John McCambridge (c1793–1873)

Ciarán Ó Duibhín

Foillsigheadh an t-alt seo ar An tUltach Márta 2005 14–19. Sa leagan seo gheobhthar na fónótaí, a bhí ar iarraidh sa leagan a foillsigheadh.  Ábhar a cuireadh leis an alt ó shoin, tá sé fá dhath bhuidhe.

Áird a' Chumhaing

Eoin Mac Néill a d'fhoillsigh an t-amhrán "Áird a' Chumhaing" an chéad uair.1 Ó bhéal-athris i nGleann Airbh a fuair sé é. Thug sé tuilleadh eolais fá dtaobh de ní ba mhaille:

The last Irish poet in County Antrim was a Protestant, an uncle of Sir Daniel Dixon. My mother knew him well, and says that on every possible occasion he tried to interest people in the Irish language, and would rather talk about it than anything else. His name was John McCambridge. I managed to rescue and print one of his songs, Árd Í Cuain a really beautiful little lyric, which I printed in an old number of the Gaelic Journal. I am told that the air of it is still known in Glenariff..."2

Sir Daniel Dixon (1844–1907)

Tá teaghlach Dixon le fagháil i gCross Street, Latharna, i gceann de na giotaí beaga nár cailleadh de shlua-chunntas 1851.

Ba é ceann an teaghlaigh Thomas Dixon (aois 46) a rugadh i mBaile an Chaistil. Ba í Sarah (37) a bhean, agus rugadh ise in Mullarts sna Glinntí. Pósadh iad ar 24 Nollaig 1834, i bparóiste an Inbhir (Latharna). Bhí cúigear chlainne ina gcomhnaí leo — Daniel (7) ina measc — agus triúr sheirbhíseach. Agus bhí deartháir Sarah sa teach fosta — Daniel McCambridge (39), a rugadh in Mullarts agus nach rabh pósta san am seo. Tráchtáil adhmaid agus luingseoireachta a bhí mar ghléas beatha ag Thomas Dixon agus ag Daniel McCambridge.3

gif image Teaghlach Dixon, Cross Street, Latharna, in 1851

Bhí sé i ndán do Daniel Dixon go ndeánfaí Méara ar Bhéal Fearsaide de in 1892. Sa bhliadhain chéanna sin, rinneadh Ridire de, agus phronn an Bhanríon Victoria an teideal "Árd-Mhéara" ar an chathair. Mar sin, ba é an chéad Árd-Mhéara ar Bhéal Fearsaide é. Ba é Thomas James Dixon, a rugadh in 1868, an mac ba sine ag Sir Daniel. Is as, agus as a bhean chéile, Edith Stewart Clark, a hainmnigheadh "Sir Thomas and Lady Dixon Park" i ndeisceart Bhéal Fearsaide, an áit a rabh a n-áras comhnaithe lá den tsaoghal.4

gif image Cuid de mhuinntir Dixon

Muinntir McCambridge in Mullarts

Tá Mullarts i bparóiste an Leithid, agus i measc chuid taifead Eaglais na hÉireann, tá liosta de theaghlaigh na paróiste sin in 1823. Tá an teaghlach seo in Mullarts:

Daniel McCambridge agus a bhean Sally Stewart, a pósadh 14/11/1791, agus a gclann: Francis (rugadh 01/05/1794), Alexander (02/11/1801), Archibald (23/11/1807), Daniel (?01/01/1809), Sally (??/?03/1811) agus Margaret (14/02/1814).5

Aithneochaidh muid ainmeacha Daniel agus Sally ina measc seo. Agus aithneochaidh muid an teaghlach céanna ar thumba i roilig an Leithid, agus John ina gcuideachta an iarraidh seo:

Thógthar a chlach so
chun cuimhne a chongbháil ar
a mhuintir atá marbh.

Malcolm McCambridge, came from Cantire 1625,
located in Carnasheran, and died there
Daniel, his son, died May 1690, aged 94
Archibald, son of Daniel, died Nov 1735, aged 98
John, son of Archibald, died 1795, aged 92
Francis, son of John, died Sept 1817, aged 65
Daniel, bro of Francis, died April 1832, aged 76
Francis, son of Daniel, died April 1832, aged 35
Margaret McCambridge, died 26 March 1833, aged 17
Archibald McCambridge, died 17 Nov 1837, aged 33
Alexander McCambridge, died 02 June 1854, aged 51
Sarah Stewart, wife of Daniel above, died Sep 1858, aged 87
Daniel McCambridge, their son, died 25 March 1860, aged 57
John McCambridge, died 16 June 1873, aged 80

Ná bain damh.6

Foillsigheadh an scríbhinn ón tumba seo ar an Larne Weekly Reporter in 1872.7 Níor cuireadh i gcló an uair sin ach an chuid anuas fhad le Francis (bás 1832); b'fhéidir go rabh a thuilleadh ann nár cuireadh i gcló, ach ar ndóighe bhí John beo ar fad.

gif image Craobh ginealaighe John McCambridge siar go Ceann Tíre

Talamh Mullarts

Dhá bhaile fearainn in aice lena chéile iad Mullarts agus Carnasheeran inniu, cupla míle ó dheas ó Bhun Abhainn Duinne, ar dhá thaoibh an bhealaigh mhóir (A2). Roimhe seo bheirtí "Carnasheeran" ar an iomlán, agus "Carnasheeran Íochtarach" ar Mullarts.

Ar 01/04/1806, thug an tiarna talaimh, William Dobbs Burleigh, léasanna úra do na tionantaithe.8 In Carnasheeran (Uachtarach), bhí Allan McCambridge. Fríd phósadh, tháinig an áit i seilbh Charles McElheron. Thig cuid mhór den teaghlach seo a dheánamh amach ón tumba uimhir 94 sa Survey of Layde Graveyard, agus ó liosta theaghlach Eaglais na hÉireann in 1823, tráth a rabh comhnaí ar Charles McElheran in Cloney.

gif image Teaghlach McCambridge, Carnasheeran

Sa chuid thoir de Mullarts, tugadh léas do Daniel agus Alexander McCambridge. Tháinig an áit seo anuas go Fanny Stewart (bás 1897). Tá eolas fán teaghlach seo le fagháil ó na tumbaí 90, 91 agus 68 i Reilig an Leithid, agus tá siad ar liosta 1823 na dteaghlach ("an bhaintreabhach McCambridge").

gif image Teaghlach McCambridge, Mullarts (thoir)

Agus, sa chuid thiar de Mullarts, tugadh léas do Daniel agus Francis McCambridge, athair agus uncail John. Fuair Daniel bás in 1832 agus fuair a mhac Alexander an áit in 1835. Is dóiche gur uaidh-san na litreacha "A..M..C..1836" atá le feiceáil greannta ar bhinn sciobóil go dtí an lá inniu, thíos in aice leis an tsruthán.8a

gif image Teaghlach McCambridge, Mullarts (thiar)

Bhásuigh Alexander in 1854, agus ina thiomna (14/01/1851), rann sé an talamh eadar an triúr a bhí fágtha beo, John, Daniel agus Sarah (Dixon), agus dhíol John agus Sarah a suim-san ann le Daniel.9

Bhí Daniel, mar a chonnaic muid roimhe, ina chomhnaí i Latharna in 1851. Pósadh é in 1857 ar Jane Jackson ó Bhéal Fearsaide,10 agus rugadh mac, Daniel, daobhtha. Ach fuair an t-athair bás i Latharna ar 25 Márta 1860.11 Phós an bhaintreabhach an tUrramach Charles Gillis i mBun Abhann Duinne ar 9 Deireadh Foghmhair 1861.12 Fuair Daniel óg bás i Latharna 30 Meitheamh 1863, in aois 3.

Ministir Preisbitéarach a bhí san Urr Gillis (1821–1903).13 Thóg sé eaglais bheag in 1849 agus teach mannsa in 1852 in Mullarts, ar acra talaimh a cheannuigh sé ó Daniel McCambridge. Níor mhair an eaglais in úsáid ach naoi mbliadhna nó mar sin,14 agus sa lá inniu tá sí ina teach saoire (Mullarts Holiday Apartments). Nuair a phós an tUrr Gillis baintreabhach Daniel, fuair sé seilbh ar an chuid thiar de Mullarts go hiomlán agus tháinig deireadh leis an ainm McCambridge san áit. 14a

John McCambridge, Latharna agus Gleann Arma

Is cosmhail gur fhág John an baile roimh 1823. Is féidir go rabh sé ag obair i Latharna comh fada siar le 1824, nó tchímid in Pigot's Directory do 1824: "Daniel and John McCambridge, tanners, Oldtown, Larne". (Is fiú a luadh go rabh duine den tsloinneadh McCambridge i mbun ghnaithe an leathair i Latharna comh fada siar le 1744.)

I gcás ar bith, bhí obair an leathair faoi John agus a dheartháir Alexander in 1835,15 agus mar sin a bhí go bás Alexander in 1854. "Bridge Street" an seoladh a bheirtear in Martin's Directory 1842–3. Le John amháin a luaidhtear an áit in 1854 agus in 1856,16 agus le "McCambridge & Co" in 1858. Ó 1863, ghlac duine úr, Samuel Ferres, gnaithe an leathair ar láimh. Tá páipéirí eile a luaidheann John le muileann plúir i Latharna ag amannaí eadar 1853 agus 1862.17

I gcuid dena páipéirí seo, sé "Glenarm Deerpark" an seoladh a chuirtear síos do John McCambridge. I leabhar an chíosa ón Antrim Estate, tháinig John isteach i bhfeirm 88 acra annsin in 1831, agus bhí sé go fóill i leabhar an chíosa do 1865, ach in 1870 bhí Arthur Ross MD ina áit.18 Sna leabharthaí luachála bhí John ann go dtí 1868, nuair a tháinig William Ross ina áit, agus Arthur Ross ina áit siud in 1869.19 Tá an gabhaltas le feiceáil ar léarscáil ó 1842, agus ar cheann ó 1859.20

Do fhear gnoithe de chuid Latharna ar feadh tamaill fhada, is beag iomrádh a bhí ar John sna páipeirí áiteamhla. Ar an Larne Monthly Visitor, 1 Márta 1859, foillsigheadh litir uaidh, "The original language of the human race". Sé a ba mhian leis a chruthú gur Gaedhilg a bhí sna focla "Mane, Thecel, Phares" a chonnaictheas ar an bhalla sa tSean-Tiomna, agus ar léigh an fáidh Daniel iad don rí. Dar leis an scríbhneoir gur Gaedhilg a bhí ionntu: "Mínigh d'fhocal don fhear seo." Tá tagairt sa litir seo do litir eile a scríobh John chuig an Larne Monthly Visitor roimhe sin, ach níl mé in innimh a theacht ar an litir sin.

Ní shílim gur phós John ariamh, gidh go luaidhtear "a bhean, Jane McCambridge" i bpáipéar dlighidh amháin,21 ach is dóigh liom gurabh é baintreabhach Daniel a bhí i gceist. I measc na mbaistidheacha i paróiste an Inbhir (Latharna), tá giorsach mhí-dhlisteanach, Mary, nighean do "John McCambridge, tanner, Larne and Mary McFall, formerly McCreery (nó McCreeny), Larne", a baisteadh ar 17 Meitheamh 1856.22

Fuair John bás ar 16 Meitheamh 1873, ag Park House, Gleann Arma. Bhí sé le cur ar an 18 Meitheamh, agus bhí an torramh le Gleann Arma a fhágáil ar a 11 ar maidin, ar a bhealach go dtí an Leithead, agus bhí dúil go mbainfeadh sé Bun Abhann Dalla amach ar a 3 tráthnóna. Bhí tuairisc a bháis ar an Belfast Newsletter (18/6), an Belfast Morning News (18/6), an Northern Whig (18/6), an Ballymena Observer (21/6), agus an Ballymena Advertiser (21/6), ach ní rabh focal ar an Larne Weekly Reporter.

Trí mhí i ndiaidh John, ar 4 Meán Foghmhair 1873, a bhásuigh an duine deireannach den teaghlach, a dheirfiúr Sarah Dixon, a cuireadh ag St Cedma's, Latharna, agus nach bhfuil a hainm ar an tumba ar an Leithead. Bhí comhnaidhe uirthi sa deireadh i Windsor Shasana, lena nighean Mary, a bhí pósta ar an Urramach Thomas Orr.

Is furast a chreidbheáil gur ar órdú ó John a fágadh stair an teaghlaigh againn ar an tumba i Roilig an Leithid, so-léighte ag an té a thiocfadh an bealach agus a chuirfeadh suim ann.

Ainmneacha

Ní thug mé a áthrach de ainm ar an duine is ábhar don alt seo ach "John McCambridge", nó sin an t-aon ainm a chonnaic mé á thabhairt air lena linn féin.

Is é Eoin Mac Néill a chuir an leagan Gaedhilge "Seán Mac Ambróis" chun tosaigh an chéad uair, in 1895, agus chuir sé comhartha ceiste leis, dá chur in umhail nach rabh ann ach buille fá thuairim. Comhartha ceiste ann nó as, ba dána an té a gheobhadh locht air, ach tá an t-amhras ann.

Ins an chéad áit, ní rabh an leagan "Seán" coitianta i measc Ghael Aontroma, ach oiread le Gaeil na hAlban — ba choitianta, dar le duine, "Eoin" ar "John". Annsin, más é "Mac Ambróis" an ceart, chaithfeadh sin a theacht ó dhuine dar bh'ainm "Ambrós", agus níl fhios agam an rabh an t-ainm pearsanta sin in úsáid i dtuaisceart na hÉireann nó i ndeisceart na hAlban sa tréimhse a bhéadh i gceist. Tá luighe agam féin leis an bharamhail gur ó "Mhac Annrais" a tháinig an sloinneadh.

Agus i dtaca le hainm an amhráin, ghlac mé pro tem le litriú agus míniú Sheáin Mhic Maoláin — Áird a' Chumhaing: "tá an baile sin [Ardicoan] píosa fada siar ó chuan Bhun Abhann Duinne, ach tá sé ar bhéal chumhang atá ar Ghleann Duinne".23 Tig an leagan seo den ainm go measartha leis an fhoghraidheacht dhúchasach mar chluintear í ag Micheál Mac Thiarnáin (c1844—1935) as Gleann Duinne, gidh go bhféadfaí a rádh gur cosamhla le "Áirdí/Áirdidh Cumhaing/Cuain" an rud a deir seisean.

An t-amhrán

Ach caidé an bhaint a bhí ag John McCambridge leis an amhrán "Áird a' Chumhaing"? Ar chum sé é, nó nach rabh ann ach go rabh an t-amhrán aige agus go dtug sé do dhaoine eile é?

Chreid Eoin Mac Néill go dtearn McCambridge an t-amhrán, nó scríobh sé: "the following song was composed by an emigrant named McCambridge (Mac Ambróis?)",24 agus dubhairt sé an rud céanna arís sa tsliocht as The Scholar Revolutionary a gheobhfar ag bárr an ailt seo. Nuair a dubhairt Énrí Ó Muirgheasa gur "Seán Mac Ambróis" a bhí ar fhear cumtha an amhráin, litir ó Eoin Mac Néill a bhí mar urra aige.25 Is féidir glacadh leis, ar a laghad, go rabh sé creidte ag bunadh na nGlinntí gur chum McCambridge an t-amhrán, ach níl fhios agam an dtug Mac Néill iarraidh fírinne na baramhla sin a dhearbhadh.

Roimhe sin, bhí ainm John ceangailte leis an amhrán i lámhscríbhinn de chuid Roibeard Mhic Adhaimh, atá i Leabharlann Láir Bhéal Fearsaide, ina bhfuil sean-leagan den amhrán agus an teideal "Ceol Dhaibhidh (J McCambridge)" aig a bhárr. Chuir Éamonn Ó Tuathail an leagan sin i gcló in 1940, ach thug sé dá aire nár dhubhairt sé gur chum McCambridge é nuair a scríobh sé:

"Seo leagan eile a fuaireas sa Leabharlainn Phoiblidhe i mBéal Feairste. Is sine é go mór ná aon leagan eile dár cuireadh i gcló go fóill. Bhí sé i leabhar de leabartha sgríbhinne Roibeáird Mhic Ádhaimh. 31 a bhí mar uimhir air. Sgríobh Mac Ádhaimh an t-amhrán ann tuairim is an bhliain 1830. Chuir sé roinnt nótaí leis freisin. Tá cuid de'n chaint cosmhail le Gaedhilg Reachrann."26

Ins an láimhscríbhinn chéanna, díreach roimh "Ceol Dhaibhidh", tá giota de amhrán eile ar b'é a chéad líne: "Is ar maidin a ndé a chualamar sgéul", agus "(Cushendall Dialect) (J McCambridge)" mar theideal air.27

Sa láimhscríbhinn seo, bhí sé ina chleachtadh ag Mac Adhaimh ainm an duine a thug amhrán dó a scríobhadh, agus tá leithéid "Feenaghty" agus "Hugh McDonnell" agus "Daniel McBride" agus "Mr McCloskey" scríobhtha le h-amhráin eile, ar an dóigh chéanna a bhfuil "John McCambridge" scríobhtha. Deirfinn mar sin nach bhfuil cinnteacht ar bith, ón méid atá sa lámhscríbhinn seo, go dtearn John McCambridge é féin ceachtar den dá amhrán.

Is beag eolas úr a fuair muid ó shoin. Thrácht Seán Mac Maoláin, i gcómhthéacs an amhráin seo, ar "Séamas Mac Ambróis, an Glinneach a bhí ar deoraíocht i gcéin".28 Is cosail gur sciorradh pinn aige an "Séamas" sin.

Ní fada eile uaidh sin go dtí an scéal mar a ríomhtar é de ghnáthach. Fágadh Seán Mac Ambróis ina bhaintreabhach go hóg, más fíor; chuaidh sé ar imirce go hAlbain (nó go Meiriceá) in aimsir na Gorta; rinne sé an t-amhrán agus é thall, agus níor phill sé ariamh. Ach scéal eile a bhí ag Toirdhealbhach Ó Tuathail, deartháir leis an Athair Domhnall Ó Tuathail:

"An fear a chum na focla, bhí sé ag smaoineadh dul chun an Oileáin Úir agus rinne sé an ceól go díreach is go ndeanfadh sé, dá mbeadh sé annsin. Shamhluigh sé leis féin go rabh sé in a dheóraidhe agus a chroidhe cráidhte a' smaoineadh ar Bhun Abhann Duinne. Deirtear gur chuir an ceól an oiread sin cumhaidh air, nach deachaidh sé ar shiubhal ar chor ar bith!"29

Níor chuir Toirdhealbhach Ó Tuathail ainm ar an fhile.

Tá an t-amhrán ar eolas i nGleann Airbh, agus is é ainm an fhile annsin, más fíor, Cormac Ó Neill. Ba ó Ghleann Duinne é, agus bhí sé ag buachailleacht do mhuinntir Uí Néill i mbaile darbh ainm Deisceart, in uachtar Ghleann Airbh. Ina shuidhe ar an Bhinn Bhán ag bárr an ghleanna sin a bhí sé nuair a rinne sé an t-amhrán, do réir an tseanchais seo.30

Agus murab é John McCambridge a rinne an t-amhrán, cé rinne é? Duine eile den tsloinneadh "McCambridge" — athair mór John, mar shampla? Nó duine eighinteacht a rabh an t-ainm baiste "Daibhidh" air, rud a mhíneochadh an teideal "Ceol Dhaibhidh". Nó, b'fhéidir eile, Cormac Ó Néill.

Cibé fá sin, tá ábhar machtnaimh sa bhéarsa seo ón leagan is sine den amhrán:

"'S iomdha amharc a bh'agam péin
Ó Shrón Ghearrán go dtí an Mhaoil
Ar loingeas mór a' caith ar gaoith
Agus cabhlach an Rígh Seórlaidh."

Cerbh é "an Rí Seórlaidh"? Duine de na Seoirsigh (Georges), a rabh ríoghacht na Breataine acu ó 1714 go dtí 1830? Chan le haoibhneas a chuimneochadh na Gaeil ar an chabhlach s'acu-san. Nó Tarlach Óg (Bonnie Prince Charlie), a bhí gníomhach fá 1745? Nó Séarlas I na Breataine, a rabh Raghnall Mac Domhnaill, an dara Iarla Aontroma (1609–83), i gceannas ar a chabhlach in Éirinn le linn Chogadh Chathardha na Sasana,31 sular athruigh sé go taobh na Pairliminte in 1647? B'fhéidir go bhfuil an t-amhrán níos sine ná shamhailtear dó.

Leaganacha den amhrán i gcló

Éamonn Ó Tuathail, "Diasa Díoghlama", in John Ryan (eag.), Féil-Sgríbhinn Eóin Mhic Néill (1940) 138–140. (Leagan scríobhtha ó c1830.)

Eoin Mac Néill, "Irish in the Glens of Antrim", Irisleabhar na Gaedhilge 6 (1895) 106–110, ar 108. Amharc fosta F.X. Martin agus F.J. Byrne (ed.) The Scholar Revolutionary (1973) 323–324.

Aoidhmín Mac Gréagóir, Siamsán na Beanna Fada (1907), ar lch 33, véarsa amháin.

Seosamh Laoide, "Árd Tighe Cuain" in An Ceathramhadh Leabhar Gaedhilge (1909), 130–132.

Toirdhealbhach Ó Tuathail, "A mbéinn péin", Irisleabhar Mhuighe Nuadhad (1914), 87–88. Ceol agus focla.

Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (1925), ar lch 188(b), giotaí den amhrán.

Éamonn Ó Tuathail, leaganacha ó bheal: amharc Seosamh Watson, "Séamus Ó Duillearga's Antrim Notebooks", Zeitschrift für celtische Philologie 40 (1984) 74–117, ar 91–93 agus 114–5 (nóta 1); agus ZCP 42 (1987) 138–218, ar 217–218. Rinneadh fuaim-thaifeadadh de fhocla an amhráin in 1931, dá n-athris le Micheál Mac Thiarnáin, an fear a bhí mar príomh-urra ag Ó Tuathail.

Énrí Ó Muirgheasa, Dhá chéad de Cheoltaí Uladh (1934) 194–195.

Sam Henry, Northern Constitution (páipéar de chuid Chúil Raithin), 5 Lughnasna 1939, "Och, Och, Éire, Ó," uimhir 819 sa tsraith "Songs of the People"; fosta Huntington (eag.), Sam Henry's Songs of the People (1990) 219–20. Tá leagan den cheol leis. I mBéarla atá na focla, aistriúchán liteardha le Eleanor Hull den leagan a d'fhoillsigh Eoin Mac Néill in 1895.

Nils M Holmer, On some relics of the Irish dialect spoken in the Glens of Antrim (1940), ar 94–97.

Seán Mac Maoláin, "A mbéinn féin in Áird a' Chuain", An tUltach 38:12 (12/1961) 4–5.

Buidheachas

Tá buidheachas mór ón ughdar ag gabháil do Liam agus Anne Blaney, ar leo an talamh in Mullarts, agus do Malachy McSparran, Bun Abhann Duinne, a bhfuiltear ag súil le halt leis ar John McCambridge ar The Glynns 2005.31a

Giorriúcháin

LMV: Larne Monthly Visitor; tá cóip neamh-iomlán ar mhicroscannán in PRONI MIC/130/1.

LWR: Larne Weekly Reporter; tá cóip neamh-iomlán ar mhicroscannán sa leabharlainn i Latharna.

PRONI: Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann, Béal Fearsaide.

Nótaí

1 Irisleabhar na Gaedhilge 6 (1895) lch 108

2 The Scholar Revolutionary, ed. F X Martin and F J Byrne, 1973, lch 323

3 PRONI MIC/5A/13

4 E M Dempsey, "Cairndhu — Back o' the Hill" in The Corran 2:7 (Foghmhar 1989) 6–10

5 PRONI MIC/583/31–32

6 Glens of Antrim Historical Society, Survey of Layde Graveyard, tumba 52

7 Larne Weekly Reporter, 14/12/1872, lch 1

8 PRONI MIC/311/415: leabhar 583, lch 276, uimhreacha 396995–6; PRONI MIC/311/417: leabhar 587, lch 133, uimhir 396997

8a Rinneadh Bóthar an Chósta sna bliadhanta 1832–1842. Chuaidh an bóthar seo fríd Mhullarts, agus bhí Sir Charles Lanyon ag obair air. Thug Séamus Mac Diarmada ón Chaisleán Úr domh tagairt do "McCambridge from Cushendall, I believe an uncle of Thomas and Sir Daniel Dixon, a real Irish speaking Glensman for whom Lanyon had a more than ordinary respect." Dubhairt Séamus go bhfuair sé seo "bliantaí ó shoin" in R. Young, "Old Times in Belfast," PRONI D/2930/4/40, lch 111. Ach níl faoin uimhir thagartha seo in PRONI anois (Bealtaine 2005) ach seacht nduilleog agus níl leathanach 111 ar bith ina measc.

9 PRONI D/300/2/1/100/99; MIC/311/806: 1856, leabhar 14, uimhir 73; MIC/311/813: 1857, leabhar 9, uimhir 225

10 LMV Deireadh Foghmhair 1857; PRONI MIC/1/178; clár sibhialta na bpóstaidheacha 1857 2,825

11 LMV Aibreán 1860

12 LMV Samhain 1861

13 Malachy McSparran, "Reverend Charles Gillis (1821–1903)", The Glynns (2004), 110–1

14 Randal McDonnell, Cushendun in the Glens of Antrim p 47

14a Tá seanchas áiteamhail fán teaghlach ag Michael J Murphy in Roinn Bhéaloidis Éireann, UCD, in MS1232 ag lch 206

15 PRONI MIC/311/642: 1835, leabhar 8, uimhir 68

16 PRONI D/300/2/1/100/97/1,2; PRONI MIC/311/812: 1857, leabhar 1, uimhir 7

17 PRONI D/300/2/1/100/98; PRONI MIC/311/809: 1856, leabhar 25, uimhir 142; PRONI MIC/311/872: 1861, leabhar 33, uimhir 60; PRONI MIC/311/878: 1862, leabhar 13, uimhir 267

18 PRONI D/2977/7B/67; PRONI D/2977/7B/158; PRONI D/2977/7B/168

19 PRONI VAL/12B/7/9A–H

20 PRONI D/2977/36/4/3; Felix McKillop, Glenarm, a local history lch 45

21 PRONI MIC/311/872: 1861, leabhar 33, uimhir 60

22 PRONI MIC/1/49

23 An tUltach 12/1961, lch 4

24 Irisleabhar na Gaedhilge 6 (1895) lch 107

25 Énrí Ó Muirgheasa, Dhá Chéad de Cheoltaí Uladh, lch 195

26 John Ryan (ed.), Féil-Sgríbhinn Eoin Mhic Néill (1940), lgh 138–40

27 Tá pioctúir den duilleoig lámhscríbhinne seo os coinne lch 76 de Ó Buachalla, I mBéal Feirste Cois Cuain

28 An tUltach 12/1961 lch 4

29 Irisleabhar Mhuighe Nuadhat (1914) lgh 87–88

30 Sharpe and McAllister, A Glimpse of Glenariffe (1997), lch 115. McAllister et al, Glenariffe Oisíns (2006), lch 162.  Is féidir a chur san áireamh fosta go rabh Niallaigh in Árd a' Chumhaing; fuair fear dar bh'ainm John O'Neill bás annsin ar 30 Aibreán 1882, mar shampla (PRONI, innéacs na n-uadhacht).

31 Mar a chuir Maolcholaim Scott agus Aodán Mac Póilín ar mo shúile domh.

31a Malachy McSparran, "The McCambridges of Carnasheeran," The Glynns 34 (2006), lgh 70–4



Ciarán Ó Duibhín
2009/05/14
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite