Daoine a chuidigh le hoidhreacht Ghaedhealach Chúige Uladh a bhuanú
Cuirfear bail ar an liosta seo do réir a chéile!![]() |
Feidhlim Mac Aonghusa (1902–1956) Rugadh Feidhlim Mac Aonghusa in 1902 in Iubhar Chinn Trágha, Co an Dúin. Fuair sé a chuid oideachais ag na Bráithre Críostaí annsin agus i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim amach i gcúrsaí tráchtála. Phill sé ar an Iubhar agus bhunuigh comhlucht dá chuid féin. Bhí sé ina chrann taca ag Connradh na Gaedhilge san Iubhar as sin amach. Bhí sé pósta ar Nano, deirfiúr le Frank Aiken. Fuair sé bás go tobann ar 17 Meitheamh 1956, agus é i láthair ar chluiche peile. 1. ‘Feidhlimidh Mac Aonghusa
(1902–1956),’ An tUltach 33:7 (7/1956) lch 8. |
| Feidhlim Mac
Aonghusa Pioctúir: Cuisle na nGael 1993 lch 28 |
Domhnall Ó Baoighill (1878–1948) Rugadh Domhnall Ó Baoighill i gCroichshlighe ar 25 Eanáir 1878, an duine a ba sine ag Daniel agus Ellen Boyle. Thoisigh sé a dh'obair mar thimthire le Connradh na Gaedhilge i mí Lughnasa na bliadhna 1907, i gconndaetha An Dúin, Árd Mhacha, Lughbhaidh agus Mhuineacháin. Chaith sé mí i gcuideachta Aodha Uí Dhubhthaigh ar dtús, ag foghluim na ceirde. Bhí teastas aige ó Choláiste Chloich-Cheannaolaidh. Lean sé a thimthireacht i gconndaetha éagsamhla sa tuaisceart go dtí Geimhreadh 1914–15; bhí sé ag obair i nGlinntí Aontroma in 1910, mar shampla. Bhí sé ar an fhoireann teagaisc sa chéad seisiún de Choláiste Bhríghde, Ó Méith sa bhliadhain 1912. Phós sé i mí Iúil 1910 agus chomhnuigh sé i nDamhliag, Co Na Midhe. Chuir sé Gaedhilg ar "Forairí an Mhachaire" in 1939. Fuair sé bás ar 30 Bealtaine 1948. 1. Donncha Ó Súilleabháin, Na Timirí (1990) lch 72. |
![]() |
| Domhnall Ó
Baoighill Pioctúir: Ita O'Boyle |
Aodh Ó Brolchain, sagart (c1890–1972)
Ba as Achadh na Lúibe, Cill Chaoil, Co an Dúin, do theaghlach Aoidh Uí Bhrolchain. Bhain sé BA (1911) agus MA (1912) amach in Ollscoil na Ríona, agus rinneadh sagart dó in 1916. I ndiaidh bháis Dhomhnaill Uí Thuathail, sagart, chuidigh sé féin agus an Sagart Fullerton leis an choláiste samhraidh i Ros Glas, i gcomharsanacht Chill Locha, a choinneáil ar siubhal go dtí 1923. Ba é fosta a thóg Coláiste Phádraig, Loch na nDeorán, Rann na Fearsaide. Is dóiche gur b'eisean an Sagart Ó Brolchain atá sa phioctúir as Rann na Fearsaide ar An tUltach 69:7 (7/1992) lch 11. Chríochnuigh sé a shaoghal oibre ina riarthóir ar Pharóiste Naomh Pádraig, Sráid Dhún na nGall, Béal Fearsaide. Ina dhiaidh sin chuaidh sé a chomhnaí go Cill Chaoil, agus as sin go dtí an Caisleán Úr, agus sa deireadh go teach banaltrais i mBeannchor, áit a bhfuair sé bás ar 7 Deireadh Foghmhair 1972. Cuireadh é ag Massforth (Cill Chaoil).
1. ‘Máiréad Nic Eoin,’ An tUltach 40:5 (5/1963) lch
2.
2. Aedín Ní Choirbhín, ‘Coláiste Bhríde, Ros Glas,’ An tUltach 57:7
(7/1980) lch 3–4.
3. Pádraig Mac Con Midhe, ‘Thall agus Abhus,’ An tUltach 49:11 (11/1972)
lch 18; Irish News 9/10/1972 lch 5; Mourne Observer 13/01/1972
lch 2.
Tuilleadh tagairtí do Aodh Ó Brolcháin
Is ró-fhuras an fear seo a mheascadh le Tomás Ó Brolchain, sagart, eisean a chuir eagar ar Maicín le Fionn Mac Cumhaill (1924). Fuair sagart darbh ainm Tomás Ó Brolchain, ‘scoláire Gaedhilge,’ bás ar 5 Samhain 1941. Bhí sé ina shagart i gCaisleán na Finne san am. Cuireadh é ina áit dhúthchais, Baile na Scríne, i gConndae Dhoire.
Brian Mac Cathbháid (1902–1973)
Rugadh Brian Mac Cathbháid i Seanród, cúig mhíle soir ó Dhroichead na Banna, Co an Dúin, ar 25 Eanáir 1902. Maighistir scoile a bhí ina athair, Alexander McCavitt, a rugadh i nDruim Mór, Co an Dúin, agus a rabh suim sa Ghaedhilg aige. Ba as Meiriceá máthair Bhrian. Ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad, agus nuair a bhí sin uilig thart, chuaidh sé go Gort a' Choirce a dh'fhoghluim na Gaedhilge. I ndiaidh tamall a chaitheamh ag díol árachais, agus trí bliadhna ina mhúinteoir Gaedhilge i nGleann Gaibhleann, Co an Chabháin, thoisigh sé a dh'obair faoi Choiste Ghairm-Oideachais Dhún na nGall. Múinteoir as Gaeltacht Thír Chonaill a b'eadh a bhean chéile. Ó 1944 go dtí Mí na Lughnasa 1957, bhí sé ar iasacht ag Comhdháil Náisiúnta na Gaedhilge, mar stiúrthóir. Phill sé ar a phost i dTír Chonaill annsin, agus chuaidh a chomhnaidhe go Bun Dobhráin. Fuair sé bás annsin ar 10 Feabhra 1973. Rinne sé leagan Gaedhilge de dhráma bheag, ‘The Children's Guest’ le Dorothy MacArdle—‘Aoi na bPáistí’ (An Gúm, 1954). Phós sé Máire Nic Bhriartaigh as Cill Cartha. |
![]() |
| Brian Mac
Cathbháid Pioctúir: Cuisle na nGael 1991 lch 58 |
1. C Ó G, ‘Comhaimsirigh,’ Inniu 3/8/1951 lch 3.
2. Donncha Ó Laoire, ‘Slán le Brian Mac Cafaid,’ An tUltach 34:9
(9/1957) lgh 8, 12.
3. Pádraig Mac Con Midhe, ‘Thall agus Abhus,’ An tUltach 50:4 (4/1973)
lgh 15–6.
4. ‘Canon T.G. Pettit agus an Ghaeilge,’ Cuisle na nGael (1991) lgh
57–8.
5. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, Beathaisnéis 5 (1997), lch
288.
6. Micheal Ó Domhnaill, ‘Máire Nic Cafáid,’ Scéalta Staire Chill Chartha, lch 216.
Pioctúirí eile:
• Coláiste Uladh 1906–2006 (Seosamh Ó Ceallaigh, 2006), lch 104.
Tuilleadh tagairtí do Bhrian Mac Cathbháid
Bhí Thomas Cahill ina mhaighistir scoile i dToigh Chonnacht, in aice le Loch an Oileáin, Co an Dúin, agus bhí sé gníomhach i gcúrsaí an Chonnartha annsin. Sa tsluagh-thaifead in 1911, bhí sé ina chomhnaí i dToigh Chonnacht, é ina bhaintreabhach, 48 bliadhna de aois, a rugadh i gCo an Chláir. Dubhairt sé go rabh 11 duine cloinne aige, agus bhí 8 acu ina gcomhnaí sa bhaile go fóill, ó 17 mbliadhna de aois anuas go 3 bliadhna, agus rugadh iad uilig i gCo an Dúin. Is dóiche gur b'é Tomás ba chúis leis na figiúirí árda don Ghaedhilg i ranncheanntar Rossconnor sa tsluagh-thaifead chéanna sin. (I 1901 bhí comhnaí air sa Chill Mhór sa chomharsanacht cheanna.) Fuair sé bás ar 20 Bealtaine 1929. Bhí múinteoirí scoile ar a dhream ariamh ó shoin, agus suim ar leith sa Ghaedhilg acu.
1. Irish News 11/1/1905 lch 7.
2. Candida, ‘An Irishwoman's Diary,’ Irish Times 13/3/1978.
Tuilleadh tagairtí do Thomas Cahill
Rugadh é ar 12 Bealtaine 1886 in Ballydown, i gceantar Dhroichead na Banna, Co an Dúin. Ba é Charles McCourt a athair agus Mary O’Brien a mháthair. Rinne sé stáidéar le bheith ina dhligheadóir. Thoisigh sé a theagasc Gaedhilge i nDeireadh an Fhoghmhair 1903, i nDroichead na Banna, Baile Uí Mhearlaigh agus Loch Bricleann. Thug sagart seanmóir ina éadan ar 18 mhí na Nollag 1904, ach chuir Mac Cuarta an dligheadh air agus bhain sé an cás i nDroichead na Banna ar 5 Aibreáin 1905, ach chuir an racán seo deireadh leis na ranganna i Loch Bricleann agus i mBaile Uí Mhearlaigh. Bhí baint mhór aige leis an iomáint fosta, agus bhí sé ina rúnaí ar Bhórd na Conndae de Chumann na Lúth-Chleas Gaedheal in 1905. Níl fhios agam caidé mar d'éirigh dó anonn ina shaogal.
1. The Aghaderg Story 1903–1984 (c.1984) lgh 6,
8–9.
2. Irish News 14/1/1905 lch 7; Irish News 6/4/1905 lch 7;
Irish News 11/4/1905 lch 7.
3. Síghle Nic an Ultaigh, An Dún: ó Shíol go Bláth (1990) lgh 50–51, 57,
59, 600.
Pioctúir:
• Síghle Nic an Ultaigh, "An Dún—ó Shíol go Bláth", lch 53: Clann na Banna:
John McCourt sa tsraith tosaigh, an dara duine ó chlé (Tá an pioctúir céanna sa
leabhar The Aghaderg Story, leis na hainmneacha.)
Máirtín Labhras Mac Eachmharcaigh (1874–1948)
![]() |
Rugadh é i mBealach an Doirín, Co Mhuigheo, ar an 14 Nollaig 1874. Bhí sé i gColáiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge eadar 1891 agus 1893. Tháinig sé chuig Scoil Bhaile Coinnleora i gCo an Dúin in 1894, agus in Aibreáin 1900 rinneadh árd-mhaighistir de ar Scoil Mhaolmhaodhóg, Caisléan Uidhilín, an áit ar chaith sé an chuid eile dena shaoghal. Bhí sé gníomhach in obair na Gaedhilge i rith an ama, agus bhí bláth ar an Chonnradh i gCaisleán Uidhilín agus sa cheanntar thart timpeall air. Ba é an stiúrthóir é ar an chéad Fheis an Dúin in 1902. Pósadh é ar Caitlín Nic Aoidh, as Doire Bán, Co Árd Mhacha, ar 25 Deireadh Foghmhair 1910. D'éirigh sé as an teagasc i ndiaidh corradh is dhá scór bliadhan ach lean sé do obair na Feise ar fad. Fuair sé bás ar 10 Bealtaine 1948, agus cuireadh é i mBealach an Doirín. 1. Pádraig Mac Con Midhe, ‘Thall a's i
bhFus,’ An tUltach 26:6 (6/1949) lch 3. |
| Máirtín Mac
Eachmharcaigh Pioctúir: An tUltach (Meitheamh 1949) lch 3 |
![]() |
Rugadh é i nDroim Méine, Cill Chua, Co an Dúin, ar 21 Eanáir 1882. Susan Nic Phóilín a bhí ar a mháthair, agus fuair sise bás ar 7 Aibreáin 1928, in aois 82. Fuair a fear céile, Niall Mag Eoghain, a rugadh c 1840, bás roimpi. Bhí seisear gasúr sa chlainn: Barney, Hugh, Paddy (a chuaidh go Meiriceá), Owen, Jimmy agus Stephen; agus triúr girseach: Rose, Mary agus Ellen. Ba é Stephen a b'oige orthu uilig. Chaith sé bliadhain ar Choláiste Phádraig, Droim Connrach 1902–3. Do réir chartlann na coláiste sin, bhí sé ina mhonatóir ar Scoil Mhaolmhaodhóg, Baile Mhic Airt (Béal Fearsaide) ó 1896. Rinneadh comh-rúnaí de ar Chraobh Chill Chua den Chonnradh ar 20 Deireadh Foghmhair 1901, agus bhí sé i láthair ar chruinniú de Choiste Ceanntair Chaisleán Uidhilín ar 8 Nollaig 1901. Is cosamhail gur b'é an Stiofán Mag Eoghain céanna é a ghlac páirt sa chéad Fheis na nGleann in 1904, thar ceann Ghleann Seisc. (Bhí baint mhór ag F.J. Bigger leis an fheis sin, agus leis an Árd Ghlas i gCo an Dúin.) |
| Stiofán Mac
Eoghain Pioctúir: Bi-centenary of Portaferry Church lch 79 |
Bhí sé ag teagasc in Dunsfort i scoil na mbuachall (St Mary's Public Elementary School) thart fá 1912. Fear ciúin a bhí ann, agus poblachtóir. Bhí sé cruaidh go leor ach é ina mhúinteoir mhaith, do réir tuairisce. Bhí dúil mhór aige sa Ghaedhilg, agus chuireadh sé rang sa tsiubhal trí lá den tseachtmhain, ar feadh leath-uair a chluig, i ndiaidh ghnáth-am scoile. Bhí cead ag na buachaillí agus ag na cailíní theacht ar an rang seo, ach ní rabh fiachadh orthu sin a dheánamh. Bhí sé ina rúnaí ar Chraobh Sheáin Uí Néill, Árd Glas, in 1912, agus ina bhall de Choiste Ceanntair Oirthear an Dúin san am chéanna.
Bhí sé ag teagasc i bPort an Phéire eadar 1916 agus 1923, ar a laighead, agus bhí sé ina árd-mhaighistir annsin. Bhí Joseph Tomelty, aisteoir agus scríbhneoir, i measc a chuid scoláirí annsin. Is féidir go dteachaidh sé go Conndae Aontroma ina dhiaidh sin. Sheinneadh sé ar an fhidil, agus bhí dúil aige i ngailf agus i ngarradóireacht. Níor phós sé ariamh. Chaith sé na bliadhanta deireannacha in Áras Sheosaimh de Ord na Trócaire i Rinn Mhic Giolla Ruaidhe, agus dheánadh sé an obair ar na leabharthaí cunntais daobhtha. Fuair sé bás ar 7 Meitheamh 1959, agus tá sé curtha i gCill Chua. Tá buidheachas ar leith as an eolas seo ar Stiofán Mag Eoghain ag gabháil do Ellen Gracey nach maireann, iar-scolaire dena chuid in Dunsfort; agus do Bhridie Bean Uí Leannáin, Caisleán Uidhilín, nighean le Bernard, deartháir Stiofáin. |
![]() |
| Susan McGeown le
triúr dá clainn; síltear gurab iad, ó chlí, Mary, Stephen agus
Ellen Pioctúir: Mrs Bridie Lennon, Castlewellan |
1. Irish News 13/11/1901 lch 7; Irish News
12/12/1901; An Claidheamh Soluis 3:36 (16/11/1901) lch 571.
2. Jonathan Bell, ‘Intelligent revivalism: the first Feis na nGleann, 1904’ in
Alan Gailey (eag.) The Use of Tradition (1988) lgh 3 agus fónóta 6.
3. Irish News 18/3/1912 lch 8; Irish News 11/6/1912 lch 7.
4. Fáinne an Lae 1038 (16/3/1918) lch 2; Irish News 6/12/1922 lch
6.
Tuilleadh tagairtí do Stephen McGeown
Aodh Mac Gréacháin (1878–1952)
Rugadh é 18 Samhain 1878, agus tógadh é i gCoill Chon Murchaidh, 6 mhíle soir ó Dhroichead na Banna, Co an Dúin. Feirmeoir a bhí ina athair, James Graham, annsin, agus Ellen Burns an t-ainm a bhí ar a mháthair. Bhí deartháracha agus deirfiúracha aige, ab óige ná é féin: Patrick, James, Mary, Agnes, John, Ellen.
Bhí sé ar Choláiste De La Salle, Port Láirge, 1896–8. Bhí sé ina mhaighistir i scoil Tulaigh Oirir (agus b'fhéidir i scoltacha eile sa cheanntar sin) 1899–1904, agus ina árd-mhaighistir, Scoil na nGasúr, Baile na hInse, 1904–17. Bhain sé amach céim B.A. ó Ollscoil Ríoga na hÉireann 1907. Rinne sé stáidéar i gColáiste Ríoga na hEolaidheachta, Baile Átha Cliath, Samhradh 1914. Fuair sé H.Dip.Ed. ó Ollscoil na Ríona, Béal Fearsaide in 1916 (an bhliadhain chéanna a bhfuair Séamus Ó Searcaigh an céim sin). Theagasc sé Gaedhilg i mBéal Fearsaide, in Óméith agus i nDún Pádraig, 1909–16. Theagasc sé Béarla agus Matamaitic i gCeardscoil Dhún Pádraig, 1912–5.
![]() |
Phós sé Susan McKay, Fidh-inis, Droim Bearach, i mBaile na hInnse ar 19 Lughnasa 1909. Rugadh mac daobhtha, James Gerard, in 1912; agus nighean, Mary Teresa (Maureen), in 1915. Bhí sé gníomhach in obair na Gaedhilge agus an náisiúnachais i gCo an Dúin. Fuair sé an chéad duais as cnuasacht logainmneacha i bhFeis Ó Méith 1901, agus bheirtear de mholadh dó gur bhunuigh sé gluaiseacht na Gaedhilge i gCeanntar Chaisleán Uidhilín an bhliadhain chéanna sin. Is é a thug scéalta 16–21 de chuid Sgéalaidhe Óirghiall do Sheosamh Laoide—in Óméith a fuair sé iad uilig. Scríobhadh sé corr-rud chuig An Claidheamh Soluis nó chuig an Irish News. Chuir sé ádhbhar isteach ar chomórtais an Oireachtais in 1903, faoin ainm pinn “Réamann na Rannta”: ‘Trácht ar chúrsaí Seagháin Uí Néill nó Seaghain an Diomais’; tá fagháil air mar rannóg GL264 de LS G255 i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (eolas ó Sheán Mac Labhraí). Bhí teastas teagaisc Gaedhilge aige ó Choláiste Chomhghaill. Ghlac sé páirt mhór in eagrú Choláiste Bhríghde, Ó Méith, an chéad bhliadhain, 1912. Bheir sé le fios i litir ar An Claidheamh Soluis gur scríobh sé síos rud beag Gaedhilge óna cainnteoirí deireannacha i gCo an Dúin. |
| Hugh Graham, University of Minnesota, 1918 (College of Saint Teresa Archives) |
Chuaidh sé go Meiricea in 1917, agus rinneadh saoránach den tír sin de in 1924. Bhí sé ag teagasc Béarla agus Matamaitic i gColáiste Naomh Thomáis, St Paul, Minnesota, 1917–8—an obair chéanna a bhí Lorcán Ó Muireadhaigh i ndiaidh a fhágáil le pilleadh ar Éirinn. Bhí sé ina árd-mhaighistir ar Rosemount Pub. Sch., 1918–9; agus ina Superintendant, Maple Lake H.S. district, Minnesota, 1919–20.
Bhain sé amach M.A. ón University of Minnesota in 1919. Foillsigheadh leabhar leis, The Early Irish Monastic Schools, i mBaile Átha Cliath in 1923. Bhain sé Ph.D. amach ón University of Minnesota in 1927, le tráchtas ar an mheadhon-oideachas i Minnesota.
Fuair a bhean chéile bás ar 16 Samhain 1919, i mBaile na hInse, agus cuireadh í i nDroim Bearach. Phós sé Margaret Teresa Meagher, ó Halifax, N.C. ar 18 Meadhon Foghmhair 1922.
Bhí sé i gceannas ar Roinn an Oideachais, Coláiste Naomh Treasa, Winona, Minnesota, 1920–4. Bhí sé ina leas-ollamh le Oideachas, Ollscoil St Louis, 1927–30; agus ina Ollamh le Oideachas in Ollscoil John Carroll, Cleveland, ó 1930 go dtí 1949. Fuair sé bás le taom croidhe ar 2 Bealtaine 1952, agus cuireadh é in Cleveland. Bhí a bhean beo ina dhiaidh; bhí a mhac, James, ina chomhnaí in Atlanta, agus a nighean, Maureen (a bhí pósta ar Charles Leo Beatty) in Cleveland, agus bhí uaí air. Bhí na deartháracha aige, Patrick agus John, in Boston; agus bhí ceathrar deirfiúrach ina gcomhnaí fá Dhroichead na Banna.
Buidheachas speisialta don Chartlannaí, Coláiste Naomh Treasa, Winona, Minnesota; do Leabharlainn Phoiblí Cleveland; and do Cindy Donlin, Cleveland.
1. The American Catholic Who's Who 6 (1944–45) lch 171; Who was
who in America 3 (1951–60) lgh 338–9; Sister M Bernetta Quinn, Design in
Gold (stair Choláiste Naomh Treasa, Winona, Minnesota, 1907–1957) lgh.
39–40.
2. An Claidheamh Soluis 3:28 (21/9/1901) duilleachán lgh 1–2; Irish
News 5/10/1904 lch 7; Irish News 14/1/1905 lch 7; Irish News
21/3/1905 lch 8; An Claidheamh Soluis 10:31 (10/10/1908) lch 7; An
Claidheamh Soluis 12:44 (7/1/1911) lch 10; Irish News 20/5/1911 lch
7; Irish News 11/10/1911 lch 6; Irish News 5/6/1912 lch 8;
Irish News 11/6/1912 lch 7; Irish News 8/8/1912 lch 7; Irish
News 16/8/1912 lch 6; Irish News 24/8/1912 lch 7; An Claidheamh
Soluis 15:13 (31/5/1913) lch 3.
3. Irish News 17/11/1919 lch 1.
4. Cleveland Press 2/5/1952, moladh mairbh; Cleveland Press
3/5/1952, fógra báis.
Pioctúirí eile:
• Mourne Rambles, forlíonadh le Cuisle na nGael (1994) lch 54: Ag
Coláiste Ó Méith, 1912: Peadar Ó Dubhda, Aodh Mac Gréacháin, Eoin Mac Néill,
Éamonn de Bhaldron agus Domhnall Ó Baoighill (nílmuid cinnte de ord na beirte
deireannaighe.)
• Nuaill Scoile (leabhar Choláiste Chomhghaill), Béal Feirste, 1909. Tá
pioctúirí de fhoireann agus mhic léighinn na Coláiste os coinne lgh 16 agus 18.
Ag lch 16, is é Aodh Mac Gréacháin an tríomhadh duine ó chlé sa tsraith
tosaigh; ag lch 18, is é an seachmhadh duine ó chlé é sa tríomhadh sraith ón
toiseach.
Tuilleadh tagairtí do Aodh Mac Gréacháin
Pádraig Ó Grianáin, sagart (c1862–1931)
Rugadh é i mBaile an Eanaigh, i bParóiste Chluain Damh, Co an Dúin, timpeall 1862. John a bhí ar a athair, agus Bridget (bás 22 Meadhon Foghmhair 1931) a bhí ar a mháthair. Bhí sé ina shagart in Achadh Dearg in 1901, in Eanach Luain 1903–4, agus in Droim gCath 1905–13, agus i gCaisléan Uidhilín in 1919, agus ina shagart paróiste i nDruim Mór ó 1925 go dtí n-a bhás ar 22 Aibreáin 1931. Nuair a d'fhág Aodh Mac Gréacháin ceanntar Eanach Luain le dhul go Baile na hInnse in 1904, mhaoidh an Grianánach ina óráid ar an ócáid gurab é Mac Uí Ghréacháin a spreag é féin le suim a chur sa Ghaedhilg. Bhí sé gníomhach in obair an Chonnartha i gConndae an Dúin, agus ina chomh-chisteoir ar Choláiste Bhríghde, Ó Méith, sa chéad bhliadhain, 1912. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonnartha ar feadh i bhfad.
1. Padraic Keenan, Brief historical sketch of the parish of Clonduff
(1941) lch 27; Rev Edward Campbell and Padraic Keenan, Some notes on the
clergy of Dromore from the earliest times to the present day (1952,
cuireadh leis in 1954; clóscríbhinn sa Public Records Office of Northern
Ireland, CR 2/5/1) lch 71.
2. Irish News 25/4/1931; Irish News 23/9/1931.
3. Irish News 5/10/1904 lch 7; Irish News 14/10/1911 lch 8;
Irish News 19/10/1911 lch 7; Irish News 5/6/1912 lch 8; Irish
News 15/7/1912 lch 6; Frontier Sentinel 3/5/1919.
Tuilleadh tagairtí do Phádraig Ó Grianáin
Bernard Joseph Mooney, sagart (1898–1975)
Rugadh é i mBaile Luan, i bparóiste Mhachaire Eadar Ghabhla, Co an Dúin, sa bhliadhain 1898. Rinneadh sagart dó thart fá 1923. Rinne sé stáidéar ar leith ar logainmneacha Dhioghaise an Droma Mhóir agus Bharúntacht Uibh Eachach. Fuair sé bás ar 11 Deireadh Foghmhair 1975, agus cuireadh é i nDoire Mhic Coise, comhgharach do'n Lurgain.
1. Campbell agus Keenan lch 50.
2. ‘Popular Hilltown priest,’ cunntas agus pioctúir as páipéar eighinteacht
(26/5/1948?) lch 9, ar iubaile airgid a oirnighthe. PRONI CR 2/5/3.
3. Lurgan & Portadown Examiner 16/10/1975 lch 13.
Tuilleadh tagairtí do Bhernard Joseph Mooney
Domhnall Ó Murchadha (fl. 1901)
B'as Magh Cromtha i gCo Chorcaigh do Shéamus??? Ó Murchadha, agus comhnaí air i mBóthar Kirkdale i Léarpholl, nuair a fuair sé post mar mhúinteoir taistil i gceanntar Chaisleán Uidhilín (Co an Dúin) ar 10 Samhain 1901—an chéad mhúinteoir taistil sa cheanntar sin. Do réir tuairiscí áirid, d'fhág sé i ndiaidh bliadhna agus phill sé go Corcaigh.
1. Pádraig Mac Con Midhe, ‘Thall a's i bhFus,’ An tUltach 30:2
(2/1953) lch 3.
2. Irish News 13/11/1901 lch 7; An Claidheamh Soluis 3:38
(30/11/1901) duilleachán lch 2; An Claidheamh Soluis 3:40 (14/12/1901)
duilleachán lch 3; An Claidheamh Soluis 4:31 (11/10/1902) lch 515.
Tuilleadh tagairtí do Dhomhnall Ó Murchadha
Nuair a d'fhág Domhnall Ó Murchadha an post mar mhúinteoir Gaedhilge i gceanntar Chaisleán Uidhilín, Co an Dúin, tháinig fear darbh ainm Pádraig Mac Giolla Dé as Tír Chonaill ina áit. Ina dhiaidh sin arís, i mí Mheithimh 1904, tháinig Seumas Ó Murchadha, a bhí ina bhall de Chraobh Lios na bhFiann i mBéal Feirste le fada roimhe sin.
1. Irish News 4/6/1904 lch 8; Irish News 12/10/1904 lch 3;
Irish News 2/2/1905 lch 8; Irish News 15/2/1905 lch 8; Irish
News 21/3/1905 lch 8; Irish News 2/1/1905 lch 3.
Tuilleadh tagairtí do Shéamus Ó Murchadha
Rugadh é thart fá 1874 i gcomharsanacht Chaisleán Uidhilín, Co and Dúin. Bhí giota beag Gaedhilge ó dhúthchas agna mháthair, Catherine, a rugadh fá 1840 agus arb as baile Chaisleán Uidhilín í, rud a fuair Earnán de Blaghd amach nuair a tháinig sé chun cainnte le Henry fá ghnoithe na n-óglach. In sluagh-thaifead 1901, cuirtear síos ar Henry mar ‘tinsmith and gasfitter.’ Bhí sé gníomhach sa Chonnradh, i Sinn Féin, agus i gCumann Lúth-Chleas Gaedheal. Bhí sé ina chisteoir ar Chraobh Naomh Pádraig den Chonnradh, Caisléan Uidhilín, i 1911. Fuair sé bás 28 Márta 1919 agus cuireadh é i gCaisléan Uidhilín.
1. Earnán de Blaghd, Slán le hUltaibh lch 68.
2. Irish News 28/5/1902 lch 3; Irish News 13/6/1902 lch 6;
Irish News 11/10/1911 lch 6; Síghle Nic an Ultaigh, An Dún: ó Shíol
go Bláth (1990), lgh. 68, 83, 535, 598–600.
3. Frontier Sentinel 5/4/1919 lch 5.
Tuilleadh tagairtí do Henry Murphy
Aodh Ó Raghallaigh, sagart (1863–1927) Rugadh é i nDeaghchoimhead, i bparóiste Dhruim Gualann, Co an Dúin, ar 24 Eanáir 1863, áit a rabh a athair ina mhaighistir scoile. Bhí sé ina Uachtarán ar Choláiste Cholmáin san Iubhar 1896–1915, agus ina shagart paróiste i gCill Bhrónaighe ó 1921 ar aghaidh. Fuair sé bás i gCaisléan Ruaidhrí 19 Eanáir 1927, agus cuireadh é i gCill Bhrónaighe. Bhí sé ina MRIA. Bhí sé ina Uachtarán ar Chraobh an Iubhair agus ar an Choiste Ceanntair. Bhí sé ar Choiste Gnó an Chonnartha ar feadh i bhfad. 1. Campbell agus Keenan lch 100. |
![]() |
| Aodh Ó Raghallaigh Pioctúir: Cuisle na nGael 1985 lch 25 |
![]() |
Brian Mac Thréinfhir, sagart (1915–1993) Rugadh é i gCarraig Uí Mhaoilsté, i bparóiste Chluain Dalláin, Co an Dúin, ar 27 Márta 1915. Bhain sé amach céim sa Léigheann Cheilteach i Magh Nuadhat in 1935. Scríobh sé altanna ar chúlra Ghaelach Cho an Dúin. Fuair sé bás ar 17 Feabhra 1993. 1. Campbell agus Keenan lch 51. |
| Brian Mac Thréinfhir Pioctúir: Cuisle na nGael 1993 lch 188 |
Éamonn Ó Tuathail (c1884–1956)
![]() |
Rugadh Éamonn Ó Tuathail gar do Bhaile Átha Cliath, ach tógadh é i gConndae an Dúin. Bhog an teaghlach ó thuaidh, a chomhnaí le deartháir a mháthara, a bhí ina oibridhe ar an Dufferin Estate. Theagasc Éamonn Gaedhilg i gConndae Mhuineacháin, ach bhog sé go Baile Átha Cliath in 1910. In 1929, rinneadh Ollamh le Gaedhilg de i gColáiste na Trionóide. Bhí baint aige ar feadh na mbliadhanta le Coláiste Uladh i gCloich Cheann Fhaolaidh. Chruinnigh sé ábhar ó bhéal i gcuid mhór ceanntracha sa tuaisceart — Tír Eoghain, Muineachán, An Cabhán, An Mhidhe, Inis Eoghain, Árd Mhacha, Aontruim — agus d'fhoillsigh sé Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933) as Tír Eoghain, Seanchas Ghleann Ghaibhle (1934) as Iarthar an Chabháin, agus a lán altanna. Rinne sé taifid fhuaime ar ediphone ins na ceanntracha seo, ach ní fios san am i láthair an maireann na taifid sin slán. D'fhoillsigh sé fosta filidheacht Ultach ó lámhscríbhinní, cuid de ina leabhar Rainn agus Amhráin (1923). |
| Éamonn Ó Tuathail Pioctúir: Ó Ghleann go Fánaid lch 326 |
1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú,
Beathaisnéis 2 138–140; 3 167; 5 284.
Pioctúirí eile:
• Seosamh Ó Ceallaigh Coláiste Uladh 1906–2006 (2006), lgh 23, 228, (an
ceann thuas) 266
Tuilleadh tagairtí do Éamonn Ó Tuathail
Micheál Mac Uiginn (1885–1970)
Rugadh John Michael Davitt McGuigan ar 4 Iúil 1885 i mBaile na hInse, Co an Dúin. Edward McGuigan a bhí ar a athair agus Teresa Flynn a bhí ar a mháthair. Bhí teach taibhirne agus ‘livery’ ag Edward sa bhaile. Sa tsluagh-thaifead in 1901, bhí an teaghlach ina gcomhnaí in Windmill St; bhí Edward (74), Teresa (51), Devit (15), Thomas (14), Teresa (9) agus William (6) ann. Is cosamhail gur b'ionann Devit seo agus Micheál. Nuair a d'éirigh Edward as a chuid oibre, cheannuigh sé feirm ag Baile Mhic Catháin (Ballykine) in aice le Baile na hInse; bhí mac Mhicheáil, Thomas, ina chomhnaí annsin go fóill sna 1990í. Fuair Teresa bás ar 6 Meitheamh 1932, agus Edward am eighinteacht roimhe sin—i Lughnasa 1917 nó go gairid roimhe sin, do réir cosamhlachta. D'fhág Micheál an scoil nuair a bhí sé naoi mbliadhna d'aois. Carróir a bhí ann do réir an tsluagh-thaifead in 1901. D'fhoghluim sé an Ghaedhilg leis féin. Bhí sé ina eagraí agus ina mhúinteoir ag Coiste Ceanntair Oirthear an Dúin in 1911, agus é ag teagasc i scoil náiseanta Bhaile Philib, do réir cosamhlachta. Bhí sé ina rúnaí ar Fheis an Dúin in 1912. Cuireadh ar fhoireann teagaisc Choláiste Chomhghaill i mBéal Fearsaide é i mí Eanáir 1912. Bhí dioplóm aige ó Choláiste Chomhghaill, agus teastas ó Choláiste Uladh, Cloch Cheann Fhaolaidh. Bhain sé amach teastas san oideachas ó Ollscoil na Ríona in 1919. Bhí baint aige le Coláiste Mhaolmhaodhóg, Reachrainn, ar cuireadh tús léithe in 1914 agus a mhair go dtí 1922, ar a laighead; agus tá an seans ann gur scríobh sé síos adhbhar seanchais ar an oileán. |
![]() |
| Micheál Mac Uiginn (Photo: Thomas McGuigan, Ballykine) |
Ar 12 Meitheamh 1912, phós sé Annabella Fitzsimons (a rugadh c1894) i dteach pobail Bhaile Loch Cuan. Rugadh nighean Máirín daobhtha ar 24 Márta 1913, tráth a rabh siad ina gcómhnaí i Sráid na Cille, Baile na hInse. Bhí siad ina gcomhnaí ag 84 Agincourt Avenue i mBéal Fearsaide i mí Eanáir 1917, tráth a bhfuair Máirín seo bás. Bhí cúigear páiste aca: Maureen eile, Patricia, Eamonn, Pearse agus Una. Fuair Annabella bás i mí Eanáir 1922, agus cuireadh í i nDruim an Róid.
Phós sé Mary O'Neill ó Bhaile Átha Cliath in 1923, agus bhí naonúr pháiste aca: Laurence, Eithne, Síle, Thomas, Eileen, Ann, Ursula agus Joan. Bhog siad ó Agincourt Avenue chuig 33 Cliftonpark Avenue. Chaith Micheál a shaoghal ag teagasc i Scoil Mhuire na mBráthar i mBéal Fearsaide. Fuair sé bás ar 3 Nollaig 1970, agus cuireadh é i mBaile na hInse. Fuair a bhean Mary bás ar 5 Eanáir 1991.
Buidheachas ar leith do Thomas McGuigan, Baile na hInse, as cuid mhór den eolas seo.
1. Irish News 7/6/1932 lch 1.
2. Irish News 4/3/1911 lch 7; Irish News 20/5/1911 lch 7;
Irish News 13/6/1911 lch 8; Irish News 4/10/1911 lch 4; Irish
News 11/10/1911 lch 6; Irish News 23/2/1912 lch 6; Irish News
4/3/1912 lch 6; Irish News 15/3/1912 lch 7; Irish News 18/3/1912
lch 8; Irish News 9/5/1912 lch 8; Irish News 14/9/1912 lch 8; i
measc eile.
3. An Claidheamh Soluis 13:47 (27/1/1912) lch 11; Irish News
17/1/1912 lch 7; Irish News 9/9/1912 lch 4; Irish News 16/9/1912
lch 8.
4. Irish News 22/6/1912 lch 1; Irish News 1/4/1913 lch 1;
Irish News 1/2/1917; Irish News 17/1/1922.
5. Fainne an Lae 1103 (14/6/1919) lch 2; Gearóid Mac Giolla Domhnaigh,
Conradh Gaeilge Chúige Uladh (1995) lch 201.
6. Irish News 4/12/1970; Irish News 7/1/1991 lch 2.
Pioctúirí eile:
• Nuaill Scoile (leabhar Choláiste Chomhghaill), Béal Feirste, 1909. Sa
phioctúir de fhoireann agus mhic léighinn na Coláiste atá os coinne lgh 18, is
dóiche liom gurb é Micheál Mac Uiginn an ceathrú duine ó chlé sa tsraith
chúil.
Tuilleadh tagairtí do Mhicheál Mac Uiginn
Síltear gurab é John McCambridge a chum an t-amhrán "Áird a' Chumhaing," gidh nach bhfuil sin cinnte. An rud atá cinnte, gurab é a thug an t-amhrán do Roibeárd Mac Ádhaimh fá 1830.
Rugadh é in Mullarts, i bParóiste an Leithid, i nGlinntí Aontroma, fá 1793 —
mac le Daniel McCambridge agus Sally Stewart. Ó Cheann Tíre in Earraghaidheal a
tháinig a mhuinntir ar dtús, mar tchí muid ón tumba seo i Reilig an Leithid:
Thógthar a chlach soFuair an tUrramach Charles Gillis giota talaimh ó mhuinntir McCambridge agus thóg sé eaglais air in 1849. Tá "Mullarts Holiday Apartments" i bhfoirgneamh na h-eaglaise sin inniu. Fuair an tUrr Gillis seilbh ar iomlán an talaimh nuair a phós sé baintreabhach dheárthair John in 1861.
chun cuimhne a chongbháil ar
a mhuintir atá marbh.
Malcolm McCambridge, came from Cantire 1625,
located in Carnasheran, and died there
Daniel, his son, died May 1690, aged 94
Archibald, son of Daniel, died Nov 1735, aged 98
John, son of Archibald, died 1795, aged 92
Francis, son of John, died Sept 1817, aged 65
Daniel, bro of Francis, died April 1832, aged 76
Francis, son of Daniel, died April 1832, aged 35
Margaret McCambridge, died 26 March 1833, aged 17
Archibald McCambridge, died 17 Nov 1837, aged 33
Alexander McCambridge, died 02 June 1854, aged 51
Sarah Stewart, wife of Daniel above, died Sep 1858, aged 87
Daniel McCambridge, their son, died 25 March 1860, aged 57
John McCambridge, died 16 June 1873, aged 80
Ná bain damh.
Is cosamhail gur fhág John an baile go hóg, nó bhí sé in obair an leathair i Latharna, b'fhéidir comh luath le 1824, agus lean sé don obair seo go dtí thart fá 1863. Bhí feirm aige fosta in "Glenarm Deerpark", agus sin an seoladh a bhí aige ó 1831 go dtí n-a bhás. Ní dóiche gur phós sé ariamh.
Fuair John bás ar 16 Meitheamh 1873, ag Park House, Gleann Arma. Cuireadh é i Reilig an Leithid ar 18 Meitheamh.
Ba mhac deirfiúra leis Sir Daniel Dixon (1844–1907), an chéad árd-mhéara ar Bhéal Fearsaide.Scríobh Eoin Mac Néill an méid seo fá dtaobh de:
The last Irish poet in County Antrim was a Protestant, an uncle of Sir Daniel Dixon. My mother knew him well, and says that on every possible occasion he tried to interest people in the Irish language, and would rather talk about it than anything else. His name was John McCambridge. I managed to rescue and print one of his songs, Árd Í Cuain a really beautiful little lyric, which I printed in an old number of the Gaelic Journal. I am told that the air of it is still known in Glenariff...
Tuilleadh eolais annseo.
Aoidhmín Mac Gréagóir (1884–1950)
Ba é Hugh Walter Gaston McMillan a ainm baiste, agus rugadh é i mBarnsley Shasana in 1884. Doctúir as Baile na Raithnighe, eadar Dún Domhnaill agus an Comar i gCo an Dúin a bhí ina athair, agus ba as Royston i gcomharsanacht Bharnsley a mháthair. Tháinig an teaghlach a chomhnaí go Béal Fearsaide fá 1889, agus fuair a athair bás an bhliadhain ina dhiaidh sin. Bhí Aoidhmín ag cuidiú le "Cú Uladh" ag teagasc Gaedhilge i gcraoibh de Chonnradh na Gaedhilge fá 1900. I ndiaidh tamall a chaitheamh fá cheanntar Ollscoil na Ríona, bhog sé go Lag an Aoil in 1908, áit ar chomhnaigh sé an chuid eile dena shaoghal. D'fhoillsigh sé trí leabhar de bhéaloideas Gaedhilge eadar 1906 agus 1910, agus go leor altanna agus litreacha fosta. Chnuasaigh sé an seanchas seo in Inis Meán (Áranna), i ndeisceart Cho Dhoire, agus ar Oileán Reachrann. Bhí eolas ar leith aige ar Ghaedhealtacht Reachrann. Bheireadh sé cuairt ar Albain, agus bhí eolas maith aige ar Ghaedhilg na taoibhe sin. Tá tuilleadh eolais agus pioctúireacha le fagháil annseo. |
![]() |
| Aoidhmín Mac Gréagóir Pioctúir: An Claidheamh Soluis 841 2 (9/5/1914) |
Domhnall Ó Tuathail, sagart (1880–1922)
Rugadh Domhnall Ó Tuathail (nó Daniel O'Reilly Toal) in Kirkaldy na hAlban ar 29 Meadhon Foghmhair 1880. Ba as an Mhaigh i gCo Thír Eoghain a athair Terence (a fuair bás i mBéal Fearsaide ar 24 Lughnasa 1904), agus as Co an Chabháin a mháthair, Máire Ní Raghallaigh. Rinneadh sagart de i Magh Nuadhat i 1904. Tháinig sé go Gleann Áirimh, Co Aontroma, fá 1909. Ní rabh Gaedhilg i scoltacha na paróiste, agus chuir sé múinteoir na Cille Móire, Máire Ní Uiginn, chuig Máire Mhóir Nic Cormaic, cainnteoir dúchais i mBun Abhainn Duine, a chruinniú ráidhte agus a dteagasc dona páistí. San am chéanna, leag sé amach a mhodh cliúiteach teagaisc féin, Modh na Ráidhte. Sa mhódh teagaisc seo, ní rabh scríobhadh ná léigheamh ná gramadach i gceist ag an tús, ach an teangaidh a fhoghluim ina ráidhte, mar a dheánfaí ag glúin na máthara. Deirtí na ráidhte go nadúrtha agus scríobhadh an scoláire iad ar cibé dóigh a d'fhóir dó—ba chuma ach a bheith abálta a rádh i gceart arís. Chuir an Sagart Domhnall síos ar an mhódh in An Claidheamh Soluis i 1914. |
![]() |
| Domhnall Ó Tuathail Pioctúir: Claidheamh Soluis 855 (15/8/1914) lch 2 |
Chum sé scéilíní, comhrádh agus véarsaí as na ráidhte a cruinnigheadh ó na cainteoirí dúchais, go speisialta i gCo Aontroma. Cuireadh cuid acu i gcló ar An Claidheamh 1916-17. I measc na scéilíní bhí An Toigh a Thóg Seaghainín agus Hompaigh Dompaigh, atá luaite mar “ghreim coganta” ag scoláirí na coláiste in Mo Dhá Róisín, agus atá coitianta ag páistí go dtí an lá inniu.
Bhéarfaidh an sampla beag seo as na comhráidhte baramhail den chanamhaint
agus den ghreann atá iontu:
2. Caidé tá cearr ort?
1. Tá pian in mo cheann.
2. 'Bhfuil sé frithir?
1. Tá sé dochrach frithir.
2. 'Rabh tú aig an Dochtúir?
1. Maise, cha rabh.
2. Cha dtigidh leis a bheith dochrach frithir, nuair nach rabh tú aig an
Dochtúir.
1. Bhí mé aig an tSagart; agus b'fhéarr liom a lámh naomhtha, ná an buidéal
is fhéarr a rinne Dochtúir suas ariamh.
2. O! seadh! is saoire lámh an tSagairt ná buidéal an Dochtúra!"
Bhí Modh na Ráidhte in úsáid i gColáiste Bhrighde, Óméith, sa chéad bhliadhain,
1912, agus bhí an Sagart Domhnall é féin ar an fhoireann teagaisc eadar 1914
agus 1916. Cuireadh an módh ar fagháil i bhfoirm leabharthaí beaga fá
dheireadh: na trí léightheoirí agus lámhleabhar Mhódh na Ráidhte.
Chaith an Sagart Domhnall na bliadhanta 1911–1915 i nDún Pádraig, Co an Dúin, agus chuaidh sé go Béal Fearsaide annsin, áit a rabh baint mhór aige leis an Ard-Scoil. Bhí sé ar na daoine a bhunaigh coláiste shamhraidh i Ros Glas i Leath Chathail fá 1921.
Chuir sé eagar ar láimhscríbhinn "Tóraidheacht na bhFíréan", aistriúchán Gaeilge a bhí deánta ag sagart as Condae an Dúin thart fá 1762 ar an leabhar spioradálta Imitatio Christi, agus foillsigheadh é in 1915.
Ar an 3 Nollaig 1922, bhí sé ag deánamh seanmóra i dTeach Pobail Mhaolmhaodhóig i mBéal Fearsaide nuair a tháinig taom air go tobann agus thuit sé maol marbh. Tá a thumba le feiceáil díreach taobh istigh de gheaftaí roilig Bhaile an Mhuilinn.
Ba iad na tréartha pearsanta a ba mhó a bhí le sonrú sa tSagart Domhnall do réir na gcuntas, an greann, an bháidh a bhí aige leis na páistí, a neamhshuim ina íomhaigh phearsanta, a chineáltacht agus a chráibhtheacht.
Bhí deartháir leis, Toirdhealbhach Ó Tuathail, ina shagart fosta, agus d'fhoillsigh seisean leagan den amhrán Áirdí Chuain ar Irisleabhar Mhagh Nuadhat in 1914. Bhí comh-ua leobhtha, Énrí, ina shagart fosta, agus chaith sé seal fada i nDún Dealgan; foirm eile den tsloinneadh, i nGaedhilg agus i mBéarla, a chleacht an chraobh sin den teaghlach: Ó Tuathghaill (Tohill).

Pioctúir leis an Ollamh Ailbhe Ó Corráin. Scríobhtha ar chúl an phioctúra seo
tá na focla: "Ó mhuinntir na h-Árd Craoibhe, Samhradh 1918". Charles &
M---, Royal Avenue, Belfast a ghlac an pioctúir. Creidtear gur í an cailín beag
atá ina suidhe chun tosaigh, Meta Curran, aintín leis an Ollamh Ó Corráin.
(Tá an pioctúir seo foillsighthe fosta in Aedín Ní Choirbhin, Seanchas Clainne, lch 198;
deirtear annsin gur buaidhteoirí Fheis Bhéal Fearsaide atá ann, agus gurab í an
cailín is fuide ar dheis Colette Mullin — 1911 —
a phósfaí ar Aodh Ó Coirbhin in 1931.)
1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, Beathaisnéis 4, (1994)
lgh 163–4.
2. Gearóid Mac Giolla Domhnaigh, ‘Dónall Ó Tuathail: Sagart na Ráite,
1880–1922,’ An tUltach 71:12 (12/1994) lgh 8–14.
3. M Nic Eoin, ‘An t-Athair Domhnall,’ An tUltach 19:10 (1942) lch 4.
4. Liam Mac Reachtain, ‘An tAthair Domhnall Ó Tuathaill,’ An tUltach
30:1 (1/1953) lgh 3–4, 10; agus arís An tUltach 49:12 (12/1972) lgh
6–7.
5. Ciarán Ó Duibhín, ‘An Sagart Domhnall Ó Tuathail,’ Lá 4/12/1992 lch
3.
Pioctúirí eile:
• CS 855 (15/8/1914) lch 2—dhá phioctúir;
• Láimh-Leabhar Mhodha na Ráidhte, 2nd edition, 1925, frontispiece;
• Downpatrick Convent of Mercy Centenary Souvenir 1976, lch 32 (PRONI SCH
1262/8/7/1);
Glór Uladh, 1943, lch 65;
• Fionntán de Brún, Belfast and the Irish language, 2006, pioctúir 13;
an pioctúir céanna, Seán Mac Labhraí (eag.), An áit a n-ólann an t-uan an
bainne, 2008, lch 119; dáta an phioctúra 1916.
• Glenariffe Oisíns (Ballycastle 2006), lch 74: pioctúir de Dhomhnall Ó
Tuathail leis na páistí óga ó Ghleann Áirimh, c 1909.
Tuilleadh tagairtí do Dhomhnall Ó Tuathail
Séamus Ó Ceallaigh (1879–1954)
Rugadh Séamus Ó Ceallaigh in Sráid John, ar Bóthar na bhFál, Béal Fearsaide, ar 27 Deireadh Fómhair 1879, agus bhí sé ar thús an teaghlaigh. Ba ó Chondae Dhoire a athair agus a mháthair: Micheal Ó Ceallaigh (Micí Óg Mhicí Eoghain) as Baile na Scríne, agus Jane Bradley as Gleann Uidhlin. Le Gaedhilg a tógadh Micí Óg go rabh sé seacht mbliadhna de aois. Fuair Jane bás in 1893, agus phós Micí Óg Elizabeth Feeley. Bhásuigh Micí Óg in 1913, agus Elizabeth in 1937. Chuaidh Séamus ar Choláiste Mhaolmhaodhóg, chaith bliadhain amháin ar Choláiste na Ríona, agus d'imigh annsin go Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, áit ar bhain sé B.A. amach i 1902. Rinne sé amach a dhol le leigheas ansin, agus rinneadh doctúir de i 1909. Phós sé Máire Ní Fhéaráin in 1911. Bhí orthu mac, Cormac (1912–1996), agus nighean Mór (1915–1978). Bhí cleachtas doctúireachta aige i 53 Bóthar Ráth Garbh, agus ba sa teach seo a bhí an cruinniú ar Aoine Chéasta 1916 nuair a shínigh Eoin Mac Néill an t-ordú le stop a chur leis an Éirghe Amach. Chaith Séamas bliadhain ag stáidéar i Wien na hOstaire fá 1920, phill ar Bhaile Átha Cliath, agus chaith sé bliadhanta fada ina léachtóir le Liacht Ban i gColáiste Ollscoile BhÁC ina dhiaidh sin. |
![]() |
| Séamus Ó Ceallaigh Pioctúir: Gleanings from Ulster History (1994) lch xxxii |
Chuir Séamus suim go hóg sa cheanntar ina rabh a dhúchas — deisceart Dhoire agus tuaisceart Thír Eoghain — agus ins an stair agus ins an teangaidh a bhain leis. D'fhoghluim sé Gaedhilg Bhaile na Scríne ó bhean chéile a uncail — Róis Ní Mhuireadhaigh. Bhuanuigh sé canamhaint Bhaile na Scríne in dhá leabhar ar chuir sé Gaedhilg orthu don Ghúm: Lucht Picí agus Sleagh (Keightly) agus An Fáidh Dubh (Carleton).
Agus bhí Gaeltacht eile in Oirthear Uladh a rabh Séamus eolach uirthi — Ó Méith. D'fhoillsigh sé beagán seanchais ó Neillidh Pheadair Dhuibh Ní Annluain. Ba é a thug sé Aindrias Ó Marcaigh, cainnteoir dúthchais as deisceart Árd Mhacha, go Baile Átha Cliath go labradh an teangeoluidhe Sommerfelt leis. Bhunuigh Sommerfelt a chunntas ar Ghaeilg Árd Mhacha ar an chomhrádh sin a bhí acu.
Bhí Connradh na Gaedhilge fá lán-tseol le linn óige Shéamuis, agus scríobhadh sé píosaí don Claidheamh Soluis. Scríobhadh sé fán cheol, fá chúrsaí reatha, fá ghluaiseacht na Gaedhilge, ach bhí suim as cuimse aige in ainmneacha, eadar ainmneacha daoine agus ainmneacha áite. Scríobh sé alt fada ar "Irish Christian Names" ar Irisleabhar na Gaedhilge i 1901.
I réimse na logainmneacha a ba mhó a bhí suim aige, ó fuair sé leabharthaí P.W. Joyce mar dhuais agus é ar scoil. I measc ar scríobh sé, bhí altanna "Some Place-Names in Co. Tyrone" 1934, "Notes on Place-Names in Derry and Tyrone" 1946, "Old Lights on Place-Names: New Lights on Maps" 1950. "The Northern Boundary of the Archdiocese of Armagh", 1954; agus bhí sraith alt aige ar na chéad uimhreacha den Bulletin of the Ulster Place-Name Society. Tá na scríbhinní seo breac-lán le poinntí luachmhara eolais.
Bhí alt uaidh ar an chéad uimhir de chuid mór tréimhseachán: Béaloideas (1928), Celtica (1946), Bulletin of the Ulster Place-Name Society (1952), Seanchas Ardmhacha (1954). Scríobhfadh sé nótaí eolais chuig daoine eile mar Laoide, Ó Muirgheasa, Torna, agus d'fhoillsigheadh siadsan na nótaí sin in a gcuid leabharthaí féin. Tá a chraobh ginealaighe ar lch 466 de Dhá Chéad de Cheoltaí Uladh; ba de shliocht Eoghain Mhóir Uí Cheallaigh é.
Ba é an magnum opus aige, Gleanings from Ulster History, cunntas ar chuid de stair dhúthchasach Uladh roimh an phlándáil, a foillsigheadh in 1951, agus ar cuireadh athchló air le Cumann Staire Bhaile na Scríne in 1994, agus tuilleadh nótaí ann le Nollaig Ó Muraíle agus le Niamh Whitfield, ua le Séamus.
Fuair Séamas bás ar 22 Eanáir 1954 agus tá sé curtha in Dean's Grange.
Tuilleadh eolais annseo.
1. Niamh Whitfield: "My Grandfather, Dr Séamus Ó Ceallaigh (1879–1954)" in
Gleanings from Ulster History (1994), lgh iii–xxx
2. Nollaig Ó Muraíle: "Séamus Ó Ceallaigh — a personal memoir" in Gleanings
from Ulster History (1994), lgh 130–3
3. Tomás Ó Fiaich: "Obituary — An Dr Séamus Ua Ceallaigh" in University
Review 1/2 (Autumn 1954), lgh 62–4; id., "In Memoriam — Séamus Ó Ceallaigh
(1879–1954)" in Onoma 5/1 (1954), lgh 126–7; Eoghanach: "Obituary" in
Seanchas Ardmhacha 1/2 (1955), lgh 211–4; Fear Aduaidh: "An Dochtúir
Séamus Ó Ceallaigh" in An tUltach 31/3 (Márta 1954), lch 10; É Ó D: "An
Dr. Séamus Ó Ceallaigh" in An tUltach 31/5 (Bealtaine 1954), lch 9;
anon.: "Notes and News" in BUPNS 2/1 (Spring 1954), lch 1.
4. Ciarán Ó Duibhín: "An Dr Séamus Ó Ceallaigh" in Irisleabhar Uí
Fhiaich (1994), lgh 37–52.
5. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú: Beathaisnéis a hAon
1882–1982 (1986), lgh 57–9.
Robert Fullerton, sagart (1879–1938)
![]() |
Ba as Lios na Muc in aice le Machaire Ratha i gCo Dhoire é, mac le Patrick Fullerton agus Anne O'Neil. Baisteadh é ar 15 Márta 1879. Bhásuigh an t-athair ar 7 Deireadh Foghmhair 1912, tráth a bhí Roibeard ina shagart i bparóiste Naomh Pól i mBéal Fearsaide. Bhí sé gníomhach i gcúrsaí Gaedhilge i mBéal Fearsaide agus i gCo an Dúin le bliadhanta beaga roimhe sin, agus theagasc sé i gColáiste Bhríghde, Ó Méith, sa chéad bhliadhain den choláiste sin, 1912, agus bheireadh sé léachtanna ar stair na hÉireann i mBéal Fearsaide fosta. In éineacht leis an tSagart Ó Brolchain, chuidigh sé le Coláiste Ros Glas a choinneáil ag dhul, i ndiaidh bás an tSagairt Uí Thuathail. Bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Staire an Dúin agus Chonaire ó bunuigheadh é ar 7 Meitheamh 1926 go dtí go bhfuair sé féin bás go tobann ar 31 Eanáir 1938. Bhí sé i gceannas ar pharóiste Naomh Eoin i mBéal Fearsaide san am sin. 1. Irish News 9/10/1912 lgh 1, 8. |
|
| An Sagart Robert Fullerton Pioctúir: Catholic Bulletin (1911) lch 351 |
Con 'ac a' Ghirr, sagart (1862–1925)
Ba as Clea, an Chéididh, Co Árd Mhacha, do Chon 'ac a' Ghirr (Short nó Shortt), mac le Cornelius Shortt agus Catherine Mone. Rinneadh sagart dó i nDún Dealgan in 1888. Bhí deartháir mór leis, Eugene, ina shagart fosta. Chaith sé tamall in Darver (1887–93), Togher (1893–99), agus Dromainn Toighe (1899–1904), áit a rabh sé le linn Shluagh-thaifead 1901. Bhí sé mar shagart ar an Charraig Mhóir, Co Thír Eoghain, sna bliadhanta 1904–18, agus le linn an ama sin chruinnigh sé scéalta agus seanchainnt i nGaedhilg óna seandaoine. Scríobhadh sé síos iad i gcóras fogharscríbhinne dá dheántús féin. Cuireadh cuid den ádhbhar seo i gcló san Ulster Herald, agus chuir Lorcán Ó Muireadhaigh deis ar a thuilleadh de agus d'fhoillsigh é sna chéad bhliadhanta de An tUltach. Chuir Éamonn Ó Tuathail ádhbhar dá chuid i gcló in Sgéalta Mhuintir Luinigh, agus chuir ua le deirfiúr an tsagairt, Seán 'ac Airt (nó JB Arthurs), cló ar chuid de fosta. Tá focla ó Thír Eoghain uaidh i bhFoclóir Béarla–Gaedhilge O'Neill–Lane. Bhí sé ina shagart paróiste ar Ballymore & Mullaghbrack (ina bhfuil Poyntzpass, Tandragee agus Markethill) ó 1918, go bhfuair sé bás i dTandragee ar 22 Eanair 1925. Tá sé curtha ar an Chéididh. |
![]() |
| Con 'ac a' Ghirr Pioctúir: St Joseph's Church lch 48 |
1. Michael Anderson, St Joseph's Church Poyntzpass, its Parish Priests
and Curates 1788–1996 (1996), lgh 47–9.
2. Éamonn Ó Tuathail, Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933), lgh vi,
xlix–l.
3. Seán Mac Airt, "Tyrone folktales", Béaloideas 19 (1949), lgh
29–72.
4. Seán Mac Airt, "Sgéaltaí ó Thír Eoghain", Béaloideas 20 (1950), lgh
3–48.
5. John B Arthurs, "A Tyrone miscellany", Ulster Folklife 3 (1957), lgh
42–6.
6. An tUltach, i measc eile: 2:3:7–8; 2:4:8; 2:5:7; 2:6:7; 2:8:12;
3:3:7; 3:5:6–7; 3:8:8; 3:9:7; 3:12:5.
7. A J Hughes, "A phonetic glossary of Tyrone Irish", Zeitschrift für
celtische Philologie 46 (1994), lgh 119–63.
8. T O'Neill Lane, Larger English–Irish Dictionary (1918), lch viii.
9. Patrick J Campbell, The Carrickmore Tradition (1982)
10. Patrick Campbell, St Colmcille's Church Termonmagurk 1786–1989
(1989), lgh 39–40
Pioctúir:
• Anderson, lch 48
• Campbell, The Carrickmore Tradition; Campbell, St Colmcille's
Church, lch 40
Tuilleadh tagairtí do Chon 'ac a' Ghirr
Ba duine é de chlann mhac John Hannon, as ceanntar Bhéal Átha na Sluaighe, Co na Gaillimhe, agus Mary Hughes as Kilmorrey, i bparóiste Inse Caoin, Co Mhuineacháin. Bhí an t-athair san RIC, agus rugadh Seaghán Óg (nó Jack) i nDroim Caorthainn, Co Liatroma, ar 27 Eanáir 1867. Nuair a d'éirigh an t-athair as an RIC sna 1880í, tháinig siad a chomhnaí go Newry Street, Crois Mhig Fhlionn, in aice áit na máthara. Bhí siopa beag acu annsin, agus ba ghníomhairí iad ar shon Chomhlucht Olna Lios Bhéal Átha.
Rinne Jack beagán teagaisc, i mBéal Fearsaide, i mBaile Átha Cliath, agus i Síolach, ach d'éirigh sé as an obair sin de bhárr a shláinte agus chuaidh a dh'obair sa tsiopa, rud a thug faill dó bheith ag cainnt le bunadh na tíre. Scríobh sé síos ráidhtí Gaedhilge agus amhráin óna daoine seo, agus d'fhoillsigh sé iad. Bhain sé feidhm as córas foghraidheachta Uí Ghramhnaigh san obair seo. Scríobh sé fosta fá ainmneacha agus fá shloinntí na ndaoine. Bhaineadh sé úsáid as an litriú Ó hAnnainn agus Ó hAnnabháin, comh maith le Ó hAnnáin.
Fuair sé bás san otharlainn in Iubhair Chinn Trágha ar 27 Deireadh Foghmhair 1931, agus tá sé curtha i gCrois Mhig Fhlionn. Níos phós sé. I ndiaidh a bháis, chuaidh a chuid páipéar chuig Lorcán Ó Muireadhaigh. Ní rabh sé muinnteardha, dá bhfuil fhios againn, do mhúinteoir agus scoláire Gaedhilge eile i gCrois Mhig Fhlionn darbh ainm John Hannon (1890–1987), fear a rugadh in Ballygar, Co Ros Comáin.
1. Éamonn Ó Tuathail, A Fews song, Éigse 5 (1945–47) 164–8
2. Brief biographical note on John Hannon by Mary Cassidy, Crossmaglen
(unpublished)
3. Taifid phoiblí
Tuilleadh tagairtí do Sheán Ó hAnnáin
A skeletal bibliography of Seaghán Ó hAnnáin (1867–1931):
Gaedhlig an Fheadha (manuscript, with O'Growney phonetics); 1899,
unpublished
Nach fada an lá, IG 10:109 (9/1899) 12–3
A charaid dhílis, IG 10:110 (10/1899) 27–8
Caoineadh an Athar Éamonn Mhac Mhathghamhna, IG 10:112 (12/1899)
59–60
Irish personal names (Oirghialla), IG 10:119 (8/1900) 565–7
Dán deireannach Chathail Bhuidhe, IG 14:177 (6/1905) 809–10
Ráidhteachas an Fheadha 1-43, An tUltach 5:2 (3/1928) 3
Lorcán Ó Muireadhaigh, Casadh cam na Feadarnaighe, An tUltach 5:2
(3/1928) 6
Casadh an tsúgáin, An tUltach 5:2 (3/1928) 7
Ráidhteachas an Fheadha 44-100, An tUltach 5:4 (5/1928) 6–7
Bainfheis na Tuama, An tUltach 5:5 (6/1928) 3
Ráidhteachas an Fheadha 101-145, An tUltach 5:5 (6/1928) 6–7
Ráidhteachas an Fheadha 146-148, An tUltach 5:6 (7/1928) 7
Ráidhteachas an Fheadha 149-198, An tUltach 5:8 (9-10/1928) 3
Ráidhteachas an Fheadha 199-229, An tUltach 5:10–11 (12/1928) 12
Coileach na Séad, An tUltach 5:10–11 (12/1928) 16
Ráidhteachas an Fheadha 230-249, An tUltach 6:1 (1–3?/1929) 3
Cúirt Thulaigh-Álainn, An tUltach 6:1 (1–3?/1929) 3
Bolg na mBreug, An tUltach 6:1 (1–3?/1929) 4
Ó Coinneacháin sgrios, An tUltach 6:2 (4/1929) 4
Cha agus chan in Oirghialla and Meath, An tUltach 6:3 (6/1929) 7
Ráidhteachas an Fheadha: An Phléideáil, An tUltach 6:4 (8/1929) 5
Meudhbha bheag agus Mághnus buidhe, An tUltach 6:6 (12/1929) 3
Ráidhteachas an Fheadha 250-266, An tUltach 6:6 (12/1929) 15
Ráidhteachas an Fheadha 272-289 agus Bean an Fhir Ruaidh, An
tUltach 7:1 (2/1930) 7–8
Lorcán Ó Muireadhaigh, Hó! Ró! Do bhuig, a Shéaghain!, An tUltach 7:3
(4/1930) 3
Éamonn Ó Tuathail, Surnames of the parish of Upper Creggan (South
Armagh), Béaloideas 3 (1932) 401–8
Éamonn Ó Tuathail, Iomáin Eanas Caoin, Éigse 2 (1940) 84–7
Éamonn Ó Tuathail, A Fews song, Éigse 5 (1945–47) 164–8