Usaid
Caidé an Ghaedhilg ar barrel? Bairille? Baraille?
Tá siad sin maith go leor, ach tá focal eile ann —
usaid nó usaoid. Tig sé ó hogshead.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 29, líne 12
Tháinig m'athair anuas 'un a' bhotháin fad 's bhíthear ag ullmhughadh na n-iarannach
agus thoisigh sé a bhreathnughadh ar usaid na feóla a bhí 'na seasamh i gclúid bhig
dhorcha.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 145, líne 19
Ocrach agus mar bhí Warrigal — agus nuair a thoisigh sé dh'ithe shíl mé nach stadfadh
sé choidhche — d'imthigh sé agus riar sé dá chapall, agus thug sé cupla bucáid uisge
dó as an usaid a chuireadh siad amach uair 'ach aon seachtmhain chugainn.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 383, líne 9
D'fhiafruigh mé de nach rabh siad uilig 'na bhfir dhóigheamhla, agus dubhairt sé go
rabh cuma fir uasail ar Starlight, ach go rabh fear mór amháin ann, a rabh cuma
gharbh air — ba é sin thusa, a Shéamuis — fear a bhí comh míofar agus go ngéaróchadh
an chuma a bhí air usaid leanna.”
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 392, líne 14
Chuaidh sé isteach agus fuair sé dhá usaid bhrandaí agus usaid rum, le cois cuid mhór
dighe a bhí i mbuideáil.
Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 392, líne 19
Thug sé éadan na n-usaideach a bhriseadh isteach ionntú ar tús; annsin thug siad
buideáil an fhíona agus bhuideáil na biotáilte amach as na bocsaí a rabh siad ann
agus chuir siad isteach i dtrucaill iad, agus cuireadh an cochán a bhí fá dtaobh
daobhtha isteach sa teach arís.
Is fiú na leaganacha buideáil an fhíona agus buideáil na biotáilte
a thabhairt fá dear!
Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 62, líne 18
Bhí sé lán de usaoideacha folamha, de chléibh agus de bhasgóidí agus de phiocóidí
is de shluaiste.
Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 68, líne 7
Bhí clampa na mónadh ar an bhealach, agus bhí sean-usaoid ádhmaid le h-aghaidh
gliomach ag n-a thaoibh.
Neol Hamilton: The Irish of Tory Island, lch 229:
Cloch na hUsaide
Sgéalaidhe Oirghialla, lch 102 (ó chainnt Thomás Uí Chorragáin)
Thug sé barr áithe leis a bhaile agus dubhairt se le n-a mhnaoi: "Nuair a éireochaidh
tú ar maidin, fagh criathar, agus, nuair a bheas an mhin criathruiste, cuir isteach 'san
usgáid í."
Is fiú na haimsirí a thabhairt fá dear: nuair a éireochaidh tú... nuair a bheas an mhin criathruiste...
Sgéalaidhe Oirghialla, lch 148, foclóir
Usgáid, f., a hogshead. Ucsáid is another Farney form. Oigséad in lit.
Togsaid nó tocasaid in
Albain:
Tormod Caimbeul, Deireadh an Fhoghair, lch 1
Bha esan leis fhéin, mar a b'àbhaist, aig an tocasaid. Tocasaid a bha ann bho linn
crochadh nan con; a shiubhail cuantan uair dha robh i, 's a bhuail cladach aig Geodh'-na-Muic.
Donnchadh Mac Gillìosa: Tocasaid 'Ain Tuirc — san teideal féin.