líne 20
“Droch rud a mbaint agus gan iad sgaithte,” arsa m'athair.

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 157, líne 32
Níor mhair sí ós cionn leath-uaire go dtí go rabh na hiomaireacha uilig sgaithte síos siar ag Clann Pheadair Shiubhána. — drills reaped, cleared?

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 45, líne 32
Má fhágtar ró-fhada gan bhaint é sgoithfe sé má thig gaoth. [coirce a scathadh leis a' ghaoith]

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 96, líne 4
Acht a' coirce atá apuighthe má thig gaoth air sgoithfe sé.

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 94, líne 36
Dá dtarradh gaoth sgoithfeadh an coirce.

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 98, líne 28
Bhí eagla uirthí dá dtigeadh gaoth go sgoithfeadh sé, agus chuaidh sí amach 'á bhaint.

Séamus 'ac Grianna: An Clár is an Fhoireann, lch 60, líne 16
Is iomdha uair a chonnaic mé é lá fóghmhair, nuair a bheadh a' coirce á' sgothadh, agus é i mullach an áird a' seinm ar na píoba, mar nach mbeadh a dhath ar a' domhan a' cur imnidhe air.

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 6, líne 22
Agus sheasóchadh sé dh'éisteacht le ceol fuiseoige lá Foghmhair agus a' coirce dá sgathadh.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 44, líne 18
“Gaoth sgaithte air féin, agus ar a chuidiughadh fosta!” arsa mise.
‘Hang him, and his kindness too,’ I said.

3. to snatch/tear something from (clutches)

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 124, líne 22
Bhéarfadh sibh cuidiú mór dóbhtha dá scoitheadh sibh an sléigh sin amach as an oidhreogaigh.
... you can help them a mighty lot by breaking out that sled. — break out

Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 56, líne 11
Bhí Siubhán ag iarraidh a sgiathán a sgothadh ó'n strainseáir.
Susan was struggling to disengage her arm from the stranger.

Séamus 'ac Grianna: An Teach nár Tógadh, lch 179, líne 7
“A dhuine chléibh,” arsa Tuathal, “nuair a scaitheadh as mo lámha an chéad iarraidh é, shíl mé nach dtáinig mo léan ar aon fhear ariamh. [fear a bhí dhá bháitheadh] — he was snatched from my grasp

Seosamh 'ac Grianna: Dochartach Dhuibhlionna, lch 28, líne 9
Thug Ceallaigh iarraidh í a sgathadh as a chuid greamannaí acht ní rabh dul aige é a dhéanamh. — snatch from

3a. (reflexive) to free oneself, break free (from clutches)

Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 108, líne 27
Bhí droch-chuma i gceart air i dtrátha an sé a chlog. Acht le sin scaith an bád í féin agus bhris sí na cáblaí a bhí á coinneáil comhthrom
...things were growing worse, when, all of a sudden, towards six o'clock, they were let go clear, and could be off again, tearing asunder the tow-lines, which they had left to keep her head steady.
...cela tournait mal quand, tout à coup, vers six heures, les voilà dégagés, partis, cassant les amarres qu'ils avaient laissées pour se tenir… — freed itself

Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 209, líne 31
Sa deireadh tháinig faitchíos ar Ghaud go tobann, agus scoith sí í féin as an tsnaidhm.
She drew herself away, suddenly agitated.
Elle se dégagea enfin, troublée tout à coup: — break free

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 155, líne 32
Nuair a scoithfeadh siad-san iad féin amach as a chlupaidí ní bhéadh duine ar bith ag gabháil dá chomhair. [daoine a bhí i bhfiacha leis]

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 248, líne 14
Sgaith Nina í féin agus d'amhairc sí díreach ins an aghaidh ar Almayer.
Nina wrenched herself free and looked straight at Almayer's angry face.

Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 101, líne 23
Sgiath an tachrán í féin as sgiathán Thoir-dhealbhaigh.
The child disengaged herself from Charlie's arm.

Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 184, líne 12
Nuair a thug sí iarraidh sgothadh uaidh, choinnigh Mac Uí Fhrighil greim ar a láimh.
When she tried to release her hand Friel held on.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 565, líne 23
Streachail sí go fiadhain fiadhta ar feadh 'e dheas de bhomaite ag iarraidh í féin a sgathadh as a lámha...
She struggled fierce and wild for nigh a solid minute to clear herself from him...

Séamus 'ac Grianna: An Clár is an Fhoireann, lch 162, líne 2
Bhí an chos gaibhte faoi an chloich, agus a' dóigh a raibh sé i n-a luighe, ní thiocfadh leis é féin a sgothadh. — break free

3b. shake off, tear off (someone holding on)

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 250, líne 1
Sgaith Dain amach uaidh Nina agus bhuail sé Almayer le dorn a mhiodóige san ucht.
Dain shook Nina off, and, making a sudden lunge, struck Almayer full in the chest with the handle of his kriss, keeping the point towards himself.

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 173, líne 18
Le h-obair mhór a fuarthas í a sgaitheadh ó'n chomhnair ar chor ar bith. — pull away from

3c. greim a scathadh — to break grip

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 609, líne 21
Tháinig tallann feirge air a thug a sheacht n-oiread urraidh dó, agus thionntuigh sé agus sgaith sé na lámha, agus thug sé rúchladh fríd na daoine a bhí ag cruinniú thart air.
With a gust of passion which gave him many times his ordinary force, Ben-Hur raised himself, turned once about with his arms outstretched, shook the hands off, and rushed through the circle which was fast hemming him in.

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 196, líne 30
“Uaigh!” arsa Almayer, agus é ag iarraidh greim an oificigh a sgathadh.
"Grave!" roared Almayer, struggling to get himself free.

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 197, líne 5
Sgaith sé greim an oificigh...
He tore away from the officer's grasp...

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 58, líne 33
... ach go bé go rabh sé i ngéibheann chruaidh i ngreamannaí coraidheachta leis an chumhacht a bhí ag iarraidh a ghreim a sgathadh.
... had he not been so harassed by the necessity of exerting a wrestling effort against a force trying to tear him away from his hold.
... s'il n'avait été tout absorbé par la lutte épuisante qu'il lui fallait soutenir contre cette force qui prétendait lui arracher son point d'appui.

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 197, líne 20
Chuaidh Almayer ar crith nuair a thug sé iarraidh labhairt, agus chuir sé a lámh arís ar a sgeadamán mar bhéadh sé ag iarraidh lámh a sgathadh nár léir do aon duine.
Almayer shivered as he made an effort to speak, and again with an uncertain gesture he seemed to free his throat from the grip of an invisible hand.

Séamus 'ac Grianna: An Teach nár Tógadh, lch 178, líne 20
Acht, sul a deachaidh chugainn Peadar a thógáil, scaith a ghreim agus thuit sé de chíl a' bháid. — lose one's grip, his grip slipped

Seosamh 'ac Grianna: Na Lochlannaigh, lch 69, líne 20
Níor ghreim ar dhual do sgothadh a bhí ar an Mhumhain aige.

4. to shake off, drop, leave trailing behind (pursuers or competitors, ar muir nó ar tír)

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 145, líne 2
Shíl mé go rabh mé á sgathadh nó bhí an callán a' druidim uaim.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 176, líne 23
Agus a sáith a bhí ós a gcoinne, nó ní rabh an tarbh a' brath a bheith umhal do n-a dtoil, agus thug sé an dubh-rása ag iarraidh an triúr a bhí 'na dhiaidh a sgathadh.  Agus bhí siad sgaithte aige nuair a tháinig an bheirt thiar anall roimhe agus thug siad air pilleadh amach i n-aice an deáin.

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 72, líne 14
D'imthigheamar ó dheas amach ón triall agus shíneamar linn fríd thír a bhí foscailte in áiteachaibh, agus ins cas-choillidh in áiteachaibh eile, go dtí go raibh sé scaithte againn fada go leór...
Striking from the trail towards the south, we pursued our way through mixed open and thicket country until the required distance had been gained...


Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 173, líne 16
Smaoitigh sé ar feadh bomaite go rachadh sé ar a chúl leis an troid a choinneáil suas, nuair a bhéadh an námha scaithte níos fuide uaidh...
For a moment he thought of falling back to continue the fight at longer range...


Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 306, líne 4
Ins an am sin ba chóir go mbéimis féin agus an tóir scaithte go maith ó chéile.
... by that time we should be far away from our pursuers.


Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 92, líne 7
D'imthigh leo, trí mhíle ón áth, gur scaith siad an námhaid, ag tionntughadh anois agus arís nuair a bhithí ag teacht ro-chomhgarach ins na sálaibh acú.

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 102, líne 8
Ní rabh an rása i bhfad ar obair go rabh dhá bhád cupla céad slat ar tús agus an chuid eile scoithte.

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 267, líne 2
Bhí cuid mhór talaimh caillte acú; bhí siad sgaithte trí cheathramha míle.

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 267, líne 15
Nuair a bhí siad thall ar an chnoc bhí na saighdiúirí sgaithte míle acú.

Séamus 'ac Grianna: An Clár is an Fhoireann, lch 132, líne 32
Tuairim ar sgór slat a bhí Bob sgaithte ar a theacht isteach dóbhtha. — behind, trailing, in boat race

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 156, líne 5
Sgaith siad Eoghainín ar ndóigh, agus gan a bheith i bhfad leis. [rámhaidheacht] — they dropped him

Séamus 'ac Grianna: An Clár is an Fhoireann, lch 165, líne 6
Acht nuair tháinig meádhchon a' tsrotha ortha i gcuideachta na gaoithe, i n-áit bheith a' gabháil 'un tosaigh sé rud a bhítheas 'á sgothadh. — drop

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 218, líne 3
Ní rabhamar i bhfad ar obair gur sgaitheadh mé féin ar ndóighe. [ag tanughadh turnips]

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 265, líne 24
Má thig siad ar fiar orainn, béimid taobh thiar díobhtha, agus má choinnigheann siad siar, sgoithfimid iad. — drop

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 113, líne 9
Sgaitheadh long bheag de chuid na Sasana, acht bhí an ceann a ba mhó annsin ar fad gan tlás gan tuirse, agus ceannphort ar bórd oirthí nach ngéillfeadh do Dhia nó do Mhuire.

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 31, líne 2
Níl aon cheann de chuid eachraidhe an ríogh nach sgaithfeadh mo ghearrán donn acht a' rása bheith fada go leor.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 233, líne 21
Is iomdha tamall léanmhar a chuir mé isteach agus mé a' strócadh ar theann mo dhichill ar eagla go sgaithfidhe mé. [ag baint phreátaí]

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 144, líne 9
Sa deireadh toisigheadh á sgathadh. [rámhaidheacht]

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 144, líne 12
“Ní féidir an gob sin a thionntódh le céaslaigh ins a' ghéarbhach atá ann,” arsa fear dá rabh ar a' chladach, nuair a chonnaic sé mac Mhurchaidh Bhrocaigh á sgathadh. [rámhaidheacht]

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 162, líne 38
Bhíthear á sgathadh san am seo. [seanduine ag cur ruaig ar pháistí]

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 163, líne 6
Do réir mar bhíthear a' sgathadh Éamoinn is amhlaidh is tréamanta a bhí sé a' bagar agus a roiseadh agus a' mallachtaigh. [seanduine ag cur ruaig ar pháistí]

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 32, líne 32
Acht ba é an rud a bhí an tóir a' druidim leis, i n-áit é bheith dá sgathadh. [ar muin gearráin]

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 166, líne 15
Acht níor bh'fhada gur thoisigh Pádruig a sgathadh. [tóir, ar cois]

Seaghán 'ac Meanman: Indé agus Indiu, lch 120, líne 22
Chuaidh mé síos sráid a's suas sráid, anonn sráid a's anall sráid, go bhfeicinn an rachadh agam a sgathadh, acht ní raibh faic de ghar ann: bhí sé ins na sálaibh agam ar fad. — get rid of

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 250, líne 6
Níor luaithe a chuaidh sé fríd na soillse ná d'éirigh an scairteach ag an dream a bhí sé ag iarraidh a scothadh.

Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 29, líne 24
Léim mo dhuine bocht eadar na ba a's an chontabhairt a's chuaidh 'á scothadh.

Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 107, líne 16
Dar liom féin: tá mé sábháilte; chuaidh agam a scothadh, cibé d'éirigh do mo chomrádaidhe.

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 113, líne 21
D'imthigh siad leo amach an béal acht, cé gur fhág siad cladach Oileán Bó síos siar i n-a ndiaidh, ní thiocfadh leo an píobaire a scothadh.

Cuir na samplaí sin i gcomórtas leis an úsaid a bhaintear as an fhocal ar na comharthaí bóthair le tamall anuas: ná scoitear = no overtaking.  'Sé is ciall do "ná scoitear" i bhfírinne — "don't leave trailing behind"; ní bhacann sé ar thiománaithe dhul thart lena chéile comh minic agus is mian leo, fhad is go bhfanann siad i bhfochair a chéile i rith an ama!

4a. pass by, leave behind (a fixed mark)

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 99, líne 25
Scoith siad Rinn Chliabháin nuair a bhí an sruth trá ag titim as na deánta, agus chuaigh siad anonn ar Luachros Mhór nuair a bhí an sruth líonta ag éirí ar na hoitreacha. — pass by, leave behind, sail past

4b. to become separated, lost, marooned, isolated, left behind (often accidentally)

Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna, lch 113, líne 14
Scaitheadh ó n-a chomrádaidhthe é; chonnaic an námhaid caidé mar bhí, a's thug cúigear aca a n-aghaibh air.

Seaghán 'ac Meanman: Ó Chamhaoir go Clap-Sholas, lch 122, líne 24
Sin feadóg bhocht a scoitheadh ó n-a cuid comrádaidhthe a's atá 'á gcuartughadh anois ins an dorchadas. — left behind

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 160, líne 11
“Bhí lá cruaidh agaibh, a' lá anuraidh a scoitheadh sibh, a Chonaill,” ars' Eoghan. [bád a rug an doineann uirthi]

Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín, lch 20, líne 24 [get lost]
“Ní dheánfadh sé” ar seisean “uisge coisrioctha do'n lá 'tháinig a sgathadh orm-sa 's ar Mhicheal Néill ag Builg Chonaill.  [bád a rug an doineann uirthi]

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 121, líne 13
I n-áit sgairt a chur asam féin a tharrónadh orm daoine d'fheisteochadh mo bhád agus bhéarfadh fá theach mé sé an chéad rud a tháinig in mo cheann go mbéinn náirighthe go deo dá mbéadh sé le rádh liom gur sgaitheadh mé agus go dtáinig mé fá thír i bPoll a' Mhadaidh ar mo bhealach go hInis Fraoich. — got lost, became separated (in boat, in fog)

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 179, líne 10
Sa deireadh tráchtadh ar fhuireann as na hoileáin a dtáinig sgathadh ortha agus a siabadh go Gob an Áird Dealbhtha an Geimhreadh roimhe sin.

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 93, líne 28
... bhí ár gcuid ban agus sean-daoine scaithte i bhfad uainn ...
... our women and old men lay far away ...


4c. an scaithteach / na scaithteacha (a strung-out race)

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, ar lch 20, líne 4
Ar an bhomaite d'imthigh an scaithteach ag an cheathrar fear a d'iomchuir isteach é, agus suas ar mhullach an bhalla leó go bhfeiceadh siad an troid as an áit a mbéadh siad féin sábháilte.
There was an instantaneous scattering of the four men who had carried it in, and from safe perches on top the wall they prepared to watch the performance.


Séamus 'ac Grianna: Caisleáin Óir, lch 116, líne 9
Bhí na scaiteacha ar shiubhal.

Séamus 'ac Grianna: Micheál Ruadh, lch 21, líne 4
A dheárbhrathair a bhfuil m'anam ionnat, shín na scaiteacha síos an mhalaidh, Micheál a' teicheadh agus leath a' phobail 'na dhiaidh.

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 209, líne 33
Chuir cioth piléar na Gaill ion-siubhail ina scaiteachaibh.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 25, líne 12
Agus le sin tchí siad na sgaiteacha amach an Oitir Mhór.

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 77, líne 21
Acht bhí na sgaiteacha 'na rith thart leo agus gan oiread is aon ghreim amháin le aon duine aca.

5. scaithte: extended range of meanings

5a. duine/ainmhidhe scaithte — separated from, isolated from, away from, cut off from (some particular place or thing)

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 62, líne 32
Tchí duine ar bith narbh' áit ar bith Cill Choinnigh le Dáil a bheith ina suidhe, scaithte amach glan ath-sgartha ó Chúige Uladh agus Chonnachta...

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 84, líne 18
Tchífeadh sé go rabh sé scaithte ó Chúige Uladh go h-áithrid, agus ó Chonnachta.

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 111, líne 13
Ar thoiseacht do chogadh na saoirse i 1641 tógadh gáir go raibh uafás á dhéanamh ar na Protastúnaigh a bhí scaite ó na bailte garasún. — isolated from

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 21, líne 7
Tá muid an fad sin sgaithte ó na sean-fhóide agus dá bhpillimís anois go strócfadh na madaidh ar ár gcuid táirseach féin muid. — away from

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 46, líne 35
Ach bhí siad-san sgaithte amach go deó ó chomaoin leis na hIúdaigh.
they alone were absolutely and forever shut out from communion with Jews.


Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 91, líne 5
Ach innsigidh ó thús damh, goidé mar chuala sibh uilig iomrádh Air, agus sibh sgaithte ó chéile leithead na mara agus na bhfásach.
But tell me first how, so widely separated by seas and deserts, you all came to hear of Him.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 115, líne 5
Shuidh sé annsin agus níor léar do shúil é. Bhí sé mar bhéadh sé sgaithte ó rith a shaoghail féin...
He sat unseen, apart from the sea, from his ship, isolated, as if withdrawn from the very current of his own existence ...
Il était assis, loin des yeux, à l'écart de la mer, du navire même, isolé comme forclos du courant de sa propre existence... — withdrawn from

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 31, líne 29
... an claon-dearcadh agus na droch-bhéasaí a bíos ag fir a sgaithtear ó bhaile agus ó áit agus nach mbíonn tuartha le cathuighthe na cathrach ...
... les préjugés, les corruptions multiples de tous ces hommes arrachés au foyer, dépaysés, nouveaux à la tentation des villes ...

Domhnall 'ac Grianna: Uaigheanna Chill Mhóirne, lch 278, líne 2
B'fhuras a fheiceáil go rabh Maolmuire sgaithte ón líne daoine a dtáinig sé aníos ina gcuideachta.
Clearly then Myles Cogan was out of touch with his generation. — out of touch with

5b. keep away from

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 111, líne 15
Ach buachaill breagh Séamus annsin: dá sgaithtidhe ar shiubhal ó'n iomlán agaibh in' óige é, bhéadh sé 'na chliú dá thír dhúthchais.
But Jim there's a grand fellow; if he'd been caught young and weaned from all of your lot, he'd have been an honour to the land he was born in. — keep away from

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 307, líne 21
Bhí dhá nídh i saoghal Bhen-Hur a sgaith é ó chreideamh dhána na sgaramhantóirí.
Returning directly to Ben-Hur, it is to be observed now that there were two circumstances in his life the result of which had been to keep him in a state comparatively free from the influence and hard effects of the audacious faith of his Separatist countrymen.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 331, líne 25
Choinnigheamar sgaithte ó chéile, agus níor shiubhail beirt ar bith i ndiaidh a chéile, sa chruth agus nach bhfágfamuis lorg a bhéarfaidhe fá dear.
We kept wide and didn't follow on after one another so as to make a marked trail.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 418, líne 27
Thug Séamus dá aire san am chéadna, fanacht sgaithte amach ó'n bhealach mhór, agus a ghabhail 'ach aon aithghiorra 'á rabh fhios aige.
Jim took care, though, to keep well off the road, and take all the short cuts he knew.

5c. weaned

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 64, líne 28
Má tá gamhna sgaithte...
If calves are weaned...

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 8, líne 20
Bhí seisean iongantach buadhartha fá dtaobh díom, d'aithin mé, cé gur ghnáthach liom féin is le Séamus a rádh fada ó shoin nach rabh ann ach sean-sreamaide leamh mar bhéadh gamhain gan sgathadh ann.
He was real rightdown sorry for me, I could tell, though Jim and I used to laugh at him, and call him a regular old crawler of a milker's calf in the old days.

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 278, líne 5
Síleann sibh uilig nach cóir domh-sa a oiread dhe dheacair a bheith orm le h-uan óg gan sgothadh.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 93, líne 3
Chuala mé 'na dhiaidh sin gur bh'é a goideadh é sul ar rugadh é, dálta go leór eile de chaiple breaghtha, agus gur mharbhadh a mháthair a' dá luathas agus sgaith sí é.
I afterwards found out that he was stolen before he was foaled, like many another plum, and his dam killed as soon as she had weaned him.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 64, líne 9
“Ní'l áit ar bith againn le n-a ruibleáil nó le n-a sgathadh,” arsa Séamus i gcogar.
‘There's no place to tail or wean 'em,’ whispered Jim.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 64, líne 19
“Is cuma duit-se fá'n sgathadh,” ar seisean go fiadhta.
‘Never you mind about the weaning,’ he snarled.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 331, líne 21
Chuamar suas Cnoc Nulla a' bealach céadna ar chuimhneach linn a ghabhail nuair a chuaidh mise agus Séamus in araicis m'athara an uair sin a bhí sgaifte mór de ghamhna a bhíthear i ndiaidh a sgathadh leis.
We went up Nulla Mountain the same way as we remembered doing when Jim and I rode to meet father that time he had the lot of weaners.

Tadhg Ó Rabhartaigh: Mian na Marbh, lch 74, líne 18
B'fhéidir, leóga, go rachadh aige a athair a sgaitheadh ó'n dramhlas, agus cé aige a rabh a fhios nach 'un an bhaile leis a bhéadh sé go fóill? — wean him off it, get him off it

5d. standing apart from

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 364, líne 23
I lár an réidhtigh seo agus ar scáth ghruamdha ghéag na gcrann bhí moll beag scoithte leis fhéin.
In the centre of this clear space, shadowed by the sombre arms of these old pines, there was a solitary mound. — solitary, lone, standing apart

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 225, líne 9
An bhfeiceann tú an mhalaidh ud thall, an áit a bhfuil a' dá chrann scaithte ó'n chuid eile?

Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 166, líne 32
Bhí an t-uisce le mothachtáil agat gach aon áit... agus na toighthe beaga uaigneacha ní ba scaithte ó chéile le n-a linn sin.
Dampness was felt on all sides... seeming to isolate the scattered huts of Ploubazlanec still more.
On sentait l'eau partout autour de soi.. isolant encore davantage les unes des autres les chaumières éparses du pays de Ploubazlanec.

Seosamh 'ac Grianna: Dochartach Dhuibhlionna, lch 41, líne 21 [duine]
“Bhí Cill-dé 'na sheasamh scaithte amach ó'n scaifte, hata cruaidh dubh air agus bata dubh droighin le na scorróig.

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 49, líne 20
Cathaoir Eoin, scaithte ón scaifte, ar leith leis féin, agus iosgaid chatach air, agus an píosa a stróc an cliabh as druim a shean-chasóige crochta leis agus é ag creafadaigh ins an ghaoith.

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 98, líne 1
Tá sé leis féin, sgaithte amach ó'n sgaifte, ag siubhal go soineanta ar na bóithre...

Seosamh 'ac Grianna: Na Lochlannaigh, lch 104, líne 13
Bhí páirc an chatha an t-am seo mar bhéadh collidh a mbéadh leath a cuid crann leagtha agus an chuid eile 'na seasamh go sgaithte soiléar eadar thú 's léas.

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 55, líne 22
Bhí bealach garbh síos gleann Hinnom, agus corr-chrann olóige thall agus i bhfus go fiadhain sgaithte.
The descent into the valley of Hinnom was quite broken, garnished here and there with straggling wild olive-trees.

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 377, líne 3
Nuair a fágadh Esther sgaithte mar seo, sheasuigh sí seal beag agus cotadh uirthi, agus í ag cur dathannaí daoithe féin.
Esther, left thus alone, stood a moment abashed, her colour coming and going;

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, ar lch 427, líne 7
“Dearc ar na toighthe móra, sgaithte sin ag éirghe suas ós ceann na sglátaí, cosamhail le oileáin bhricí ar mhuir léith.”
“Look at those big, isolated clumps of building rising up above the slates, like brick islands in a lead-coloured sea.”

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 116, líne 34
Chrom Dubhachoite a cheann uasal ar chuisleán ghlas a bhí ar bhruach srutháin ar chúl an chnuic, ionad beag aoibhinn a bhí sgaithte ón champa.

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 262, líne 1
Chuaidh siad siar an cladach go dtáinig siad go cúl toighe a bhí sgaithte amach ó'n bhaile.

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 29, líne 32
Amannaí eile tig cineál de mhire air agus bíonn sé ar feadh laethe 'na thost, agus é sgaithte leis féin i gcoirneál den teach nó sa stábla.
D'autres fois, une sorte de rage s'empare de lui, pendant des jours il reste muet, retiré dans les coins de la maison ou dans les étables,

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 47, líne 8
Long sgaithte amuigh i lár na mara, braithlín ghlas uisge faoithe, braithlín ghorm spéire os a ceann, gan tír gan talamh ar a h-amharc, mar bhéadh sí dealbhtha ó'n tsaoghal mhór.

6. scaithte ó achan rud

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 362, líne 21
Bhí sé bliadhanta ó chuala an stócach scaithte aon duine ag tabhairt a ainm féin air.
For the first time in years, the desolate youth heard himself addressed by his proper name. — desolate

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 145, líne 7
Bhí sé féin sgaitthe. — deserted

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 95, líne 7
Ní rabh aon duine acú comh sgaithte leis féin:

Seosamh 'ac Grianna: Na Lochlannaigh, lch 55, líne 17
'Na dhiaidh sin bhí sí beo bocht sgaithte i ndeireadh a saoghail, agus deirtear go rabh sí ag cruinniughadh na déirce, cé gur do-chreidte. — alone, deserted, abandoned

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 408, líne 9
“Má éagann Céasar i mbárach,” ar seisean, “ní bhéidh an Róimh sgaithte ar fad.
“If Caesar die to-morrow,” he said, “Rome will not be all bereft. — bereft

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 608, líne 11
Ní fhaca sé aon neach comh truacánta, comh sgaithte, comh tréigthe Leis!
Never had anything struck him as so piteous, so unfriended, so forsaken!

Seosamh 'ac Grianna: Dith Céille Almayer, lch 41, líne 19
Bhí Almayer sgaithte in éadóchas.
Almayer, in his isolation and despair,

Domhnall 'ac Grianna: Uaigheanna Chill Mhóirne, lch 295, líne 10
Annsin smaoitigh sé goidé comh huaigneach sgaithte agus bhí sé.
Then he felt what a lonely and solitary man he was.

Domhnall 'ac Grianna: Uaigheanna Chill Mhóirne, lch 54, líne 34 [secluded life]
“Ach bhí tú ag caitheamh beatha sgaithte shuaimhneach agus tá na daoiní i mbroid le n-a chluinstin goidé a thug ort athrach.”
“But of course you have been leading a secluded life and the people are dying to know why you have departed from it.”

Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 123, líne 13 [having to rely on his own resources]
Sheasuigh sise annsin, agus an cáthadh ag bualadh ar a culaith-uisge, agus gan ar a h-intinn ach curach agus fear sgaithte uaighneach astoigh ann agus é ag imtheacht ar bharr an dtonn.
She stood there, the spray hurling against her oilskins, continuously her mind filled with the picture of the curragh and its lone pilot riding these crests.

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 404, líne 7
Chonnaictheas domh é bheith iongantach uaigneach, an fear sgaithte seo ag tabhairt a aghaidh ar na cnuic agus ag imtheacht ó chladach na síbhialtachta amach ar fhairrge an mhachaire fhiadhain.
How lonely it all seemed, this solitary man turning off into the mountains to go back from the shore of civilization into the great prairie sea! — loner

Seosamh 'ac Grianna: Eoghan Ruadh Ó Néill, lch 148, líne 32
Acht ar ndóighe, níor dhochar cóiriughadh beag a chur ar na hataí, ar scor ar bith; nuair a bíos fir sgaithte leo féin éirigheann siad iongantach cosamhail le gasraí.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 83, líne 10
Is cosamhail dó go rabh m'athair a' tarraingt ar an áit agus gan leis ach é féin, nuair a casadh an sgaifte sgaithte seo de chuid eallaigh Mr. Hunter air...
Father, it appears, was coming here by himself when he met this outlying lot of Mr. Hunter's cattle...

Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 116, líne 16
Choinnigh na mná cinéal sgaithte uaithe...
The women folk, however, held her a little apart... apart

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 285, líne 31
Gan fiú nar chuidigh sé cead a fhagháil dó a bheith sgaithte ó na príosúnaigh eile...
He even helped him to be allowed to be kept a little separate from the other prisoners... — apart; cf apartheid

6a. éan bocht scaithte

Séamus 'ac Grianna: Caisleáin Óir, lch 151, líne 9
Tá mé ar shiubhal liom ar a' drabhlas 'm'éan bhocht scaithte.”

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 35, líne 30
Bhí mé anois in m'aon bhocht scaithte ins an tsaoghal.
I was alone in the world.

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 50, líne 7
D'fhiafruigh mé de goidé mar tháinic sé go raibh seisean ina aon bhocht scaithte ag taisteal na tíre leis fhéin...
I asked him how it was that he was all alone on this long journey...

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 76, líne 29
Is iongantach an rud é i seilg na n-ainmhidhthe fiadhain, ach má tá a shúile ag an tsealgaire ar aon cheann amháin aca thar an chuid eile, agus bíodh an ceann sin istigh i lár an scaifte atá ag teicheadh ón tóir, aithneóchaidh an ceann sin ins an bhomaite gur b'eisean atáthar a sheilg agus roimh i bhfad béidh sé ina aon scaithte, agus tréigfidh a chuid comrádaidhthe é, ná tuigfidh siad in aith-ghiorracht an riocht a bhfuil sé ann.
It is a singular fact in the hunting of wild game, that if a particular animal of a herd be selected for pursuit, even though he may at the time be in the midst of a number of other animals all flying from the hunter, nevertheless, the one marked out as the special quarry will quickly realize that he alone is the object of the hunter's aim, and he will soon become the solitary one, deserted by his companions, who seem to understand his position.

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 211, líne 1
Má tá tú fágtha leat féin d'aon bhocht sgaithte, déarfar gur mairg a bhíos ar bheagán carad.

Séamus 'ac Grianna: Le Clap-Sholus, lch 224, líne 4
An measfadh sé gur mhór a' truaighe mé, m'éan bhocht sgaithte liom féin i ndeireadh mo shaoghail is mo laethe?

Seosamh 'ac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, lch 93, líne 20
Is bocht an t-amharc an Dall, agus a cháirde ag imtheacht roimhe 'un na h-uaighe, agus é ar shiubhal i n-a éan bhocht sgaithte, ar shiubhal mar dubhairt sé féin, “i ndorchadas oidhche is lae.”

Domhnall 'ac Grianna: Uaigheanna Chill Mhóirne, lch 341, líne 35
... dar le Maolmuire go rabh sé féin fágtha ina éan sgaithte.
... Myles felt very much alone.

6b. scaithte amach ón tsaoghal

Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 195, líne 11
Bhí dreach ciúin stuamdha ortha agus iad mar nach mbéadh siad ag amharc ar rud ar bith, mar bhéadh siad scaithte amach ó'n tsaoghal.
Calm, reserved, and grave, they seemed to see nothing about them; as if they were above ordinary life and everybody else.
Calmes, recueillis, graves, ils avaient l'air de ne rien voir; de dominer la vie, d'être au-dessus de tout.

Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 235, líne 29
Tá an chuid seo den Bhreatain i n-a poinntí fada sínte san fhairrge, scaithte, dar leat, ón tsaoghal.
... the land of Brittany terminated in ragged edges, which spread out far into the tranquil surface.
... la terre de Bretagne finissait en pointes dentelées qui s'allongeaient sur le tranquille néant des eaux.

Niall Ó Domhnaill: Scairt an Dúthchais, lch 9, líne 24
Ar feadh na gceithre mbliadhan ó bhí sé 'na choileán chaith sé saoghal duine uasail; bhí bród breagh air as féin, agus bhí sé riamh rud beag tugtha do bheith mórdhálach as féin, rud éirigheas minic go leór do dhaoine uaisle a bíos 'na gcomhnaidhe 'san tír, as siocair iad a bheith scaithte ón tsaoghal mhór.
During the four years since his puppyhood he had lived the life of a sated aristocrat; he had a fine pride in himself, was even a trifle egotistical, as country gentlemen sometimes become because of their insular situation.

6c. scattered

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 105, líne 14
... tháinig mórán de bhuidhne scaithte na treibhe le chéile leis an tréad láidir a sheilg, agus le féastaí a dhéanamh ar a gcuid feóla. — scattered
... many scattered bands of the tribe have come together to hunt and feast upon the mighty herd.

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 388, líne 22
Ba dóiche go dtabhairfeadh sé a aghaidh ar an Deisceart arais agus go rachadh sé ar chonnlán sgíontachán sgaithte a threibhe fá mháithreacha Abha an Phlatte, nó i dtír na Cloiche Buidhe.
He would probably turn his face towards the south again, and join some scattered remnant of his tribe at the headwaters of the Platte, or in the country of the Yellowstone.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 104, líne 30
Baineadh gliúrascnach as a chnámha; dubhairt sé “Há!” agus sgaith sé iad.
His joints cracked; he said, “Ha!” and they flew apart.
On entendit craquer des jointures. Il fit “Ah!” et tout fut dispersé. [clibín de na Sínigh] — he dispersed/scattered them

6d. travelling alone, lone wolf

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 50, líne 7
... ba mhaith a bhí a fhios agam nár ghnáthach leis na hIndiathaigh ghabháil thart go scaithte ar an dóigh seo, agus gur annamh a tchídhfeá fear aca leis fhéin mar é seo.
... I knew that the Indians were in the habit of moving in parties, and that it was most unusual for them to be seen travelling alone.

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 366, líne 11
Fuair sé an t-ainmhidhe a bhí crothnuighthe, ach nuair a bhí sé ghá chuartú chonnaic sé mac tíre bán scoithte leis fhéin ar imeall cas-choilleadh a bhí giota uaidh.
He had found the missing animal, but during the search he had observed a single white wolf standing on the edge of a thicket some distance away.

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 366, líne 20
Nuair a thug sé fá dear an mac tíre scoithte seo an chéad uair chonnaictheas dó go raibh trí cheathramhadh de istigh ins an chas-choillidh, ná ní raibh le feiceáil ach a cheann agus cuid dá mhuineál.
When he first had noticed this solitary wolf it appeared to him to be standing three parts within the thicket, only the head and portion of the neck being visible.

6e. Donnchadh Scaithte

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 56, líne 3
Is cosúil gurbh ann a chónaigh Donnchadh Scaite Ó Domhnaill i ndeireadh an chéad sin nuair a dhíbir an Níon Dubh chun na Rosann é.

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 153, líne 3
Bhí siad ag Donnchadh Scaite fada ó shoin; ach thairis sin ní raibh eolas beacht orthu le fáil agam.

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 87, líne 3
Is iad sin Iaruaibh Dhonnchaidh Scaite agus Dálaigh Inis Saille.

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 87, líne 6
Níl ainm Dhonnchaidh Scaite luaite in aon pháipéar staire, dá bhfios domh; ach tá cuimhne choitian air i seanchas na ndaoine.

7. áit scaithte — remote, isolated (ó achan áit)

Séamus 'ac Grianna: Bean Ruadh de Dhálach, lch 177, líne 3
I n-áit éigin fá rannacha sgoithte na Rosann…

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 19, líne 24
Chuaidh sí ó bhaile go baile nó go gcualthas í i ndoimhneacht sléibhe ag bun an Eargail agus i rannacha scaithte na Rosann thiar.

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 96, líne 5
Chonnaictheas dóbhtha go rabh Gob Charraic an Choill ró-scaithte, agus gur cheart do fhear ceirde a theach a dhéanamh amuigh i lár an bhaile, sa chruth is go mbéadh siubhal daoine air.

Séamus 'ac Grianna: Scéal Úr agus Sean-Scéal, lch 203, líne 13
Nó, do réir mar chluinim, tá tír fhiadhain thíos annsin agaibh — bailte scaithte agus droch-bhóithre.

Séamus 'ac Grianna: An Teach nár Tógadh, lch 103, líne 13
Bhí an racán ar obair agus b'éigean do na píleirí imtheacht as na h-ionadaibh scaithte agus teicheadh isteach fá na bailte móra.

Séamus 'ac Grianna: Iascaire Inse Tuile, lch 196, líne 25
Tháinig daoine as na h-ionadaibh ba scaithte sa dúithche go bhfeiceadh siad an comóradh seo.
The darkest and most secluded hamlets around...
Et les hameaux d'alentour, les plus perdus, les plus noirs...

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 179, líne 23
Ba doiligh áit ní ba b'fholláine agus ní ba shuaimhnighe agus ní ba scaithte a fhagháil mar ionad aire agus scíthiste do shaighdiúirí loithte na Poblachta.

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 3, líne 4
Tá bailte beaga scaite thall agus i bhfos ar na mínte uachtaracha os a gceann sin.

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 147, líne 20
Dúiche Dálach a bhí i nGaoth Dobhair, ar thaobh amháin díobh, agus tá deisceart Ghaoth Beara, ar an taobh eile, lán de stair na mBaoigheallach; ach dúiche scaite ar leith a bhí ins na Rosa, faoi ghnáth-ghearradh ag fear ionaid Uí Dhomhnaill.

Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín, lch 2, líne 4
Sgaithte thíos ar an uaighneas, gan teach nó cró sa mhíle díthe, giall an teampaill 'na sheasamh 'na stacán dhubh dhorcha eadar thú 's léas...

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 173, líne 19
Amuigh ar na feirmeannaí sgaithte agus ins na sráid-bhailte bhí daoine ar chosgair sé an croidhe aca nuair a chuala siad cuid óglach Sallertaine ag gabháil a' bealach.
...d'humbles gens, habitants des fermes isolées ou des villages, écoutaient, avec un serrement de coeur, passer les conscrits de Sallertaine.

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 90, líne 19
Ádhbhar iongantais ag an fhile go dtiocfadh le slóighte cumhachtacha a theacht amach as an dúithche sgaithte chreagach seo agus smacht a chur ar na bántaí a ba torrthaighe i nInis Fáil.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 42, líne 16
Imthigheann siad gan slán a fhágáil ag aon duine, amach i bport bhocht sgaithte a mbéadh eagla ar fhir eile go bhfágfaí ionnta iad...
They clear out with no words of leavetaking in some God-forsaken port other men would fear to be stranded in...
Ils s'esquivent sans un mot d'adieu, dans quelque port abandonné du Ciel, où d'autres redouteraient d'échouer...

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 259, líne 10
“Ag buailidh sgaithte amuigh ag cúl na cluana.”
‘At an out-station at the back of the run.’

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 268, líne 28
Bhí sé iongantach doiligh i gcásannaí de'n tseórt seo, eallach a rabh cead na coise acú, agus a bhí ar shiubhal ar fud na dúithche fríd áiteacha sgaithte cúlta, bhí sé doiligh a n-aithne...
It was in the nature of these cases that identification of live stock, roaming over the immense solitudes of the interior, should be difficult...

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 295, líne 2
Ba mhór a' duifear a d'aithineamar eadar siorradh glan na h-oidhche agus aer an phríosúin, agus sinn ag cur tharainn a' bhealaigh go tapaidh, bealach sgaithte uaigneach!
What a different feel from prison air the fresh night breeze had as we swept along a lonely outside track!

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 366, líne 4
... áit a rabh neart féir agus uisge, ach a bhí sgaithte agus ar bhealach uaigneach.
... a place where there was good feed and water, but well out of the way and on a lonely road.

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 255, líne 19
Baile sgaithte coilleadh a bhí ann a bhí i bhfad ar gcúl...
It was a regular outside bush township...

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 255, líne 19
... cé gur chóir an t-ionnracas a bheith san iargcúltacht féin, ní h-é an t-earradh é is fairsinge ag fir nó mná ins na h-áiteacha sgaithte cúlta seo.
... though the distance oughtn't to have much to say to people's honesty, you'll mostly find that these far-out back-of-beyond places have got men and women to match 'em.

7a. Ros Scaithte

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 1, líne 28
Tá cúig príomhrosa ann: Ros Scaite, na Maolacha, na hÁrlannaí, an Chruach, agus Leitir.

Séamus 'ac Grianna: Caisleáin Óir, lch 36, líne 23
Le linn na bhfear líomhtha donn, béidh a' tonn fríd Ros-scaithte.

Is dóiche gur focal eile — scamh = peel — atá sa tsampla seo:

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 218, líne 7
Scoith sé de na slatacha an croiceann sin ina léabthacha, ins an dóigh a raibh sé crochta go catach fá na fadharcáin ortha, agus sháith ins an talamh in aice na teineadh iad.
Having carefully peeled down this inner skin, so as to make it form ringlets or curls of bark at the knots on the willow rods, the ends of the rods were now stuck in the ground close by the fire.


Ciarán Ó Duibhín
2007/08/02
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite